Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Séamas Ó Buachalla 1930-2019 – i measc laochra na Gaeilge agus na hÉireann go raibh sé
seamas-o-buachalla-1930-2019-i-measc-laochra-na-gaeilge-agus-na-heireann-go-raibh-se

Séamas Ó Buachalla 1930-2019 – i measc laochra na Gaeilge agus na hÉireann go raibh sé

Tá ómós léirithe do Shéamas Ó Buachalla, an t-oideachasóir, scoláire agus fear teanga a bhásaigh le déanaí in aois a naoi mbliana agus ceithre scór.

Ceannródaí i réimse an oideachais ab ea Ó Buachalla mar státseirbhíseach sa Roinn Oideachais agus mar léachtóir i gColáiste na Tríonóide, agus bhí lé ar leith aige le forbairt an ghaeloideachais agus ba shaineolaí é ar shaothar an Phiarsaigh i réimse an oideachais.

Dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Ghael Linn, ceann de na heagraíochtaí a raibh baint mhór ag Ó Buachalla léi, gur oideachasóir é “a thuig saíocht na Gaeilge agus a hionad sa chóras oideachais”.

“Bhí sé go mór faoi thionchar thuiscintí Phádraig Mhic Phiarais, ar an oideachas dátheangach go háirithe, agus is mór mar a chuir Séamas le cáil an Phiarsaigh mar oideachasóir.

“D’oibrigh Séamas gan staonadh ar son Fhondúireacht Van Leer sa scéim phíolótach luathoideachais i gCeantar na nOileán sna hochtóidí; as an togra sin a d’fhás Muintearas an lae inniu. Bhí Séamas fial lena chuid ama agus ghlac sé páirt i mórán clár raidió agus teilifíse. Ina theannta sin, bhíodh sé ina léachtóir agus painéalaí ag imeachtaí Gaeilge agus oideachais ar fud na hÉireann agus thar lear.

“Méala mór le Gael Linn bás Shéamais mar go raibh sé gníomhach sa chuideachta ar feadh tríocha bliain, é ina chomhalta boird idir 1971 agus 1980. Bhíomar faoi chomaoin ag Séamas as a stuaim agus a ghaois nuair a bhí ceisteanna polasaí idir lámha, go mór mór sa réimse oideachais. Cé gur saineolaí ba ea Séamas a raibh an t-iliomad foilsithe aige, ba chomhluadar lách, geanúil é a raibh féith an ghrinn go láidir ann. I measc laochra na Gaeilge agus laochra na hÉireann go raibh sé.”

Rugadh Séamas Ó Buachalla i gcathair Chorcaí agus ba ann a fuair sé a chuid oideachais nó gur bhog sé go dtí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar ar bhain sé céim amach san eolaíocht. Rinne sé máistreacht san eolaíocht ina dhiaidh sin in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste.

Mar chigire eolaíochta a thosaigh sé ag obair leis an Roinn Oideachais i 1962 agus bhí baint mhór aige mar státseirbhíseach le forbairt theagasc agus fhoghlaim na heolaíochta agus na matamaitice. Bhí sé ina chomhairleoir ag Donagh O’Malley agus é ag réiteach leis an saoroideachas a thabhairt isteach.

D’aistrigh sé go dtí Coláiste na Tríonóide i 1968 mar a raibh sé ag plé leis an teastas oideachais do mhúinteoirí dara leibhéal. Bhain sé féin PhD amach ón gcoláiste sin i 1980.

I measc na dtograí móra oideachais a raibh baint aige leo bhí tograí de chuid Chomhairle na hEorpa agus UNESCO agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Educate Together in Éirinn. Bhí spéis ar leith aige i gceist an oideachais i gceantair a bhí tearc i ndaonra.

Rinne Ó Buachalla go leor taighde faoi shaothar an Phiarsaigh i réimse an oideachais agus bhí baint aige le hathchóiriú Scoil Éanna agus le bunú mhúsaem an Phiarsaigh i Ráth Fearnáin.

I measc a shaothar tá Pádraig Mac Piarais agus Éire lena Linn, Pádraig Mac Piarais – Na Scríbhinní Liteartha, A Significant Irish Educationalist: the educational writings of P.H. Pearse, The Letters of P.H. Pearse agus a mhórshaothar Education Policy in Twentieth Century Ireland.

Tháinig trí réimse mhóra suime dá chuid – an t-oideachas, an Ghaeilge agus an eolaíocht – le chéile ina shaothar Cultúr agus Teicneolaíocht sa Ghaeltacht a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht. 

Maireann a bhean Éilis, a mbeirt iníonacha, Niamh Buckley agus Sinéad Buckley Quinn, a ngariníon Rachel Quinn agus gaolta agus cairde eile leis.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge