Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Anois
  • Anois an t-am le hathaontú na tíre a phlé go sonrach

Anois an t-am le hathaontú na tíre a phlé go sonrach

Eoin Ó Murchú

Murach Breatimeacht b’fhéidir nach mbeadh an oiread sin cainte faoi athaontú na hÉireann, ach tá an scéal ar an gclár cainte anois, cé gurbh éigean a pléadh aon sonraí faoin gcruth a bheas ar Éirinn athaontaithe nó a bhfuil le déanamh chun é a bhaint amach.

Tá dlús curtha leis an scéal, ámh, mar gheall ar phobalbhreith a rinneadh sa Bhreatain a thugann le fios nach bhfuil ach trian den phobal thall cinnte gur mhaith leo go bhfanfadh Tuaisceart na hÉireann sa Ríocht Aontaithe, is go bhfuil 55% ann ar mhaith leo go n-imeódh sé nó ar cuma leo ann nó as é.

Is é an eagráíocht ghairmiúil taighde, Ipsos MRBI, a rinneadh an suirbhé ar son King’s College London.

Is léir go bhfuil gá le tús a chur le díospóireacht cheart faoin scéal.

Cén Éire nua a bheas i gceist?

Céard iad na socraithe is gá a dhéanamh maidir le teanga, bratach, amhrán náisiúnta is siombailí eile?

Cén chaoi ar féidir cinnteacht a thabhairt don phobal Aontachtach go mbeidh meas orthu agus guth acu go fírinneach i gcúrsaí na tíre?

Mar a tharlaíon, tá roinnt de na pointí seo ardaithe ag Alex Kane, iar-oifigeach preasa don Pháirtí Aontachtach Uladh agus colúnaí leis an Newsletter.

12 cheist atá ag Kane: Cén t-amhrán náisiúnta? Cén bhratach? Céard a tharlóidh do Stormont? An mbeidh Tuaisceart nEireann ann taobh istigh den Éirinn aontaithe? Cén caidreamh a bheadh ann leis an Ríocht Aontaithe? Cén coras airgeadais? Cén teanga oifigiúil? Cá mbeidh an phríomhchathair? Cá mbeidh an staidiam náisiúnta? Cén chaoi a n-eagrófar póilíneacht? Cad a bheadh ar an bpáipéar ballóide?

I ndáiríre, tá chuile rud le plé nuair a ghlacfar le hathaontú i bprionsabal, ach mar chuid den díospoireacht riachtanach roimh vótáil is ceart na roghanna a phlé is a chur in eagar.

Sa chómhthéacs seo tá sé ceart go mbeifí tuisceanach ar leochaileacht an phobail a bhfuil dearcadh Aontachtach acu faoi láthair.

Ach is ceart freisin – rud a ndéantar dearmad air go rialta – a bheith tuisceanach ar leochaileacht na Náisiúntóirí thuaidh agus theas freisin.

Cibé saoirse atá ag Éirinn tá sí ann mar gheall ar an troid a rinneadh in aghaidh Shasana, agus ní cóir riamh beag a dhéanamh den troid sin nó laochas na ndaoine sin a ligint i ndearmad.

Mar an gcéanna, céard is fiú neamhspleáchas mura mbeidh áit thábhachtach ag an nGaeilge sa phoblacht nua a thiocfaidh?

Cinnte, ní ceart labhairt na Gaeilge a bhrú ar éinne ó thuaidh, ach caithfidh aitheantas a bheith ann don teanga ar fud na tíre agus córas riaracháin is eile eagraithe sa gcaoi go mbeidh lucht na Gaeilge in ann a saol a chaitheamh ina dteanga féin.

Gan dabht, beidh daoine atá naimhdeach don Ghaeilge cheana féin ag iarraidh leas a bhaint as faitíos Aontachtóirí faoin teanga chun a ndímheas fein uirthi a chur chun cinn.

Ní dóigh liom ach an oiread go mbeidh mórán easaontais faoi Bhaile Átha Cliath a bheith mar phríomhchathair, ach is féidir plé a dhéanamh faoi chóras feidearálach, nó na Sé Chontae a choinneáil (faoi Acht Cearta) agus cumhachtaí dílárnaithe ann. 

Seans go mbeadh rud mar sin ag teastáil ar aon chuma mar gheall ar dhifríochtaí idir córais oideachais, dlí agus eile, go háirithe toisc nach raibh an seans céanna ag daoine ó thuaidh an Ghaeilge a bheith acu.

Thagair Gerry Adams don fhéidearacht seo nuair a bhí sé fós ina Uachtarán ar Shinn Féin, ach cinnte beidh Acht Cearta ag teastáil le cearta an mhionlaigh a chosaint.

Maidir le póilíneacht, d’fhéadfadh seirbhís faoi leith a bheith ann ó thuaidh, ach é ceangailte ó thaobh oiliúna, cigireachta agus maoinithe leis an nGarda Síochána – ach le coistí póilíneachta a mbeidh guth láidir ag daoine ón taobh amuigh den choras póilíneachta ar fhéidhmiú na seirbhíse.

Ó thaobh shiombailí an stáit nua de, níl aon dochar le hamhrán náisiúnta nua – a fhad is nach Ireland’s Call é – ach ní ceart go mbeifear ag tabhairt dímheas ar bith ar an amhrán reatha.

Ó thaobh na brataí, is siombail í cheana den aontas is den tsíocháin idir an dá thraidisiún, Glas is Buí, ach má tá míshuaimhneas ann is féidir filleadh, b’fhéidir, ar an mbratach a chuir Preispitéirigh 1798 in airde: an chruit bhuí ar an gcúlra glas.

Agus cad faoin gcaidreamh le Sasana, nó leis an mBreatain ar fad?

Tá dóchas agam go mbeidh Protastúnaigh an Tuaiscirt níos dílse dóibh féin ná d’eachtrannaigh ar bith, ach is cóir dea-caidreamh a bheith ann más féidir, cé nach mbeidh gá dá laghad le dul isteach sa Chomhlathas sin ar buanchuimhne é d’ainriail na Sasanach ar an tír seo.

Faoi láthair, tá muid ag caint go ginearálta, ach le dul chun cinn a dhéanamh tá gá le mionsonraí a phlé is a chinntiú freisin.

Go háirithe nuair a léiríonn na figiúirí daonairimh gur dócha nach mbeidh móramh sna Sé Chonta ar son fanacht sa Ríocht Aontaithe ar aon chuma taobh istigh de 20 bliain, nó mar sin.

Tosaímis ar dhíospóireacht shibhialta anois agus is fearrde muid é.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge