Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Gníomhaíochas
  • Agóid: ‘Géarchéim eacnamaíochta, sóisialta agus teangeolaíochta’ sa nGaeltacht
<div-class="credit-nos"></div>-agoid:-‘gearcheim-eacnamaiochta,-soisialta-agus-teangeolaiochta’-sa-ngaeltacht

Agóid: ‘Géarchéim eacnamaíochta, sóisialta agus teangeolaíochta’ sa nGaeltacht

Tá agóid mhór beartaithe ag grúpaí ar chás leo an Ghaeltacht ag oifig an Aire Stáit Gaeltachta Seán Kyne inniu ag 15.00. 

Beidh baill an ghrúpa Misneach, agus grúpaí eile ar nós Bóithre Chonamara, Jabanna do cheantar Iorras Aithneach, N59 Action Campaing Connemara agus Glór na Tuaithe ag léiriú a míshásaimh le cur chuige an rialtais i leith na Gaeltachta ag oifig áitiúil an Aire Stáit i gcathair na Gaillimhe inniu. 

Deir Misneach go bhfuil an agóid beartaithe acu le maíomh an Aire Stáit nach bhfuil géarchéim ann sa nGaeltacht agus go bhfuil “géarchéim eacnmaíochta, sóisialta, agus teangeolaíochta” ann ar fud na Gaeltachta anois agus le héileamh air féin agus ar a rialtas “gníomhú dá réir”. 

‘Ceart don Ghaeltacht’ atáthar ag tabhairt ar agóid an lae inniu agus beifear ag díriú ar chúig mhór-réimse — an dífhostaíocht, an ganntanas infreastruchtúir, cás na teanga mar theanga phobail, imirce na n-óg, agus ciorruithe atá curtha i bhfeidhm ag an rialtas. 

Agus iad ag tagairt d’fhigiúirí a d’eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh dhá bhliain ó shin, dúirt Misneach go bhfuil cuid de na ceantracha is láidre Gaeltachta “ar na ceantracha is mó faoi mhí-bhuntáiste eacnamaíochta sa tír” agus go bhfuil “roinnt mhaith de thoghranna na Gaeltachta i measc na dtoghrann is boichte sa stát”. 

Dúradh freisin go bhfuil fadhbanna “ollmhóra” ann maidir le tithíocht, an córas taistil, cúrsaí leathanbhanda, seirbhísí leighis agus “tacaíochtaí go leor eile” atá riachtanach don phobal sa nGaeltacht. 

“Ar ndóigh, tá dúãdh forleathan oifigí poist sa nGaeltacht agus seirbhísí easnamhacha aeir agus báid ina n-údar aighnis chomh maith le cúpla bliain anuas. Is scanallach an droch-chaoi atá ar phríomhbhóithre sa nGaeltacht agus tá muintir Chonamara dubh dóite ag iarraidh ar an rialtas aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo,” a dúradh i ráiteas. 

Dúirt Misneach gur “náire dhearg” é gur bhain an rialtas airgead ón mbuiséad don phleanáil teanga le caoi a chur ar bhóithre Gaeltachta agus go dtéann a leithéid “glan in aghaidh phrionsabal na pleanála teanga féin”. 

“Nuair a deir an tAire Stáit nach bhfuil aon ghéarchéim ann, níl sé ach ag cur an dubh ina gheal, mar a dhéanann lucht na cumhachta i gcónaí. Ar ndoigh, le cois na bhfadhbanna seo uilig sa nGaeltacht, tá éigeandáil uafásah ann go hidirnáisiúnta ó thaobh na timpeallachta de agus beidh impleachtaí aige seo don Ghaeltacht chomh maith le chuile háit eile,” a dúradh. 

Tá súil ag Misneach agus ag na grúpaí eile pobail a bheidh ag agóidíocht inniu i nGaillimh go seasfaidh an pobal leo ag oifig an Aire Stáit ag 15.00. 

Níos mó
NÓS | NÓS

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge