Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Idirnáisiúnta
  • Deireadh leis an nuachtán The Irish Emigrant i mBoston – athrú saoil agus athrú sóisialta
<div-class="credit-tuairisc"></div>-deireadh-leis-an-nuachtan-the-irish-emigrant-i-mboston-–-athru-saoil-agus-athru-soisialta

Deireadh leis an nuachtán The Irish Emigrant i mBoston – athrú saoil agus athrú sóisialta

Ní fhoilseofar an nuachtán The Irish Emigrant i mBoston níos mó. Cuireadh amach an t-eagrán deireanach den ‘Emigrant’, mar a thugadh muintir na hÉireann air, an tseachtain seo.   

Bhí an nuachtán seo ar an bhfoilseachán ba mhó a thug seirbhís do phobal na hÉireann i mBoston ó bunaíodh é 32 bliain ó shin. Tuigtear nach raibh an nuachtán ag saothrú airgid le tamall agus go raibh an soláthar fógraí a bhí ar fáil ag laghdú as éadan le blianta beaga anuas.

Tá an t-athrú ar an gcaoi a bhfaigheann daoine scéalta agus nuacht anois ar cheann de na cúiseanna atá le díothú an Irish Emigrant. Ach, lena chois sin, insíonn imeacht an nuachtáin scéal eile agus sin laghdú agus lagan ar stádas an phobail Éireannaigh i gcathair Bhoston.

Bhí na mílte daoine óga as Éirinn i mBoston nuair a cuireadh tús leis an Irish Emigrant i 1987. Bhíodar tar éis teitheadh ón gcúlú uafásach eacnamaíochta sa tír seo san am sin. Fear Gaeltachta, Conal Ó Gallchobhair as Gaoth Dobhair, a bhí ina cheann feadhna ar an bpáipéar agus chuir pobal na hÉireann i mBoston san am fáilte mhór roimh an bhfoilseachán nua. Ní hé amháin go mbíodh nuacht faoi shaol na n-imirceach i mBoston agus ar fud Massachusetts sa nuachtán, bhíodh scéalta as Éirinn ar fáil ann freisin. Mar shampla amháin, bhíodh, ar a laghad, scéal amháin as chuile chontae sa tír le fáil ann chuile sheachtain.

San am sin, ní raibh fáil ar sheirbhísí teilifíse ná raidió as Éirinn sna Stáit mar nach raibh an teicneolaíocht gaibhte an t-achar sin fós. Ní raibh a leath oiread forbartha déanta ach an oiread ar na meáin shóisialta; is ar éigean go raibh mórán teileafón póca sa saol san am.

Ní hé amháin gur chuir an Irish Emigrant scéalta ar fáil ach b’ardán a bhí ann do lucht gnó a bhí ag freastal ar an bpobal mór Éireannach i mBoston sna blianta sin. Bhíodh deis acu fógra a cheannach agus a gcuid earraí agus seirbhísí a mheabhrú don phobal. 

Bhí cuimse tithe tábhairne Éireannacha i mBoston i ndeireadh na n-ochtóidí agus amach sna 1990idí. Bhí go leor acu gar do Fields Corner agus in Dorchester Avenue agus i South Boston. Bhíodh na himeachtaí agus an ceol a bhíodh acu fógartha chuile sheachtain san ‘Emigrant’. 

Ach, ní taobh leis sin amháin na fógraí a bhí ar fáil. D’fhág sin uilig go raibh an dá rud a theastaigh do nuachtán ar bith ag an Irish Emigrant – léitheoirí agus fógraí. Thug Conal Ó Gallchobhair agus a chomhghleacaithe seirbhís den scoth do phobal na hÉireann.

Ach le himeacht aimsire agus eachtraí ar nós na n-ionsaithe i Nua-Eabhrac agus Washington ar an 11ú Meán Fómhair 2001, d’éirigh an saol níos deacra ar imircigh mídhleathacha sna Stáit Aontaithe. Ansin d’fheabhsaigh an eacnamaíocht go mór in Éirinn agus d’fhill cuid mhaith daoine abhaile. Thug an imirce chun na hAstráile rogha eile taistil do dhream óg na hÉireann agus ní raibh gaire ar bith ag an imirce go Meiriceá a bheith chomh tréan agus a bhíodh. Bhí foirne peile agus iománaíochta á scor agus dúnadh go leor de na pubanna Éireannacha i mBoston. Tháinig brú ar an Irish Emigrant ach fós féin bhí an páipéar uaine (dath uaine a bhíodh ar na leathanaigh) ag coinneáil ag imeacht.

Ansin, seacht mbliana ó shin, dhíol Conal Ó Gallchobhair an nuachtán le Niall O’Dowd an t-iriseoir agus foilsitheoir Éireannach i Nua-Eabhrac. D’fhan an Gallchobhrach i mbun eagarthóireachta ar feadh cúpla bliain eile sular bhog sé ar aghaidh go dtí cineálacha eile oibre i saol na teicneolaíochta.

Ba ag an bpointe sin a thit sé ar chrann Mary Swanton, arbh as Luimneach di ó dhúchas, an Irish Emigrant a choinneáil ag imeacht. Bhíodh sí ag obair go páirt-aimseartha agus roinnt cúnaimh aice le leagan amach an pháipéir agus an obair phriontála ag an deireadh seachtaine. Ar an Luan a d’fhoilsítí an ‘Emigrant’.

Thug Mary Swanton fógra scoir do chomhlacht Niall O’Dowd le gairid agus socraíodh an tseachtain seo caite nach gcuirfí amach an Irish Emigrant níos mó.

Creideann Mary Swanton, a labhair linn as Boston, go bhfágann imeacht an nuachtáin folús mór i measc go leor Éireannach i mBoston agus i Massachusetts. Daoine iad seo atá gaibhte amach sna blianta agus nach raibh cleachtadh acu ar nuacht a fháil ar na ríomhairí ná ar dheiseanna teicneolaíochta. Níl a fhios aici, a deir sí, an bhféadfaí a leithéid de d’fhoilseachán a chur ar fáil arís ar bhonn brabúis. “Is cinnte nach bhfuil na foinsí ann anois, ar nós tithe ósta agus a leithéidí, le haghaidh fógraí,” a deir sí. “An chuid acu atá ann, baineann siad leas as na meáin shóisialta den chuid is mó. Ach b’fhéidir go bhfuil cineál eile fógraíochta ann a bheadh fóinteach d’Éireannaigh atá éirithe níos sine. 

“Aon duine a bheadh ag cuimhneamh ar a leithéid de nuachtán a thosú anois, bheadh air go leor machnaimh a dhéanamh ar na hathruithe atá tagtha ar an bpobal Éireannach i mBoston,” a deir sí.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Máirtín Ó Catháin

Máirtín Ó Catháin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge