Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Cúiteamh €2.1 milliún do Ruth Morrissey as míléamh tástálacha ailse
<div-class="credit-tuairisc"></div>-cuiteamh-e2.1-milliun-do-ruth-morrissey-as-mileamh-tastalacha-ailse

Cúiteamh €2.1 milliún do Ruth Morrissey as míléamh tástálacha ailse

San Ard-Chúirt inniu deonaíodh cúiteamh €2.1 milliún do Ruth Morrissey nuair a d’éirigh léi i gcás a thug sí féin agus a fear céile in aghaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus dhá shaotharlann sna Stáit Aontaithe mar gheall ar thástálacha ceirbheacs a rinneadh uirthi.

Tá ailse nach bhfuil leigheas uirthi ar Ruth Morrissey, agus í féin agus a fear céile, Paul, as Móin an Lín i Luimneach, a thionscain an cás.

Dúirt an Breitheamh Kevin Cross go raibh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i dteideal slánú le haghaidh damáistí i gcoinne na saotharlann don €2.1 milliún cúitimh, seachas  €10,000 cúitimh a bhí ag dul di de bharr nár insíodh di faoi thorthaí na n-athbhreithnithe.

Rinneadh tástálacha ceirbheacs ar Morrissey, atá 37 bliain d’aois anois, in 2009 agus 2012. In 2014 a fuair sí amach raibh ailse i muineál na broinne uirthi.

Rinneadh athbhreithniú ar na tástálacha sin in 2014 agus 2015 agus cuireadh na torthaí ar aghaidh go dtí gínéiceolaí Morrissey in 2016 ach bhí sé dhá bhliain eile nuair a insíodh di féin faoi na torthaí sin. Fuarthas amach san athbhreithniú gur baineadh míbhrí as léamh na samplaí agus go ndearnadh míthuairisciú orthu. Mhaígh sí sa chúirt nach ndéarfaí aon rud léi in aon chor faoi na hathbhreithnithe murach cás cúirte Vicky Phelan.

Mhaígh Ruth Morrissey san Ard-Chúirt dá mbeadh sí féin ar an eolas faoi na tuairiscí míchruinne sin go bhféadfadh sí scanadh agus tástálacha breise a éileamh agus go bhféadfadh go mbeadh cóireáil curtha uirthi in am trátha agus nach mbeadh an ailse ag borradh gan aon mhonatóireacht ná cóir leighis.

I mí Feabhra na bliana seo caite fuair sí amach go raibh an ailse ar ais agus níor thug lucht leighis di ach idir bliain agus dhá bhliain saoil.

Thug sí a cás in aghaidh an HSE agus Quest Diagnostics agus MedLab Pathology Ltd, an dá shaotharlann a rinne anailís ar na tástálacha d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

San Ard-Chúirt inniu, dúirt an Breitheamh Kevin Cross go raibh an tsaotharlann a scrúdaigh sampla 2009 faillitheach agus míléamh á dhéanamh ar an sleamhnán agus gur sháraigh sí a dualgas.

Ní raibh an tsaotharlann a scrúdaigh tástáil 2012 faillitheach toisc nár thug siad faoi deara go raibh cealla mínormálta inti ach ba shárú dualgais agus faillí acu gan a sheiceáil cibé an raibh an sleamhnán féin dóthanach don tasc.

D’aontaigh an Breitheamh dá ndéanfaí amhlaidh go raibh gach seans ann go dtabharfaí faoi deara nach raibh an sleamhnán dóthanach agus go ndéanfaí atástáil cheirbheacs ar Ruth Morrissey laistigh de thrí mhí.

Fuarthas sa chúirt nach raibh an HSE faillitheach toisc nár cuireadh Morrissey ar an eolas faoi thorthaí an athbhreithnithe. Ghlac an HSE leis san Ard-Chúirt go raibh dualgas cúraim orthu i leith Ruth Morrissey ach shéan an dá shaotharlann gach éileamh.

Cás an-tábhachtach é an cás seo a tionscnaíodh i mí Iúil seo caite mar is é an chéad chás faoi scannal na dtástálacha ailse ar cuireadh an cás ar fad os comhair Breitheamh Ard-Chúirte agus bhí go leor ban ar fud na tíre ag coinneáil súil ghéar ar na himeachtaí.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge