Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Colúin
  • Ó DHÚCHAS: Ní ólfadh an gamhain bán an bainne Aoine an Chéasta…
o-dhuchas-ni-olfadh-an-gamhain-ban-an-bainne-aoine-an-cheasta

Ó DHÚCHAS: Ní ólfadh an gamhain bán an bainne Aoine an Chéasta…

Bhí cailín Caitliceach in aimsir i dtigh mhinistir. Bhí mac an mhinistir i gcoláiste ag foghlaim chun ministir óg do dhéanamh dó. Tháinig sé abhaile aimsir na Cásca ar saoire. Bhíodh sé féin agus an cailín aimsire ag argóint go minic ar chúrsaí creidimh – é sin ag rá gur aige féin a bhí an creideamh ceart agus an cailín ag rá gur aici féin a bhí sé.

Tháinig Aoine an Chéasta. Bhí an cailín ag déanamh troscaidh an lá san. Nuair a bhí sí ag ithe a bricfeasta níor dhearmad mac an mhinistir teacht timpeall. Ní raibh de bhia aici ach tae dubh agus arán tirim. D’iarr sé ar an gcailín cad ina thaobh san. “Inniu Aoine an Chéasta,” ar sí “agus ní mór dom troscadh do dhéanamh.” “Ní fhéadfainnse an troscadh sin a dhéanamh,” ar sé, “ach chomh beag leis an ngamhain bhán atá amuigh sa ghort.”

Bhí an bainne gan tabhairt don ngamhain bhán aici, agus thug sí amach é agus ní chuirfeadh an gamhain bán a phus air. Thug sí léi isteach é agus dúirt sí leis ná hólfadh an gamhain bán an bainne uaithi. “Ní gá dhuit a bheith ag magadh,” ar sé ag breith ar an mbuicéad agus á thógaint amach leis. Ach ní ólfadh an gamhain bán an bainne uaidh.

Thug sé leis isteach é agus dúirt sé – “Tá an ceart agat. Tá sé orm troscadh do dhéanam agus lá mór féasta is ea an lá inniu. Rachad chun mo sheomra agus déanfad troscadh. Beidh siad ag cur mo thuairisce ach abair leo ná feadaraís cár ghabhas ó aimsir bricfeasta.” 

Bhí dinnéar breá ar an mbord ag an ministir an lá san. Ní raib mac an mhinistir le fáil agus daoine thall is abhus á lorg. Fiafraíodh den chailín aimsire an bhfaca sí é. “Bhi sé timpeall aimsir bricfeasta,” ar sise “agus do chuas go dtí an tobar agus ar theacht abaile dhom ní raibh sé istigh.”

Chuadar go dtí a sheomra. Bhi sé fé ghlas ón dtaobh istigh.

Eibhlín Ní Chonchúir, Cill Chúile, Corca Dhuibhne, Contae Chiarraí

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Máire Ní Fhinneadha

Máire Ní Fhinneadha

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge