Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Ag ‘teip’ ar an tsraith pictiúr agus cúrsa Gaeilge nua na hArdteiste – tuarascáil NCCA
ag-‘teip’-ar-an-tsraith-pictiur-agus-cursa-gaeilge-nua-na-hardteiste-–-tuarascail-ncca

Ag ‘teip’ ar an tsraith pictiúr agus cúrsa Gaeilge nua na hArdteiste – tuarascáil NCCA

Tá ag teip ar an leagan amach nua ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste a tugadh isteach in 2012, de réir tuarascáil nua ón NCCA.

Bhí gleo mór faoin scrúdú leasaithe a tugadh isteach an bhliain sin agus go háirithe faoin gcinneadh go mbeadh 40% de na marcanna ag dul feasta don scrúdú cainte, athrú a mhaígh an tAire Oideachais ag an am Mary Hanafin a chuirfeadh ‘beocht’ sa teanga.

Ach i bhfianaise thaighde nuafhoilsithe a choimisiúnaigh Comhairle Náisiúnta Curaclaim is Measúnachta is beag difríocht in aon chor a rinne an cur chuige nua do chaighdeán Gaeilge daltaí Ardteiste.

Ní hamháin sin ach, deirtear sa tuarascáil, nach aon dúshlán an scrúdú cainte nua do scoláirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu cheana féin agus gurb amhlaidh go bhféadfadh “tionchar diúltach amach is amach” a bheith ag an scrúdú céanna ar scoláirí atá lag ó thaobh na teanga.

In ainneoin gurbh í an phríomhaidhm a bhí leis an athrú béim níos mó a chur ar labhairt na Gaeilge agus ar an teanga ‘mar áis chumarsáide’, is amhlaidh gurbh é an toradh a bhí air ná gur lú comhrá a dhéantar ag an scrúdú cainte anois agus gur teoranta go mór an comhrá sin seachas mar a bhíodh.

Maítear sa taighde a rinneadh mar chuid d’athbhreithniú atá ar siúl ag an Roinn Oideachais go bhfuil baint mhór ag creimeadh an chomhrá sa scrúdú cainte leis an méid ama a chaitear leis an tsraith pictiúr, sa seomra ranga agus ag an scrúdú cainte féin.

Is é atá sa tsraith pictiúr an tástáil a chuirtear ar dhaltaí trí iarraidh orthu cur síos a dhéanamh ar a bhfuil ag tarlú i sraith íomhánna a roghnaítear as cnuasach sraitheanna a chuireann an Roinn Oideachais ar fáil do na scoileanna.

Caitheann na taighdeoirí amhras mór chomh maith ar an tsraith pictiúr féin mar uirlis chun feabhas a chur ar chaighdeán labhartha na Gaeilge i measc na ndaltaí, príomhaidhm an chúrsa leasaithe a tugadh isteach in 2012.

Deirtear sa tuarascáil a rinne an NCCA don Roinn Oideachais “nach bhfuil an modh measúnaithe atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis an tsraith pictiúr ag cur feabhas suntasach ar scileanna cumarsáide ná ar líofacht na scoláirí”.

Mar chuid den taighde rinneadh compáráid idir scrúdú Ardteiste Gaeilge 1,000 dalta as 20 scoil in 2011, an bhliain deiridh den seansiollabas, agus saothar 1,000 dalta as an 20 scoil chéanna a rinne an scrúdú nua Gaeilge in 2015.

Léiríonn torthaí an taighde sin chomh maith gur in olcas a chuaigh scoláirí i scoileanna Béarla ó taobh chruinneas na Gaeilge ó tugadh an siollabas nua isteach. Deirtear gur tharla sin in ainneoin go mbíonn ar leith faoi chúrsai gramadaí le freagairt anois ar an bpáipéar scríofa.

“Mar sin féin, is léir nach raibh aon tionchar dearfach ag an riachtanas seo… [ar] chumas scoláirí i scoileanna ina ndéantar an teagasc trí mheán an Bhéarla bunrialacha Ghramadach na Gaeilge a fheidhmiú,” a deirtear i Tionchar na Leasuithe ar Bhéaltriail na Gaeilge ag Leibhéal na hArdteistiméireachta.

Deirtear leis gur léir “nach bhfreastalaíonn an bhéaltriail chomónta ar riachtanais na scoláirí ar fad a dhéanann Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal”.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil roinnt ceisteanna tábhachtacha le cur faoi scrúdú Gaeilge na hArdteiste i bhfianaise an taighde, ina measc an chaoi a gcuireann an tsraith pictiúr isteach ar an am atá ar fáil don chomhrá sa scrúdú cainte. Tugtar le fios chomh maith gur bhotún a bhí ann nár cuireadh aon am breise leis an scrúdú cainte cé gur cuireadh míreanna breise leis. Ba cheart freisin, a deirtear, féachaint athuair ar an gcur chuige a fhágann gur scrúdú comónta atá sa bhéaltriail do scoláirí ag an Ardleibhéal agus ag an nGnáthleibhéal.

Sa bhliain 2007 a d’fhógair an t-iar-aire oideachais Mary Hanafin go raibh athruithe bunúsacha i ndán do shiollabas Gaeilge na hArdteiste agus ar leithdháileadh na marcanna sa scrúdú go háirithe. Cuireadh an t-athrú i láthair mar bheart a mbeadh tionchar réabhlóideach ar chumas labhartha Gaeilge daoine óga ar fhágaint na scoile dóibh.

Ba é an t-athrú is mó a bhí i gceist an t-ardú ar líon na marcanna don scrúdú cainte, ó 25% go dtí 40% agus an laghdú dá réir ar ghné na litríochta, na scríbhneoireachta agus na cluastuisceana den scrúdú.

Ó tharla go rabhthas ag éileamh le fada go gcuirfí béim níos mó ar an nGaeilge labhartha i scoileanna na tíre, chuir mórán fáilte roimh na leasuithe.

Ach thug saineolaithe áirithe rabhadh gurbh é an teip a bhí i ndán don chur chuige nua agus go ndéanfadh sé dochar do chainteoirí maithe Gaeilge agus do chaighdeán na Gaeilge trí chéile.

Tháinig na hathruithe i bhfeidhm i scrúdú na bliana 2012.

Tá an tuarascáil taighde Tionchar na Leasuithe ar Bhéaltriail na Gaeilge ag Leibhéal na hArdteistiméireachta mar chuid d’athbhreithniú ar an siollabas nua don Ghaeilge a tugadh isteach in 2012.

Cé gur gealladh in 2010  go ndéanfaí an t-athbhreithniú sin tar éis cúpla bliain den chúrsa nua is é an taighde seo an t-aon fhéachaint atá ar fáil go n-uige seo ar athbhreithniú sin na Roinne Oideachais.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge