Tá ráite ag an Teachta Dála aitheanta de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go bhfuil “náire” air faoi tvuít a chuir duine dá chomhghleacaithe amach ag caitheamh anuas ar fhear Gaeltachta atá ag éileamh go litreodh an Stát a ainm i gceart.
Bhí Ó Cuív ag tagairt do tvuít ó Timmy Dooley, urlabhraí cumarsáide agus comhshaoil Fhianna Fáil, inar dhein an Teachta Dála as contae an Chláir beag is fiú den léiritheoir teilifíse agus feachtasóir, Ciarán Ó Cofaigh.
Agallamh a rinne Ó Cofaigh ar an gclár Today With Seán Ó Rourke faoina fheachtas ar son an tsíneadh fada agus dearcadh an HSE ina leith a spreag tvuít Dooley agus freagra Uí Chuív.
Dúirt Ó Cuív ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna inné go raibh an méid a dúirt Dooley “as bealach”.
Ach chuaigh an t-iar-aire Gaeltachta níos faide ná sin fiú ar Twitter níos déanaí nuair a dúirt sé go raibh náire air go mbeadh a leithéid de dhearcadh ag duine atá ar bhinse tosaigh a pháirtí.
@TodaySOR with all the problems that exist in the health service it’s difficult to listen to this individual banging on about a fada!!
— Timmy Dooley TD (@timmydooley) 9 Aibreán 2019
I am ashamed that a front bench member of my party, one of whose aims is to promote the use of the Irish language, would question the right of people to use the correct form of their name interacting with the state.
— Éamon Ó Cuív (@eamonocuiv) 9 Aibreán 2019
Níorbh é Ó Cuív an t-aon duine de phiardaí móra Fhianna Fáil a thug suntas do tvuít Dooley agus dúirt an t-iarchoimisinéir Eorpach as Gaeltacht Chonamara Máire Geoghegan Quinn leis nárbh ionann a dhearcadh agus polasaí Fhianna Fáil.
@timmydooley @mairinnighadhra @BlathnaidRua @MichealMartinTD I remind you,Timmy, that those of us who have a “fada” in our official names are entitled to have it recorded correctly when dealing with the public service. Always thought that was FF policy too.
— MGQ (@MGQ50) 9 Aibreán 2019
Chuir daoine eile ar a shúile don Teachta Dála as contae an Chláir go raibh tábhacht leis an síneadh fada in ainm a pháirtí féin.
Gan an fada, níl ionaibh ach Fianna FAIL!
— Eoghan MacCormaic (@iEoghan) 9 Aibreán 2019
Tuairiscíodh an tseachtain seo gur chinn oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí nach bhfuil sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú mícheart trí shínte fada a fhágáil ar lár.
Chinn an Coimisiún nach ceart absalóideach é ag an duine a bhfuil síneadh fada ina ainm an t-ainm sin a bheith litrithe go cruinn agus an síneadh fada ann.
Bunaíodh an fiosrúchán nuair a rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisinéir faoina ainm a bheith á litriú mícheart ag an HSE. Cé gur údar díomá dó toradh an fhiosrúcháin, deir Ó Cofaigh go bhfuil sé chun leanúint ag troid ar son an tsíneadh fada.
Bhunaigh an léiritheoir scannáin aitheanta an feachtas Faigh do ‘fada’ mí Dheireadh Fómhair seo caite chun Gaeil á spreagadh le héileamh a dhéanamh go litreodh comhlachtaí príobháideacha agus eagrais stáit a gcuid ainmneacha go cruinn agus na sínte fada a chur isteach.
Bhain cás Uí Chofaigh i gcoinne an HSE le tréimhse a chaith sé ag fáil radaiteiripe d’ailse phróstataigh.
Dúirt sé go mbeadh deireadh go luath lena chúrsa radaiteiripe agus go raibh sé ag súil le dea-scéala roimh dheireadh an tsamhraidh.