Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • ‘Ceacht costasach’ – deireadh oifigiúil curtha le bóthar nua Chonamara Theas
ceacht-costasach-deireadh-oifigiuil-curtha-le-bothar-nua-chonamara-theas

‘Ceacht costasach’ – deireadh oifigiúil curtha le bóthar nua Chonamara Theas

Cuireadh na roghanna a bhí ann do bhóthar nua dheisceart Chonamara de dhroim seoil go hoifigiúil inné.  

Fógraíodh go raibh na cúrsaí a bhí ceaptha amach mar roghanna don bhóthar curtha go leataobh uilig anois. Dheimhnigh stiúrthóir sinsearach de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Michael Timmins, freisin nach gcuirfeadh na cúrsaí a bhí leagtha amach don bhóthar isteach ná amach feasta ar na meastacháin a dhéanfaí ar iarratais ar chead pleanála. 

Fágann sin nach bhfuil plean ar bith ann anois le haghaidh bóthar nua as Gaillimh go Scríb agus ní bheidh, a deir an tUasal Timmins, nó go mbeidh sé soiléir go bhfuil cead pleanála ar fáil don bhóthar nua timpeall ar chathair na Gaillimhe.

Fáilteoidh daoine a bhí ag iarraidh tithe nua a thógáil i gCois Fharraige agus níos faide soir i dtreo na Gaillimhe roimh an eolas faoin bpleanáil. Bhí go leor gearán, i gceantar Chois Fharraige go háirithe, faoin stop a bhí curtha le cuid mhaith iarratas ar chead pleanála de bharr an méid talún a bhí curtha ar leataobh do chúrsaí éagsúla an bhóthair nua. Ní hé amháin go raibh leithead an bhóthair curtha san áireamh ach bhí réimsí talún ar chaon taobh de chuile chúrsa acu gearrtha amach as aon fhorbairt eile. 

D’fhágfadh sin go raibh stráice leathan talún – i gCois Fharraige mar shampla amháin – a bhí as an áireamh uilig le haghaidh tithe nua agus forbairtí eile. 

Tá cuid mhaith de dheich mbliana caite ag plé ceist an bhóthair agus dúirt an Stiúrthóir, Michael Timmins go raibh ag bordáil ar €3 milliún caite ag íoc comhairleoirí innealtóireachta.

Níl toradh ar bith ar an gcaiteachas sin anois.

Tharraing fógra an Stiúrthóra roinnt cnáimhseála i measc na gComhairleoirí. Dúirt Eileen Mannion, Fine Gael, go léiríonn an deireadh atá ag scéal bhóthar nua Chonamara Theas go gcaithfidh comhairleoirí a bheith cúramach agus iad ag glacadh cinnidh. 

“Tá náire orm nach bhfuil buachtáil dá laghad ar an gcomhairliúchán agus ar an díospóireacht agus ar an gcaiteachas tar éis deich mbliana,” a dúirt an Comhairleoir Mannion.

Dúirt an Comhairleoir Thomas Welby gur cheart go mbeadh ciall cheannaithe ag comhairleoirí tar éis a raibh tarlaithe sa gcás seo. “Bhí tacaíocht ann don chúrsa ‘donn’ agus ba cheart go mbeadh a fhios ag na comhairleoirí nach n-éireodh leis sin go brách,” arsa Thomas Welby. 

Ba é cúrsa an tsléibhe an ‘cúrsa donn’. Bhí an cúrsa seo amach ó thuaidh den Spidéal agus de Chois Fharraige ar imeall an tsléibhe. Ba é an cúrsa ab fhearr leis an bpobal agus vótáil tromlach láidir de chomhairleoirí Chonamara ar a shon. Ach bhí na comhairleoirí innealtóireachta den bharúil nach n-éireodh leis go deo sa gcóras pleanála mar go raibh sé istigh i dtalamh caomhnaithe.

“Níor vótáil mise ar son an chúrsa dhoinn mar go raibh a fhios agam go maith nach n-éireodh leis. Is dóigh go raibh comhairleoirí eile a cheapadh go rabhadar ag sásamh an phobail leis an vóta sin ach ní shin bealach ceart le dhul i mbun dualgas na Comhairle Contae. Tá ceacht costasach faighte againn anois,” arsa an Comhairleoir Welby.

Ní maith a thaitin an chaint seo óna chomharsa in Uachtar Ard leis an gComhairleoir de chuid Fhianna Fáil, Séamus Breathnach.  

“Cuimhnigh gurb iad na comhairleoirí innealtóireachta a chuir an cúrsa donn [cúrsa an tsléibhe] ar an léarscáil agus d’iarr daoine orainne ag cruinnithe poiblí tacú leis an gcúrsa donn. Bhíothas ag iarraidh an cheist a chur go snaidhm i rópa agus brú a chur i bhfabhar an chúrsa dhoinn.   

“Ar aon nós, ní de bharr aon vóta a bhain leis an gcúrsa donn a buaileadh an bóthar sa mullach. Tá a fhios againn sa deireadh go mbaineann cinntí mar seo leis na bainisteoirí sa gComhairle Contae agus leis an gcóras bóithre náisiúnta,” a dúirt Séamus Breathnach.

Dúirt an comhairleoir neamhspleách Seosamh Ó Cualáin nach raibh aon chiall ach an oiread le bheith ag cur ceist an bhóthair go leataobh anois. 

“Mura bhfuil plean ann do bhóthar nua Chonamara cén chaoi a mbeidh a fhios cén leagan amach atá le cur ar cheann thiar bhóthar nua na cathrach?” a d’fhiafraigh an Cualánach.

Dúirt an Comhairleoir Séamus Breathnach go bhféadfadh sé tarlú anois go mbeadh forbairtí in áiteacha a bhí i measc na roghanna cheana agus gur dheacra ná riamh a bheadh sé dá mbeadh moill ann ag déanamh socruithe faoi bhóthar nua i gConamara Theas.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Máirtín Ó Catháin

Máirtín Ó Catháin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge