Clubanna Óige trí Ghaeilge
Is eagraíocht é Cumann na bhFiann a eagraíonn clubanna óige go seachtainiúil/coicísiúil ar fud na tíre. Tá breis is 60 ionad Cumann na bhFiann timpeall na tíre. Is ceanneagraíocht í Cumann na bhFiann le dualgas ar ‘Forbairt Deiseanna Úsáide Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga’
Oibríonn Fóram na nÓg ar leas na gclubanna óige Gaeilge, idir na hoibrithe agus na daoine óga féin. Tá sé mar phríomhchuspóir ag an Fhóram na clubanna seo a láidriú agus a fhorbairt.
Bunaíodh Óige na Gaeltachta Teo sa bhliain 2006 chun seirbhísí a fhorbairt agus a chur chun cinn, trí mheán na Gaeilge, do dhaoine óga sa Ghaeltacht. Aithníodh an gá a bhí ann struchtúr d’aos óg na Gaeltachta a bhunú sna moltaí a rinneadh i dtuarascáil ar riachtanais óige na Gaeilge a foilsíodh sa bhliain 2003.
Eagraíonn Ógras clubanna óige go seachtainiúil ar bhonn uile Éireannach. Bíonn clubanna eagraithe acu ar siúl le linn na dtéarmaí scoile.
Is eagraíocht é Spleodar a eagraíonn clubanna óige go seachtainiúil/coicísiúil. Tá 17 gclub óige acu timpeall na tíre a bhíonn ar siúl go seachtainiúil ó Mheán Fómhair go Márta.
Is í aidhm an eagrais ná cuidiú le forbairt phearsanta agus sóisialta daoine óga trí imeachtaí a eagrú dóibh trí mheán na Gaeilge. Eagraíonn Feachtas clubanna , campaí Samhraidh , Comórtas Tráth na gCeist Feachtas ar fúd na hÉireann agus imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge, chun gréasáin shóisialta de Ghaeilgeoirí óga a spreagadh an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh de am scoile.
Bíonn clubanna Feachtas ar siúl gach seachtain tar éis am scoile i rith bliana na scoile.