Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
diultaithe-do-gach-cursa-eile-breatimeachta-in-westminster

Diúltaithe do gach cúrsa eile Breatimeachta in Westminster

Vótáil feisirí parlaiminte i Westminster anocht i gcoinne ceithre mholadh eile mar mhalairt ar mhargadh Theresa May.

Reáchtáladh na vótaí táscacha anocht in iarracht eile ag feisirí smacht a fháil ar an mBreatimeacht agus cúrsa eile a leagan amach dó.

Ach theip ar an iarracht is déanaí teacht ar chomhaontú traspháirtí sa pharlaimint agus gan ach deich lá fágtha go dtí an spriocdháta Breatimeachta is déanaí.

Ba iad na moltaí ar caitheadh vóta orthu aréir ná aontas custam nua; ‘cómhargadh 2.0’, nó socrú ar chuma cheann na hIorua;  reifreann eile faoin mBreatimeacht; agus rún a chuirfeadh Airteagal 50 ar ceal le cur ar chumas na parlaiminte Breatimeacht gan mhargadh a chosc.

Cé nár glacadh le haon cheann acu, ní raibh ach móramh beag de thriúr i gcoinne mholadh Ken Clarke faoin aontas custam agus móramh de 12 a bhí i gcoinne an dara reifreann. D’fhógair Nick Boles, an feisire a mhol an ‘cómhargadh 2.0′, i ndiaidh na vótaí go raibh faoi éirithe as na Tóraithe toisc ‘a neamhghéilliúla’ is atá an páirtí.

Mar ar tharla an tseachtain seo caite, tugadh ordú d’airí rialtais staonadh ó vótáil agus tugadh saorvóta d’fheisirí na dTóraithe.

Tuairiscíodh níos túisce tráthnóna inné go bhféadfadh go mbeadh vóta an tseachtain seo chugainn ann idir margadh May agus an rún is mó a gheobhadh tacaíocht aréir.

Tuairiscítear leis go raibh lucht tacaíochta Theresa May ag súil go meallfaí dóthain tacaíochta do leagan den Bhreatimeacht nach mbeadh chomh dian ionas go gcuirfí ar a súile do na Breatimeachtóirí is diongbháilte sa pharlaimint gurb é margadh May an Breatimeacht is crua atá ar fáil dóibh.

Dúirt urlabhraí Breatimeachta an DUP Sammy Wilson nach mbeifí ag tacú le margadh May ba chuma cad a tharlódh toisc go “scarfadh” an socrú sin aontachtaithe ón “tír ar throid siad le fanacht inti”.

Cheadaigh an tAE don Bhreatain an Breatimeacht a chur siar go dtí an 12 Aibreán agus más faoi Theresa May Breatimeacht gan mhargadh a sheachaint an lá sin beidh uirthi plean nua a chur faoi bhráid an Aontais roimhe sin agus síneadh ama níos faide a lorg an tseachtain seo chugainn.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge