Feasacht teanga a chothú sa rang ábhair
Feasacht teanga a chothú sa rang ábhair
Ar líne11 Deireadh Fómhair ag 19.00 ar Zoom
Aoichainteoir: Christine Ní Chathasaigh, Gaecholáiste Luimnigh
Dírithe ar: Múinteoirí agus Príomhoidí Iar-bhunleibhéil
Tabharfar spléachadh ar thábhacht na feasachta teanga sa rang ábhair ag leibhéal na hiar-bhunscoile sa cheardlann seo. Breathnófar lena linn ar ghnéithe den dea-chleachtas agus cuir chuige éagsúla a chuireann béim chomhuaineach ar ábhar agus ar theanga an ranga. Beidh an cheardlann phraiticiúil seo úsáideach do mhúinteoir ar bith atá ag múineadh ábhar ar bith trí mheán na Gaeilge.
Is múinteoir Eacnamaíochta Baile agus Gaeilge í Christine i nGaelcholáiste Luimnigh. Tá seacht mbliana de thaithí aici sa rang ábhair lán-Ghaeilge. Bhain sí an B.Oid san Eacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge amach sa bhliain 2013, chomh maith leis an M. Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta in 2020. Tá spéis faoi leith aici i gcomhtháthú an ábhair agus na teanga agus in ullmhúchán agus oideachas múinteoirí i gcomhthéacs an tumoideachais. Tá sí ag feidhmiú mar chomhordaitheoir ar an TTA, an Teastas Iarchéime i dTeagasc Ábharbhunaithe i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Chomh maith leis sin, is comhlach í leis an bhfoireann Eacnamaíocht Bhaile, An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí.
Tuilleadh eolais anseo