Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Colúin
  • LITIR ÓN gCATALÓIN: Teanga agus féiniúlacht i gcroílár an toghcháin
litir-on-gcataloin-teanga-agus-feiniulacht-i-gcroilar-an-toghchain

LITIR ÓN gCATALÓIN: Teanga agus féiniúlacht i gcroílár an toghcháin

España se la juega – ‘tá an Spáinn ag dul sa tseans’ – an cheannlíne a bhí ar an nuachtán Catalónach El Periódico maidin Dé hAoine seo caite, tagairt don fheachtas olltoghcháin a seoladh go hoifigiúil ag meán oíche Déardaoin. Tá stádas na Catalóine agus na Catalóinise féin i lár an aonaigh sa bhfeachtas seo agus ceisteanna bunreachtúla agus féiniúlachta i measc na bpríomhábhar conspóide idir na páirtithe.

Níl áit níos fearr chun blaiseadh a fháil den nimh san aer ná an Chatalóin féin, áit a bhfuil aighneas binbeach faoin neamhspleáchas ag géarú le blianta beaga anuas. Is measa fós an scéal an uair seo agus páirtí den eite dheis antoisceach, Vox, ar tí suíocháin a fháil sa pharlaimint náisiúnta, an chéad uair ar tharla a leithéid ó d’éag an deachtóir Francisco Franco i 1975.

Seo é an tríú olltoghchán le ceithre bliana sa Spáinn, rud a léiríonn an ghuagacht pholaitiúil atá ann ó tháinig páirtithe nua de chuid na heite clé agus na heite deise ar an bhfód le dornán blianta. B’éigean don Phríomh-Aire Pedro Sánchez an toghchán a ghairm nuair a chaill sé vóta buiséid dhá mhí ó shin agus ba iad náisiúnaithe na Catalóine a chuir an bád go tóin poill. Níl Pedro Sánchez ina Phríomh-Aire ach ó Mheitheamh 2018 nuair a ghlac móramh den pharlaimint le rún mímhuiníne in Mariano Rajoy tar éis d’oifigigh ón Partido Popular (PP) a bheith ciontaithe i gcaimiléireacht.

Táthar ag géarú ar an easaontas idir an Spáinn agus an Chatalóin le fada, go háirithe ó reáchtáil rialtas na Catalóine an Generalitat reifreann neamhspleáchais in 2017 ar neamhchead do Mhaidrid. Thug póilíní na Spáinne faoi dhaoine agus iad ag vótáil, cuireadh riail dhíreach i bhfeidhm ar an gCatalóin agus d’imigh go leor dá ceannairí polaitiúla ar a dteitheadh ar an gcoigríoch nó cuireadh i bpríosún iad.

Tá ocht nduine dhéag ar a dtriail faoi láthair agus coireanna tromchúiseacha curtha ina leith: ceannairc, mí-úsáid acmhainní poiblí agus easumhlaíocht.

Aontachtóirí is ea príomhpháirithe polaitiúla uile na Spáinne cé go bhfuil difríochtaí sa chur chuige i leith na Catalóine. Baineann páirtithe na heite deise – PP, Ciudadanos (Cs) agus Vox – úsáid as dioscúrsa trodach i gcoinne na Catalóine agus maíonn siad go bhfuil na náisiúnaigh ag iarraidh an Spáinn féin a chur dá bonnaibh. Ar an eite chlé, maíonn an PSOE gur féidir stádas na Catalóine a leasú laistigh de shocrú bunreachtúil na Spáinne. Níos faide amach ar chlé is é Unidos Pomemos (UP) an t-aon pháirtí atá ar son reifreann a reáchtáil ina dtabharfaí rogha do mhuintir na Catalóine vótáil ar son an neamhspleáchais cé nach bhfuil siad féin ar a shon. Tá príomhpháirtithe na Catalóine féin – ERC ar chlé agus Junts per Catalunya sa lár – go láidir ar son an neamhspleáchais. 

I bhforógra toghcháin an PP, gealltar go mbainfear go mór de stádas na Catalóinise má éiríonn leis an bpáirtí sa toghchán. Faoi dhlí nua teangacha, is í an Spáinnis a bheadh ina meán teagaisc feasta i scoileanna na Catalóine agus ina teanga oibre sa tseirbhís phoiblí. Is fada an PP agus Cs ag maíomh go mbíonn ‘síolteagasc’ ar son an neamhspleáchais ar siúl i scoileanna na Catalóine agus creideann siad go gcabhraíonn an tumoideachas Catalóinise leis sin. Is fada an eite dheis ag bagairt ar TV3, teilifís phoiblí na Catalóine chomh maith agus tá cath suimiúil eile faoi fhéiniúlacht agus teanga á fhearadh sna meáin chumarsáide. 

Inné chuir ceannaire an PP sa Chatalóin, Cayetana Álvarez de Toledo – bean nach bhfuil focal Catalóinise aici – i leith TV3 go rabhadar páirteach in coup d’état aimsir an reifrinn.

Cé go bhfuil Catalóinis ag roinnt de bhaill an PP agus Cs sa Chatalóin, is annamh a úsáideann siad an teanga go poiblí sa pharlaimint ná sna meáin chumarsáide ar eagla go gceapfaí go rabhadar ar a son.

Cé gur baile mór turasóireachta an áit ina bhfuil an litir seo á scríobh agam, cloisim Catalóinis á labhairt go tréan ag óg agus aosta ann agus is treise í fós i mbailte agus i gcathracha eile seachas in Barcelona. Toradh díreach is ea é sin ar 40 bliain den normalització lingüistíca atá ar siúl ag an Generalitat ar son na Catalóinise agus a bhfuil tromlach an phobail ar a shon. Tá cáil dhomhanda ar an bpolasaí seo ar éirigh leis eolas forleathan ar an gCatalóinis a thabhairt don phobal uile agus is inspioráid é do ghluaiseachtaí ar son mionteangacha ar fud an domhain. Má chuirtear mianta na heite deise i bhfeidhm lagófar stádas na teanga go mór.

Tá an ghaoth i seolta na heite clé faoi láthair agus más léiriú cruinn ar mheon an phobail í an phobalbhreith is déanaí, bheadh comhrialtas idir PSOE agus Unidos Podemos gar go maith don sprioc.

D’fhéadfadh sé go mbeidh ar Sánchez dul i muinín eite chlé na Catalóine (ERC) arís chun an bhó a chur thar abhainn agus dá dtarlódh sé sin níor bhaol don Chatalóinis. Toisc go bhfuil an oiread páirtithe ar an eite dheis tá an baol ann go scoiltfear an vóta agus tá tacaíocht an PP tite go mór. Ach má éiríonn leis an gcárta histéireach Catalónach atá á imirt go láidir acu sa bhfeachtas seo, d’fhéadfaí buille millteach a bhualadh ar stádas na Catalóinise sa chóras oideachais agus sa saol poiblí.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | John Walsh

John Walsh

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge