Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Iriseoir den scoth a bhí tiomanta dá pobal a bhí i mo chara Lyra McKee
iriseoir-den-scoth-a-bhi-tiomanta-da-pobal-a-bhi-i-mo-chara-lyra-mckee

Iriseoir den scoth a bhí tiomanta dá pobal a bhí i mo chara Lyra McKee

Ba chara liom Lyra McKee. 

Duine séimh lách a bhí san iriseoir a maraíodh nuair a scaoil fear gunna urchair agus círéib ar siúl sa Chreagán i nDoire aréir. 

Ba bhean í Lyra Mckee a bhí riamh réidh le gar a dhéanamh duit.

29 bliain d’aois a bhí sí agus b’iriseoir den scoth í. Bhí sí ina ceannródaí san iriseoireacht ar líne i measc iriseoirí an tuaiscirt. Bhí sí ina saineolaí ar conas úsáid a bhaint as an reachtaíocht saorála faisnéise chun teacht ar eolas agus d’eagraíodh sí ceardlanna chun oiliúint a chur ar dhaoine eile sa chúram sin. Cúrsaí den scoth ab ea iad.

Bhí a pearsantacht bhríomhar le sonrú ina cuid scríbhneoireachta. Scríobh sí píosaí tábhachtacha faoina saol mar bhean óg aerach; faoin mbulaíocht a rinneadh uirthi ina hóige; agus faoi mar a d’fhógair sí don saol mór go raibh sí aerach. 

Ba as ceantar na Seanpháirce i dtuaisceart Bhéal Feirste di. D’fhág sí Ollscoil na Ríona le tabhairt faoin iriseoireacht agus is cinnte gur fhág sí a lorg ar an cheird.

Bhí sí tiomanta dá pobal. Ar cheann de na píosaí móra a scríobh sí, bhí píosa faoi ghlúin daoine óga sa Tuaisceart, a tháinig ar an saol tar éis na dTrioblóidí, a bheith ag cur lámh ina mbás féin. 

Scríobh sí chomh maith an leabhar neamhfhicsin Angels With Blue Faces faoi dhúnmharú an fheisire Aontachtaigh, an tUrramach Robert Bradford agus tá leabhar eile léi The Lost Boys ag na foilsitheoirí Faber & Faber.

Bhí sí sona sásta ina saol pearsanta lena páirtí, Sara agus d’aistrigh sí go Doire le go mbeadh siad le chéile agus lena gcat, Marie. Fuair sí bás agus í i mbun na hoibre dár thug sí a croí agus a hanam, an iriseoireacht. 

Dúirt Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUigínn gur bhean “chumasach dhíograiseach” a maraíodh agus í i mbun a gairme. B’údar mór “scanraidh, feirge agus an-bhrón” a bás. 

Rinne an Taoiseach Leo Varadkar comhbhrón chomh maith lena muintir agus dúirt nach “ligfí dóibh siúd a raibh fúthu dul i muinín an fhoréigin, an fhaitís agus an fhuatha sinn a tharraingt siar go dtí ré atá caite”.

Dúirt Séamus Dooley, Rúnaí an NUJ in Éirinn gur iriseoir “cróga, paiteanta, macánta” a bhí i Lyra McKee agus gur ghníomh “éigiallta” a bhí ina marú.

Cháin ceannairí na bpáirtithe go léir ó thuaidh agus ó dheas an marú agus rinne siad comhbhróna le muintir agus cairde an iriseora óig.

Creideann an PSNI gurb é an grúpa easaontóirí poblachtánacha an IRA nua ba chionsiocair le bás Lyra McKee.

Bhásaigh an t-iriseoir óg tar éis d’fhear gunna a raibh masc air urchair a scaoileadh le póilíní sa Chreagán aréir. 

Tuairiscítear go raibh Lyra McKee ina seasamh gar do na póilíní le hiriseoirí agus daoine eile.

Tá fiosrú dúnmharaithe ar bun ag an PSNI.

Thosaigh an chíréib nuair a tháinig póilíní isteach in eastát an Chreagáin ag thart ar 9pm aréir agus iad ag cuardach gunnaí agus pléascáin a mhaígh siad a bhí á stóráil ansin chun go n-úsáidfí iad le linn dheireadh seachtaine na Cásca. 

Dúirt na póilíní gur caitheadh suas le 50 buama peitril nuair a bhailigh slua ar an láthair agus gur cuireadh dhá fheithicil trí thine. Bhí suas le 100 duine bailithe ar an tsráid nuair a thosaigh an scaoileadh. 

Suaimhneas síoraí dá hanam uasal.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Anton Mac Cába

Anton Mac Cába

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge