Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • ‘Baol ann nach mbeidh ag an Stát ach córas leathanbhanda tréigthe gan feidhm’ – an  rabhadh a tugadh don Rialtas
<div-class="credit-tuairisc"></div>-‘baol-ann-nach-mbeidh-ag-an-stat-ach-coras-leathanbhanda-treigthe-gan-feidhm’-–-an -rabhadh-a-tugadh-don-rialtas

‘Baol ann nach mbeidh ag an Stát ach córas leathanbhanda tréigthe gan feidhm’ – an  rabhadh a tugadh don Rialtas

Tugadh rabhadh don Rialtas an tseachtain seo caite go raibh baol don Státchiste “nach bhfacthas a leithéid cheana” ag baint leis an bplean leathanbhanda ar ghlac siad inné leis.

I meamram don rialtas a d’ullmhaigh oifigigh shinsearacha sa Roinn Caiteachais Phoiblí an tseachtain seo caite, dúradh go raibh costas an phlean ró-ard, go raibh an iomarca contúirte ag baint leis mar phlean agus go raibh amhras ann faoin tairbhe a bhainfí as.

Dúradh chomh maith go raibh an baol ann go mbeadh an Stát fágtha le córas leathanbhanda gan mhaith.

“Sa chás go mbeadh éileamh íseal ar an tseirbhís nó go dtiocfadh teicneolaíochtaí nua chun cinn sa mhargadh síorathraitheach seo, d’fhéadfadh go mbeadh an Stát fágtha le maoin thréigthe gan feidhm – maoin nach mbeadh aon úinéireacht ag an Stát uirthi fiú, cé go mbeadh €3 billiún caite aige uirthi,” a dúradh sa mheamram rialtais dár dáta an 1 Bealtaine.

Ghlac an Rialtas inné leis an bplean leathanbhanda ardluais a chur ar fáil do gach teach agus gnó sa tír ar chostas €3 billiún.

Dúradh chomh maith sa mheamram nach raibh aon chruthúnas ann gurbh fhiú nó gurbh inmholta €3 billiún a chaitheamh ar an bplean agus go raibh “údar mór imní” ann faoi “inchreidteacht” na hanailíse a bhí déanta maidir le costas agus tairbhe an togra.

Chomhairligh na hoifigigh go láidir don Aire Paschal Donohoe agus don rialtas an plean a chur ar ceal, comhairle nár glacadh léi.

Moladh in áit an phlean go gcuirfí feabhas de réir a chéile ar an tseirbhís leathanbhanda bunaithe ar bPlean Náisiúnta Forbartha.

Luadh sa mheamram a d’ullmhaigh na státseirbhísigh, ina measc Ard-Rúnaí na Roinne Caiteachais Phoiblí Robert Watt, go mbeadh “impleachtaí tromchúiseacha” ag an bplean ar thograí ranna eile. Dúradh dá nglacfaí leis an bplean mar a bhí molta go gcaithfí pleananna i réimsí na tithíochta sóisialta, an oideachais, na sláinte agus an athraithe aeráide a chur siar nó a chaitheamh i dtraipisí ar fad.

Chun an pointe sin a léiriú, cuireadh liosta samplach ar fáil sa mheamram de thograí a d’fhéadfadh a bheith i mbaol, togra mór Gaeltachta ina measc, an seachbhóthar timpeall ar Mhaigh Cuilinn i gConamara.

Ar an liosta de thograí eile a bhféadfadh go gcaithfí iad a fhágáil ar an bhfaraor géar, bhí 2,000 áras cónaithe sóisialta, 18 bunscoil nua agus 9-10 ionad sláinte príomha.

Bhí an meamram, a ullmhaíodh don chruinniú rialtais inné ag ar glacadh leis an bplean leathanbhanda, i measc scata meamram rúnda faoi phróiseas tairisceana an chórais leathanbhanda  a d’fhoilsigh an Rialtas inniu.

Ar na cáipéisí eile bhí nóta a chuir Robert Watt, Ard-Rúnaí na Roinne Caiteachais Phoiblí, faoi bhráid an Aire Paschal Donohoe ar an 4 Aibreán, nóta a pléadh ag cruinniú idir an tAire agus an Taoiseach an lá céanna. Dúradh sa nóta sin gur chóir an próiseas tairisceana a chur ar ceal ar bonn “costas, acmhainn, luach ar airgead agus riosca”. Leagadh amach i gcáipéis a cuireadh ar fáil leis an nóta na húdair imní is mó a bhí ann i dtaobh an phlean agus malairt bealaí le tabhairt faoi.

Ar na cáipéisí eile a foilsíodh inniu, bhí litir a sheol Robert Watt, chuig Mark Griffin, Ard-Rúnaí na Roinne Cumarsáide.

Dúirt Watt sa litir, a seoladh ar an 16 Aibreáin, gur dheacair dó luach ar airgead a fheiceáil sa mholadh a bhí le cur faoi bhráid an Rialtais agus gur dhóigh leis nach chun leasa an cháiníocóra a bheadh sé. Ba dheacair dó chomh a dúirt sé a shamhlú conas a d’fhéadfaí cás a dhéanamh don phlean a raibh baol mór ag baint leis.

Mhaígh Watt go mbeadh gach pingin a d’infheisteodh an comhlacht príobháideach sa chóras faighte ar ais acu faoi 2028, tráth a mbeadh nach mór €2.5 billiún caite ag an rialtas ar an gcóras. ‘Dúléim na guaise’ a thug Watt ar an bplean ar thug an Rialtas a bheannacht dó inné.

Sa bhfreagra a thug Ard-Rúnaí na Roinne Cumarsáide, Mark Griffin, ar Watt, dúradh go raibh an moladh bunaithe ar dhiananailís a rinneadh thar thréimhse trí bliana agus gur cinntíodh go rabhthas ag cloí leis an gCód Caiteachais Phoiblí. Bhíothas sásta, a dúradh, go bhféadfaí spriocanna polasaí an Rialtais a bhaint amach ach glacadh leis an aon iarratas a bhí fágtha sa phóiseas tairisceana.

Dúirt Griffin, áfach, nach bhféadfaí luach ar airgead an togra a thomhas go dtí go mbeadh feidhm tugtha don chonradh agus an tseirbhís nua á soláthar. Fiú ansin bheadh luach ar airgead ag brath ar an Rialtas córas cuí maoirseachta agus rialachais a chur i bhfeidhm.

I gcáipéis eile de chuid na Roinne Cumarsáide a foilsíodh inniu, dúradh go mbeadh na trí phlean eile ab fhearr a raibh scagadh déanta orthu níos costasaí ná plean an Rialtais agus go dtógfadh sé níos mó ama iad a chur i bhfeidhm.

Chinn an Rialtas tráthnóna inné an conradh don Phlean Náisiúnta leathanbhanda a thabhairt don aon ghrúpa a bhí fós istigh air, Broadband Ireland, an mheitheal a bhfuil David McCourt, fear gnó as Meiriceá i gceannas uirthi.

Faoin gconradh, ar fiú €3 billiún é, beidh ar an gcomhlacht an líonra leathanbhanda nua a thógáil agus a riaradh ar feadh 25 bliain. 

Beidh an rogha ag an Stát síneadh deich mbliana eile a chur leis an gconradh ach ní bheidh aon úinéireacht ag an Stát ar an ngréasán ag deireadh thréimhse an chonartha. 

Tá conspóid mhór ag baint le cur chuige an Rialtais i leith an phlean leathanbhanda agus tuairiscíodh cheana go raibh oifigigh shinsearacha sa Roinn Caiteachais Phoiblí den tuairim nach luach maith ar airgead a bhí ann. 

Tá cáineadh géar déanta chomh maith ag polaiteoirí an fhreasúra ar chur chuige an Rialtais.

Deir an Rialtas go n-athróidh an plean an saol faoin tuath ó bhonn agus gurbh fhiú €12,000 do chuile theaghlach an leathanbhanda ardluais snáithín optaice.

Tuairiscítear gur tréimhse seacht mbliana atá leagtha síos chun gach ceann den 540,000 teach agus gnó a cheangal leis an líonra nua. Beidh táille aon uaire €100 le híoc ag gach teaghlach sula gceannóidh siad seirbhís ó chomhlachtaí amhail Eir, Vodafone agus Virgin Media.

Tuairiscítear gur mhéadaigh an costas a measadh a bheadh ar an bplean náisiúnta leathanbhanda as cuimse idir 2015-2018 – ó €1 billiún go €3 billiún.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge