Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Agus anois? An tsáinn pholaitiúil i ndiaidh shochraid Lyra McKee…
agus-anois?-an-tsainn-pholaitiuil-i-ndiaidh-shochraid-lyra-mckee…

Agus anois? An tsáinn pholaitiúil i ndiaidh shochraid Lyra McKee…

D’fhreagair rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine an glaoch. Níor cheart go dtógfadh sé bás mná 29 bliain d’aois le go dtabharfadh polaiteoirí faoi fhuascailt na sáinne in Stormont, a dúradh leo ar shochraid an iriseora Lyra McKee i mBéal Feirste Dé Céadaoin seo caite. Faoin Aoine bhí an Tánaiste Simon Coveney agus Státrúnaí Thuaisceart Éireann, urraithe Chomhaontú Aoine an Chéasta, ag cur ceann le próiseas nua agus iad sa tóir ar réiteach.

Seans go bhfuil siad dóchasach gan a bheith ródhearfach. D’admhaigh an dá phríomhpháirtí go raibh práinn le fuascailt na faidhbe ach bhí a oideas féin ag ’chaon pháirtí mar leigheas. Filleadh ar Stormont gan na deacrachtaí a phlé ach cainteanna réitigh comhuaineacha a bheith ar siúl a mhol an DUP, cúrsa a fuair an t-eiteachas beagnach dhá bhliain ó shin. Sainiú ar na hábhair easaontais go léir maille le freagraí ón dá rialtas a mhol Sinn Féin.

Caithfear na bealaí imeachta ar fad a scrúdú sna seachtainí romhainn féachaint an bhfuil na páirtithe logánta inniúil ar an gcúram. Beifear ag meabhrú dóibh go seasta na briathra a chualathas ón altóir in Ardeaglais Naomh Anna, ‘postanna, oideachas agus deiseanna atá de dhíth ar dhaoine óga – punt ina nglaic agus ní gunna’.

Tá sé sin fíor sna ceantair dhílseacha i mBéal Feirste, Bóthar na Seanchille nó Bóthar Bhaile Nua na hArda, díreach mar atá i measc náisiúnaithe ar an gCreagán nó i dTaobh an Bhogaigh i nDoire. Léiríodh go minic cheana nár leor an feidhmeannas a bheith ag feidhmiú chun stop a chur le foréigean na n-easaontóirí ná coiriúlacht na ndílseoirí ach is cinnte go gcoinneodh ‘díbhinn na síochána’ go leor daoine óga slán ó chrúba na bparaimíleatach. Ba mhaith an oidhreacht ar Lyra McKee é sin.

Is ait mar a bhíonn tionchar ag uafáis áirithe thairis cinn eile. Thuill marú Lyra McKee i nDoire oíche Dhéardaoin Naofa cáineadh idirnáisiúnta agus go leor cainte faoin ngá deireadh a chur láithreach le foréigean na n-easaontóirí poblachtacha agus leis an bhfolús polaitiúil in Stormont.

Barbarthacht ab ea an t-ionsaí gan chéill a rinne an tIRA Nua le linn círéibe i nDoire. Theastaigh uathu póilín a mharú ach i bhfírinne d’fhéadfadh éinne a bheith buailte acu, comharsa, páistí na gcomharsan, póilíní nó iriseoirí. Mharaigh siad iriseoir a bhí i mbláth a maitheasa agus í ag tuilleamh cáil idirnáisiúnta mar údar.

Tá a fhios freisin go raibh taithí ag Lyra agus a cairde ar fheachtasaíocht. Bhí siad gníomhach san stocaireacht ó dheas chun an tOchtú Leasú a chur ar neamhní agus is fada iad ag éileamh cearta abhus. Bhí na cairde sin gníomhach tar éis mharú a gcara agus tá rún acu treisiú ar fheachtas síochána. Coinneoidh siad brú ar pholaiteoirí gan dabht, ach ar pharaimíleataigh? An mbeifear in ann uchtach a thabhairt do dhaoine i gceantair bhochta go mbeidh siad sábháilte má thugann siad faisnéis do na húdaráis faoi dhreamanna atá ag imirt ansmacht ar an bpobal?

Ní fada ó bhí an colún seo ag tarraingt aird ar mharú eile, ionsaí brúidiúil a rinneadh ar an tsráid faoi sholas an lae in oirthear Bhéal Feirste, eachtra nár thuill ceannlínte idirnáisiúnta ná cuairt ó cheannairí stáit. Ar dhream a bhí bainteach leis an UVF, na paraimíleataigh dhílseacha a cuireadh an milleán as Ian Ogle a shá aon uair déag agus é a bhatráil chun báis in aice lena theach cónaithe i bPlás Chluana in íochtar Bhóthar Bhaile Nua na hArda.

Ag an am sin nuair a bhailigh slua suas le 2,000 mar agóid, chreid iníon an fhir mhairbh, Toni Johnson Ogle, go n-éireodh an pobal in oirthear Bhéal Feirste amach in aghaidh thíorántacht an UVF. Tá duine cúisithe as an dúnmharú agus an cás sub judice anois. Dúirt an PSNI ag deireadh na míosa seo caite go raibh feabhas ar an gcomhoibriú leis na póilíní in oirthear Bhéal Feirste ó shin ach neosfaidh an aimsir an mbeifear in ann dóthain fianaise a sholáthar le go gciontófar daoine in oirthear Bhéal Feirste nó ar an gCreagán i nDoire.

Ardaíodh an cheist faoin difríocht i bhfreagairt an phobail do mharú Lyra McKee agus marú Ian Ogle. Rinne corrdhuine cáineadh ar an Athair Magill faoina cháineadh ar na ceannairí Arlene Foster agus Mary Lou McDonald ag a leithéid de shearmanas. Tharraing sé sin aird an tráchtaire Gerry Lynch ar an suíomh idirlín Slugger O’Toole a thagair don chodarsnacht i bhfreagraí an phobail do mharú Lyra agus do mharú Ian Ogle. Mhaígh sé go raibh dúshlán an Athar Magill easnamhach mar go gcaithfear a dhul i ngleic le hiompar na ndílseoirí chomh maith le hiompar na n-easaontóirí poblachtacha.

Chomh maith le coiriúlacht, imríonn dílseoirí tionchar polaitiúil, dar leis.

Chuir siadsan agus an tOrd Oráisteach brú ar an DUP anuraidh diúltú don mhargadh le Sinn Féin a bhí ionann is déanta mar go raibh Acht Gaeilge do-ghlactha acu. Níl aon tionchar polaitiúil ag na heasaontóirí poblachtacha.

Is ar an bhforéigean a iompaíonn siadsan chun iarracht a dhéanamh an pholaitíocht a chur dá treoir. Tá gá le cur chuige láidir stuama ó thaobh na polaitíochta agus na slándála. Ní ribín réidh é.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Póilín Ní Chiaráin

Póilín Ní Chiaráin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge