Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Gaeltacht
  • Beirt ó leithinis Chorca Dhuibhne tofa agus na cosa tugtha leis ag Séamus Chosaí MacGearailt
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-beirt-o-leithinis-chorca-dhuibhne-tofa-agus-na-cosa-tugtha-leis-ag-seamus-chosai-macgearailt

Beirt ó leithinis Chorca Dhuibhne tofa agus na cosa tugtha leis ag Séamus Chosaí MacGearailt

Den gcéad uair le deich mbliana, beidh beirt ó leithinis Chorca Dhuibhne ar Chomhairle Contae Chiarraí, tar éis toghadh na nGearaltach, Breandán (Fianna Fáil) agus Séamus Chosaí (Fine Gael) sna toghcháin áitiúla inné. 

Ach ní gan dua é. 

B’éigean athchomhaireamh iomlán a dhéanamh ar na vótaí a caitheadh i dtoghcheantar Chorca Dhuibhne, nuair nach raibh idir Séamus Chosaí Fitzgerald agus a leathbhádóir i bhFine Gael, Tommy Griffin, ach 56 vóta tar éis an gcúigiú comhaireamh. 

Cé go raibh sé mar sheana-phort ag an gcomhairleoir de chuid Fhianna Fáil Michael D. O’Shea go raibh ualach cairt asail de vótaí caillte aige de dheasca na n-athruithe a deineadh ar theorannacha an toghcheantair, agus é á rá coitianta go raibh a shuíochán i mbaol, ní raibh, ná baol air. 

Fuair sé 1,680 vóta céadrogha, agus cé nár bhain sé an cuóta 1,873 amach go dtí an tríú comhaireamh, bhí sé soiléir ón gcéad teailí go mbeadh an chéad shuíochán ag fear Bhaile an Mhuillinn. 

Ba é an t-iarrthóir neamhspleách David Russell ó Choimín Chill Chúile an chéad iarrthóir a cuireadh as an áireamh. Ina dhiaidh siúd bhí iarrthóir Chomhaontas Glas, Michael Fitzgerald, ón gCaisleán Ó dhúchas ach atá ag maireachtaint i mBaile Átha Cliath. Dála iarrthóirí Chomhaontas Glas ar fud na tíre, chuir an líon vótaí a fuair Fitzgerald ionadh ar a lán, faoi mar a dhein an líon a fuair iarrthóir Shinn Féin, Robert Brosnan, an chéad uair ag Brosnachánach Chuilín a’ Daingin a bheith ina iarrthóir. Bé é an tríú ábhar iontais san ionad comhairimh i dTrá Lí ná gurb é Breandán Fitzgerald, Fianna Fáil, ó Bhaile na Buaile seachas Séamus Chosaí Mac Gearailt a bhí sa dara háit. 

Ní raibh ach fiche vóta idir Cosaí agus Tommy Griffin tar éis an ceathrú comhaireamh, agus nuair a dáileadh vótaí Bhreandáin Mhic Gearailt, 56 vóta a bhí eatarthu. Lorgaíodh, agus ceadaíodh, athchomhaireamh iomlán. Bhíothas den dtuairim go bhféadfadh an triúr Gearaltach a bhí ar an bpáipéar ballóide mearathal a chur ar lucht an chomhaireamh, ach mar sin féin, níor dhein an t-athchomhaireamh aon difríocht, agus toghadh Séamus Chosaí Mac Gearailt ina éis. 

Tá gá le cneácha a leigheas i bhFine Gael i dtoghcheantar Chorca Dhuibhne tar éis an fheachtais, a dúirt Séamus Chosaí Fitzgerald tar éis an athchomhairimh. Dúirt sé go raibh sé féin agus leathbhádóir Tommy Griffin rómhór in iomaíocht lena chéile agus go gcaithfí “go leor cainte” a dhéanamh laistigh den pháirtí.

Níos mó

Daithí De Mórdha

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge