Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Peter Pan iompaithe ar an nGaeilge den chéad uair le 80 bliain agus scéal Pheadairín Pan i dTír na Deo foilsithe
peter-pan-iompaithe-ar-an-ngaeilge-den-chead-uair-le-80-bliain-agus-sceal-pheadairin-pan-i-dtir-na-deo-foilsithe

Peter Pan iompaithe ar an nGaeilge den chéad uair le 80 bliain agus scéal Pheadairín Pan i dTír na Deo foilsithe

Tá Peter Pan, nó Peadairín Pan, an buachaill nach dtagann lá aoise air, iompaithe ar an nGaeilge den chéad uair le 80 bliain agus athleagan dá scéal draíochta foilsithe ag An Gúm.

I 1938 a foilsíodh Tír na Deo, athinsint Mháiréad Uí Ghráda ar an scéal cáiliúil a bhí sa leabhar Peter and Wendy le J. M. Barrie a foilsíodh i 1911.

Anois, 80 bliain ina dhiaidh sin, tá leagan athchóirithe d’athinsint Uí Ghráda foilsithe ag An Gúm agus cuireadh á thabhairt do ghlúin eile de léitheoirí na Gaeilge seal a chaitheamh i dTír na Deo in éineacht leis an mbuachaillín ábhailleach Peadairín Pan.

Is é Peadairín Pan íomhá na hóige agus na soineantachta ar fud na cruinne agus tír na samhlaíochta agus na draíochta í Tír na Deo, áit a bhfuil an buachaill óg in ann eitilt leis ina chaptaen ar na buachaillí fáin. D’éalaigh Peadairín Pan óna mhuintir an lá ar rugadh é mar nár theastaigh uaidh ‘a bheith fásta suas’ ná  a ‘bheith i m’fhear choíche’. Ní thagann aois ná aiféala air is é i measc an lucht sí, na maighdeana mara, na foghlaithe, agus scaití, na gasúir shaolta a bhíonn ag macnas agus ag pléaráca leo.

Sa réamhrá fíorspéisiúil leis an eagrán nua, faighimid cúlra fhoilsiú an leabhair seo den chéad uair i nGaeilge i 1938, ar mholadh ón Aire Oideachais a bhí ann ag an am, Tomás Ó Deirg, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Ar mhórán costais, os cionn £70 nuair is £25 a bhí ag dul don aistritheoir, socraíodh go n-úsáidfí 32 pláta d’obair ealaíne Mabel Lucie Atwell a bhí in dhá eagrán Béarla den leabhar.

Is maith mar a rinneadh, tá siad san eagrán seo chomh maith agus cuireann siad go mór le mistéir is neamhshaoltacht an scéil.

Is spéisiúil gur luaigh léirmheastóir ar an Cork Examiner ag an am gurbh é ‘an leabhar is daoire dá bhfeaca riamh ón nGúm’, ceithre scilling a bhí air. Údar suntais ann féin go mbíodh léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge sna nuachtáin náisiúnta i mBéarla sna 1930idí.

Sa leagan nua seo cloítear le téacs eagrán Uí Ghráda i 1938 ach caighdeánú a bheith déanta air agus an cló breá mór.

Cuirtear fainic ghéar orainn, glúin na ceartaiseachta polaitiúla, sa réamhrá nár cheart an leabhar ‘a mheas de réir chritéir ná thuairimí an lae inniu’.

Bítear ag súil le meánaicmeachas Victeoiriach, ciníochas, dearcadh áilíosach gránna i leith na mban, agus steiréitíopaí atá ciníoch maslach anois, bíodh urchóid i gceist ag an údar nó ná bíodh.

Más foréigean agus faltanas atá uait gheobhaidh tú sa leabhar seo iad ach tá an t-éalúchas agus an tsoineantacht le fáil chomh maith i dTír an Chur-i-gCéill. Ní milleán ar aon duine fonn éalaithe a bheith air ón gcrácamas seo anois is arís.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Máire Ní Fhinneadha

Máire Ní Fhinneadha

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge