Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
‘power-reveals’-–-polaiteoiri-croga-o-lbj-go-mgq

‘Power reveals’ – polaiteoirí cróga ó LBJ go MGQ

Tá feachtas fógraíochta ar bun faoi láthair ag an gcomhlacht árachais Allianz – ‘We Cover Courage’.

Tá sé bunaithe ar eachtra stairiúil a bhfuil cuimhne ag go leor air – an saoroideachas dara leibhéal a bheith curtha ar fáil faoi dheireadh. Is cuimhin liom féin daoine ag déanamh tagairtí dó go minic agus mé ar scoil. Bhí an scéim bunaithe ar an eolas a tháinig amach sa bpáipéar Investment in Education leis an OECD. Ba mhinic muidne á úsáid le linn díospóireachtaí scoile – cé go raibh gach seans ann nach raibh an doiciméad é féin léite againn ar chor ar bith. Ach bhí caint faoi i ngach áit.

Mhéadaigh ar líon na ndaltaí sna scoileanna dara leibhéal de réir a chéile tar éis chinneadh O’Malley – i mbliana meastar go mbeidh os cionn 90% de dhaltaí na tíre ag déanamh na hArdteiste.

Sna blianta sin faoi stiúir an Taoisigh Jack Lynch ceapadh triúir Airí Oideachais (Hillery, O’Malley agus Colley) agus baineadh go leor amach. Cuireadh tús le scoileanna cuimsitheacha, bunaíodh na coláistí réigiúnacha agus tosaíodh ar infheistiú caipitil sna scoileanna iad féin. D’fhéadfaí a rá gur cuireadh tús le próiseas atá mall go maith fós – athrú ó chóras oideachais a bhí go hiomlán faoi smacht na cléire go córas a bheadh faoi stiúir an phobail.

Tá leide sa bhfógra teilifíse go mb’fhéidir nach raibh cead iomlán an rialtais ag O’Malley nuair a d’fhógair sé an saoroideachas.

Deir an staraí Joe Lee ina leabhar iomráiteach Ireland 1912-1985  nach ndeachaigh O’Malley i gcomhairle leis an Rialtas ná leis an Roinn Airgeadais ach go ndearna sé an beart ‘reputedly with the prior approval of Lemass’.

Bhí an lá le O’Malley toisc go raibh oiread fáilte ag an bpobal roimh an réimeas nua. Go dtí an lá sin i 1967  ní raibh go leor daoine in acmhainn íoc as na táillí scoile.

Tháinig an fógra sin chun cuimhne agus mé ag léamh faoin scríbhneoir Robert Caro le gairid.

Tá Caro anois 83 bliain d’aois. Agus tá sé i mbun oibre ar an gcúigiú himleabhar dá bheathaisnéis ar an Uachtarán Lyndon Baines Johnson, nó LBJ mar a thugtaí air.

Duine thar a bheith suimiúil é Robert Caro. Agus is é atá sna leabhair ar fad faoi LBJ ná sórt stair Mheiriceá sa bhfichiú haois. Thosaigh sé ar an gcéad imleabhar, The Path to Power, i 1982. Tá trí imleabhar eile foilsithe aige agus é ag obair ar an gcúigiú ceann. ‘The Johnson Years’ teideal na hoibre ar fad.

Le gairid d’fhoilsigh sé leabhar beag breise ag cur síos ar a chuid oibre,  Working. Rinne sé roinnt agallamh poiblíochta don leabhar nua cé go bhfuil an ghráin aige orthu. (Ní minic a thugann sé agallamh ar chor ar bith.)

D’inis sé scéilín faoi LBJ an tseachtain seo a thug Donogh O’Malley chun cuimhne.

Agus é i mbun taighde ar shaol Johnson, chuir Caro agallamh ar sheanadóir as Georgia, Herman Talmadge sa bhliain 2000. Blianta roimhe sin, bhí an seanadóir Talmadge lárnach sna hiarrachtaí Johnson a chur sa Seanad.

Ar a bhealach isteach chuig an sean-

seanadóir Talmadge sa bhliain 2000, thug Caro suntas do Droichead Talmadge, an Talmadge Boulevard agus, ar deireadh, don teach mór maorga le colúin arda bhána. D’oscail fear dubh a bhí gléasta in éide searbhónta an doras dó.

Ba léir gur bhain an seanadóir le dream a chreid fós sa chinedheighilt. Cuimhnigh gur i stát Georgia atá sé.

‘Agus céard a cheap tú?’ a d’fhiafraigh Caro de, ‘nuair a thug an tUachtarán Johnson an reachtaíocht maidir le cearta sibhialta isteach?’ ‘Disappointed, angry, sick,’ a dúirt Talmadge leis.

Ba léir nár aontaigh Johnson agus é ina Uachtarán le tuairimí Talmadge cé gur ghlac sé lena thacaíocht le dul sa Seanad.

Dar leis an údar Robert Caro, an ceacht atá le foghlaim as seo, ná nach fíor an seanráiteas, ‘Power corrupts’.

‘Power reveals,’ a deir Caro.

Nuair a bhain LBJ cumhacht amach, sin an uair a nocht sé cén sórt duine a bhí ann. Nuair a fuair Donogh O’Malley a phost mar aire, d’fhógair sé an plean i gcomhair saoroideachais gan dul i gcomhairle le héinne agus bhí an lá leis. Agus cuireadh fáilte mhór roimh an bplean.

Buaileann sampla eile mé níos cóngaraí fós do bhaile – an Teachta Dála Johnny Geoghegan, a bhí tamall ina stiúrthóir ar an mbus go Carna. Is beag a shíl seisean is dócha go dtiocfadh an lá go gceapfaí a iníon ina haire rialtais agus go dtabharfadh sí reachtaíocht isteach a shamhlaigh seanfhondúirí Fhianna Fáil nach bhfeicfí a leithéid go deo.

Sa bhliain 1993, agus í ina haire dlí agus cirt, thug iníon Johnny Geoghegan, isteach reachtaíocht a chuirfeadh deireadh leis an homaighnéasacht mar choir.

Agus í ag caint faoin scéal blianta ina dhiaidh sin, nuair a bhí reachtaíocht maidir leis an gcomhionannas pósta ar na bacáin, dúirt an t-iar-aire Máire Geoghegan-Quinn: ‘I met people, rather than statistics. Equality is an absolute, not a parcelling out of progress by the powerful.’

An lá ar cuireadh deireadh leis an stádas coiriúlachta sin, thaispeáin sise cén sort polaiteoir a bhí inti.

‘Power reveals,’ mar a dúirt Robert Caro.

Toghadh ise ina Teachta Dála agus gan í ach 25, nuair a fuair a hathair bás. Ceann de na chéad jabanna móra a tugadh di, ná a bheith ina Rúnaí Parlaiminte (Aire Sóisearach) ag Desmond O’Malley. Ar ndóigh, is nia eisean leis an iarAire Oideachais cáiliúil Donogh O’Malley.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Mairéad Ní Nuadháin

Mairéad Ní Nuadháin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge