Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Polaitíocht
  • An lámh in uachtar ag na Spice Girls ar na comhairleoirí áitiúla
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-lamh-in-uachtar-ag-na-spice-girls-ar-na-comhairleoiri-aitiula

An lámh in uachtar ag na Spice Girls ar na comhairleoirí áitiúla

Ní fhéadfadh an Comhairleoir Neamhspleách Dan McCarthy ó Neidín i gCiarraí Theas a chreidiúint gur imigh seisear ó aon tigh amháin cóngarach dó go coirm cheoil The Spice Girls i bPáirc an Chrócaigh ar lá na vótála, Dé hAoine seo a d’imigh tharainn.

“Níl na daoine óga ag teacht amach ag vótáil. Fadó, ní scaoilfí in aon áit sinn nó go mbeadh ár vóta caite againn. Chaillfeadh ár muintir an ceann mura vótálfaimis,” a dúirt sé liom agus é ag feitheamh go foighneach lena shuíochán ar Chomhairle Contae Chiarraí.

Is ait leis meon na ndaoine óga agus a laghad suime a bhí acu sna toghcháin áitiúla. 

Bainisteoir marglainne is ea Dan McCarthy i Neidín, atá sna 50idí déanacha, agus vóta mór ó fheirmeoirí Neidín aige. Arsa é liomsa, “conas a chuirfidh mé ina luí ar na daoine óga dul ag vótáil?”

D’fhiafraíos de an raibh leanaí aige. Dúirt sé go raibh. 

“Fiafraigh díobh sin, mar sin, cad atá ó na daoine óga i Neidín,” a dúrt leis. D’admhaigh sé féin, go m’bfhéidir go raibh an réimse oibre atá aige róchúng chun aird na ndaoine óga a tharrac.

Mar sin féin, níl an Comhairleoir John Francis Flynn, Fianna Fáil ach 28 bliain d’aois agus d’éirigh leis a shuíochán a choimeád ar Chomhairle Contae Chiarraí an uair seo. Caithfidh go bhfuil an t-aos óg i gCill Orglan ag vótáil dó sin.

Deir scata ná fuil aon suim ag an ndream óg sna toghcháin áitiúla. Dúirt duine amháin liom, atá sna 30idí luatha, gur cuma leis sa tsioc faoi na toghcháin mar ná cuireann na comhairleoirí contae isteach ná amach ar a shaol. Tuigim dó.

Ach mar sin féin, is é an uair a bheidh rud éigin ag teastáil uait, a theastóidh do chomhairleoir contae uait. B’fhéidir nach inniu ná amárach é sin, ach má tá cead pleanála á lorg ag duine óg, nó deontas le dul chuig an ollscoil, cá bhfágann sin iad, mura bhfuil an vóta caite acu?

Nuair a bhíos-sa 18, agus i dteideal vótála den gcéad uair, dheineas an rud a dúirt mo mháthair liom a dhéanamh, agus thugas vóta do pé duine a raibh iontaoibh aici sin as. 

Dar liom gur mar sin atá fós sa lá atá inniu ann, mar ná tagann na polaiteoirí ag caint le daoine óga, ná á gceistiú faoina gcuid mianta. Nílid ag teacht leis na hógánaigh.

Is fiú do na héinne, óg nó aosta, vóta a chaitheamh, mar lá breá éigin, agus sinn ag lorg cabhrach, ní bhraithfimid náirithe ag glaoch ar ár gcomhairleoirí áitiúla á lorg uathu.

Ach faraor, an babhta seo, bhí an lámh in uachtar ag na Spice Girls ar na comhairleoirí áitiúla. Tá ceist ann faoi cé acu is siamsúla, áfach!

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge