Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Ceol
  • Amhrán i dteanga dhúchais na hIorua le bheith san Eoraifís
amhran-i-dteanga-dhuchais-na-hiorua-le-bheith-san-eoraifis

Amhrán i dteanga dhúchais na hIorua le bheith san Eoraifís

Cloisfidh breis agus dhá mhilliún duine an tSáimis, ceann de theangacha oifigiúla na hIorua, nuair a ghlacfaidh an banna ceoil KEiiNO páirt i gComórtas na  hEoraifíse in Tel Aviv i mí na Bealtaine.

 Is Sámach é rapálaí an bhanna, Fred Buljo as Guovdageaidnu i bhfíorthuaisceart na hIorua, agus beidh sé ag rapáil ina theanga dhúchais ar ardán na hEoraifíse in éineacht lena chomhcheoltóirí Alexandra Toran agus Tom Hugo Hermansen.  

Bhuaigh an triúr an comórtas náisiúnta amhránaíochta, an Melodi Grand Prix, níos túisce i mbliana lena n-amhrán dátheangach ‘Spirit in the Sky’. Amhrán faoin streachailt i gcomhair cearta sibhialta agus an chomhionannais atá ann ina measctar an Béarla agus an tSáimis. 

Tá meascán stíleanna  san amhrán freisin, an popcheol agus an joik, stíl thraidisiúnta amhránaíochta na Sámach. Tá an stíl seo amhránaíochta an-ársa ar fad agus cosúil, ar bhealaí, le cantaireacht a chloistear i measc na dtreibheanna dúchais i Meiriceá Thuaidh.  Labhraíonn tuairim is 20,000 duine an tSáimis i gceantar a shíneann thar an Iorua, an tSualainn agus an Fhionlainn. 

Cuireadh an t-amhrán chun cinn le ceiliúradh a dhéanamh ar ‘Bhliain na dTeangacha Dúchais’, feachtas atá ar siúl ag na Náisiúin Aontaithe  i mbliana.  Tá an UN ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh mhionteangacha ar fud an domhain, go mór mór iad sin atá faoi bhagairt leanúnach.  

Tháinig KEiiNO le chéile le cur isteach ar chomórtas na hEoraifíse i mbliana, ach tá Fred  ina  bhall de bhanna eile ceoil san Iorua,  Duolva Duottar,  banna bhfuil an-tóir orthu i  dtuaisceart Chríocha Lochlainn. Bíonn Duolva Duottar ag rapáil san Ioruais agus sa tSáimis. 

Bhí amhrán sa tSáimis san iomaíocht ag comórtas na hEoraifíse beagnach ceathracha bliain ó shin, nuair a chan Sverre Kjelsberg & Mattis Hætta ‘Sámiid ædnan’ san Ísiltír in 1980, an bhliain a bhuaigh Johnny Logan an comórtas le ‘What’s Another Year?’. 

Chuir The Black Sheeps an t-amhrán ‘Oro jaska beana’ chun cinn don chomórtas náisiúnta  san Iorua in 2008, ach níor éirigh leo dul ar aghaidh chuig Comórtas na hEoraifíse féin. 

Níor cuireadh ach an t-aon amhrán amháin as Gaeilge chun cinn don chomórtas go dtí seo- — ‘Eochair an Ghrá’. Chan Sandie Jones as Cromghlinn i mBaile Átha Cliath an t-amhrán Gaeilge in Usher Hall i nDún Éideann in 1972. Faraor, níor éirigh go rómhaith léi agus chríochnaigh sí sa 15ú háit, dhá bhliain i ndiaidh do Dana an chéad duais a thabhairt abhaile go hÉirinn.  

Ní raibh amhrán Gaeilge eile i bpríomhchomórtas na hEoraifíse ó shin, cé gur cuireadh roinnt amhráin Ghaeilge chun cinn ag an leibhéal náisiúnta i gcaitheamh na mblianta. 

Ar ndóigh, is i nGaeilge amháin a bhíonn na hamhráin ón tír seo a chuirtear ar aghaidh chuig Comórtas na nÓg, a bhíonn á chraoladh ar TG4.

Baineann conspóid ar leith le Comórtas na hEoraifíse 2019 mar gheall gur in Tel Aviv a bheidh an comórtas ar siúl. Maíonn lucht tacaíochta na Palaistíne gur cheart baghcat a dhéanamh ar an gcomórtas mar gheall ar an gcaoi a gcaitheann stát Iosrael le muintir na Palaistíne. 

Níos mó
NÓS | NÓS

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge