Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Spórt
  • ‘Bí i do sheaimpín do dhuine éigin óg’
<div-class="credit-nos"></div>-‘bi-i-do-sheaimpin-do-dhuine-eigin-og’

‘Bí i do sheaimpín do dhuine éigin óg’

Nuair a bhí Louise Quinn, a imríonn sacar ar son na hÉireann agus atá ag imirt go gairmiúil le Arsenal, ina cailín beag spreag daoine thar timpeall uirthi í fanacht leis an sacar agus leis an spórt. Anois, tá sí féin ina heiseamláir do pháistí ar mhaith leo geansaí glas na hÉireann a chaitheamh lá breá éigin agus iad mór. 

Táimid timpeallaithe ag rólchuspaí éagsúla, idir fhir agus mhná. Laochra mar Katie Taylor, Louise Quinn, Brian O’Driscoll, Niamh Briggs, Joe Canning, Sonia O’Sullivan, Anna Geary — tá an liosta chomh fada le bliain. Tá sé éasca mar sin, dearmad a dhéanamh gur féidir leis an ngnáthdhuine a bheith ina eiseamláir chomh maith, agus gurb iad na gnáthdhaoine a chruthaíonn an draíocht a bhíonn muid a cheiliúradh – na lúthchleasaithe.

Chuir mé Louise Quinn faoi agallamh le deireanas agus bhí sí ag déanamh cur síos ar chomh tábhachtach agus atá sé go mbeadh gasúir á spreagadh, go háirithe cailíní. A múinteoir a rinne é sin nuair nach raibh Quinn ach seacht mbliana d’aois. Miss Slattery a bhí ar a múinteoir agus chuir sí nóta abhaile i mála scoile Louise Quinn ag rá gur iontach an imreoir sacair a bhí inti, agus go raibh sí níos fear ná na buachaillí ar fad. 

Choinnigh tuismitheoirí Quinn an nóta sin, crochadh in airde é, agus tá sé fós ina seilbh. Seans maith nach bhfuil cuimhne ar bith ag Miss Slattery ar an nóta seo, nó má tá, nár thuig sí an ról a bhí aici féin i bhforbairt duine de na himreoirí is fearr riamh a facthas i ngeansaí na hÉireann. 

Ní gá go mbeadh muid ag breathnú ar na réaltaí lenár gcuid gasúr agus muid féin a spreagadh. Tá muid ar fad in ann ár bpáirt féin a dhéanamh chun cuidiú le gasúir agus daoine eile a gcuid aislingí a bhaint amach. Tá dualgas orainn ar fad rud éigin a dhéanamh, bíodh sé beag féin. 

Mar gheall ar an nóta sin, a thóg b’fhéidir tríocha soicind le scríobh agus le caitheamh isteach sa mála, choinnigh Louise Quinn leis an sacar. Thug sé gríosadh di gur cheap duine fásta go raibh sí go maith. Spreag an nóta a cuid tuismitheoirí í a thabhairt amach taobh amuigh ag spraoi agus ag cleachtadh. Tugadh ag traenáil í. Creideadh inti. 

Tá Louise Quinn anois 27 bliain d’aois agus í mar dhuine de na h-ambasadóirí atá ag an bhfeachtas 20×20, in iarracht níos mó mná a choinneáil leis an spórt agus clúdach níos fearr a thabhairt do spórt na mban sna meáin. 

Bhí an t-ádh dearg ar Louise Quinn go raibh an tacaíocht sin aici, ach níor cheart go mbeadh sciorta den ádh uait le go mbeadh ugach á fháil agat coinneáil ort agus do chuid brionglóidí a fhíorú. Táimid go dona ag moladh a chéile in Éirinn agus táimid níos measa fós á ghlacadh. Níor chleacht muid é. Mar a deirtear sa bparóiste seo, dean agus bris nós. Bí i do sheaimpín do dhuine éigin. 

 

Níos mó
NÓS | NÓS

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge