Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • ‘Táimid ar superhighway agus níl aon dul siar’ – Dara Ó Cinnéide ar ais le clár nua
‘taimid-ar-superhighway-agus-nil-aon-dul-siar’-–-dara-o-cinneide-ar-ais-le-clar-nua

‘Táimid ar superhighway agus níl aon dul siar’ – Dara Ó Cinnéide ar ais le clár nua

D’fhiosraigh Dara Ó Cinnéide hathruithe atá tagtha ar chluichí na nGael ó thaobh na heolaíochta agus na teicneolaíochta sa tsraith GAA Nua in 2017 agus tá sé ar ais ar an scáileáin arís anocht agus scrúdú a dhéanamh an babhta seo aige ar luach agus ar fhiúntas ár gcluichí náisiúnta.

Díreoidh GAA Eile, sraith ceithre chlár, ar an méadú tráchtála atá ag teacht ar ngné thráchtála de CLG agus an tionchar atá ag cúrsaí gnó ar thraidisiún agus ar phrionsabail na gcluichí.

“Má tá tú ag lorg saghas téama don rud ar fud,” a deir Ó Cinnéide, “táimid ag caint ar na luachanna sin a aithníonn an uile dhuine againn a bhíonn ag plé le Cumann Lúthchleas Gael ag leibhéal na gclubanna. An t-am, an obair dheonach agus an fuinneamh a chuirtear isteach ansin i gcomparáid leis an rud atá ag tarlúint ar bhonn thar a bheith proifisiúnta ag an leibhéal is airde. An t-airgead ar fad a dhéanann sé. An teacht isteach ó chearta teilifíse. 

“Conas ar féidir leis an dá rud sin a bheith in aon leaba le chéile agus má tá an rud seo bunaithe ar bhonn airgeadais ag an leibhéal is airde, conas a chuireann sé sin isteach ar rudaí ag leibhéal na gclub, an leibhéal is bunúsaí ar fad?”.

Díreoidh gach clár sa tsraith ar ghné éagsúil de chúrsaí CLG. Sa chéad chlár, caithfear súil ar Chraobh Shinsir Peile na hÉireann agus an chodarsnacht idir contaetha amhail Liatroim nó Ceatharlach agus Áth Cliath.

Deir Ó Cinnéide nach bhfuil sé mar aidhm acu beag is fiú a dhéanamh de ghaiscí churaidh na hÉireann, agus ina áit sin gur iarracht atá i gclár na hoíche anocht rath Átha Cliath a mhíniú.

“Ní exposé mór iriseoireachta a bhí i gceist. Ní raibh muid ag iarraidh a rá ‘Cé méid airgid atá Áth Cliath ag caitheamh ar a gcuid ullmhúcháin?’ ná aon rud mar sin. Tá na figiúirí sin ann, foilsítear iad uair sa bhliain. ’Sé an rud a bhí i gceist againne rná ‘Conas an bhfuil Áth Cliath chomh maith agus atá?’ An bhfuil baint aige le hobair dheonach ag an leibhéal is bunúsaí?”

Agus é an tsraith á déanamh aige, deir Ó Cinnéide go raibh air aon réamhchlaonadh a bhí aige maidir le cúrsaí tráchtála i gCLG a chur go leataobh. Tá ráite go minic aige ar Tuairisc.ie agus in áiteanna eile nach n-aontaíonn sé leis an margadh idir CLG agus Sky Sports, mar shampla. Ach deir sé go raibh sé meallta ag iarrachtaí eile soiscéal na gcluichí Gaelacha a scaipeadh.

“Bhíos thar a bheith ciniciúil mar gheall ar na ‘Super 11’s’ san iománaíocht sula gcuas sall go Bostún. Oscailt súl ceart a bhí ann dom. N’fheadar an éireoidh leo, n’fheadar an mbainfidh siad amach an sprioc go deo go mbeidh cluiche idirnáisiúnta iománaíochta ann ach caithfidh mé rá go rabhas tógtha leis nuair a bhíos i Fenway.”

Dara Ó Cinnéide

Ceann de na gearáin is mó a bhíonn ag daoine faoi údarás CLG ná go ndéantar gach athrú ar bhonn airgeadais ach dar le Ó Cinnéide nach bhfuil an cáineadh sin féaráilte.

“Níl an scéal chomh simplí agus a taibhsítear do dhaoine. Ní dóigh go bhfuil sé cothrom ná ceart a rá, ‘Na boic mhóra thuas i bPáirc an Chrócaigh, déanann siad cinntí agus is cuma leo faoin gclub’, nuair is léir gur cuma leo. Anois agus arís déanann siad cinntí nach n-aontaím leo ach níl an scéal chomh simplí le ‘Stop a dhéanamh seo agus tarlóidh sin’,” arsa an Cinnéideach.

“Déantar cinntí ar bhonn polasaithe, bíonn impleachtaí ansin do chluichí na gclub, bíonn impleachtaí don gcluiche idirchontae. Fút féin atá sé mar dhuine den lucht féachana d’aigne a dhéanamh suas.”

Tá daoine ann a deir nach bhfuil gá le haon athrú, go bhfuil na cluichí togha mar atá, nó mar a bhí, ach tugtar le fios sa tsraith nach féidir an fhorbairt a sheachaint.

“Labhraíomar mar shampla leithéidí Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh, a bhí 88 anuraidh, agus le cara eile liom John Hunt a bhí 98 nuair a cailleadh le déanaí é. Ceann de na rudaí a deir an bheirt acu, athraíonn an nádúr. Tagann athrú air gach nóiméad, gach soicind. Canathaobh gur dóigh linne nár cheart dár gcluichí féin athrú? B’fhéidir gur cuma fad agus go dtuigimid gurb iad na cluichí an rud is tábhachtaí.”

Deir Ó Cinnéide anois nach bhféadfadh CLG dul siar a thógáil fiú dá mbeidís ag iarraidh sin a dhéanamh. nach féidir é sin a dhéanamh.

“Cheapamar nuair a thosnaíomar amach go rabhamar ag pointe cinniúnach do Chumann Lúthchleas Gael, ag crosbhóthar. I ndeireadh na sraithe, táimid saghas tagtha ar an dtuiscint nach crosbhóthar é. Táimid ar ‘superhighway’ agus níl aon dul siar. Is dóigh liom gurb é sin mo thuiscint ar chúrsaí mar atá i ndiaidh na sraithe seo.”

  • Craolfar an chéad chlár de GAA Eile ag 8.30pm ar RTÉ One anocht

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge