Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
<div-class="credit-nos"></div>-da-dtiocfadh-mionlaigh-le-cheile-seans-go-ndeanfai-difear

Dá dtiocfadh mionlaigh le chéile seans go ndéanfaí difear

“Is é an duine is mó a léirítear dímheas air i Meiriceá an bhean ghorm.”

Focail eagnaí ag réabhlóidí áirithe, agus tá an teachtaireacht seo follasach i sráideanna Mheiriceá, ní hamháin ó tacadóirí na teachtaireachta, ach ó bhearta ionsaitheacha agus leatromacha a bhuanaigh an ráiteas agus a léirigh a fhírinne. 

Seans go bhfuil tú ag fiafraí cén bhaint atá ag an ráiteas seo liomsa, mar ní duine gorm mé agus ní bean mé. Mar sin féin, tá cosúlacht idir cás na mná a luaigh Malcolm X agus mo chás féin. 

Bhí streachailt bhreise ag an mbean ghorm de bhrí go n-imrítí — agus imrítear fós — leatrom de bharr an dá thréith éagsúla sin. Is mar sin atá do roinnt mhaith daoine fud fad na cruinne: an duine trasinscneach de chine daite; an t-inimirceach faoi míchumas infheicthe; an teifeach aiteach, mar shampla. 

In ainneoin na ndifríochtaí, beidh leibhéal breise ann i gcónaí ina streachailt, leibhéal nach mbeadh ann mura mbeadh acu ach an tréith mhionlach amháin. 

Cé nach mbeidh mo thaithí-se mar an gcéanna le duine ar bith atá thuasluaite, tá bá agam leo, mar Ghaeilgeoir, agus mar Ghaeilgeoir atá aerach. Tá a fhios agam go díreach cad é mar a mhothaíonn sé nuair a dhéanann daoine leatrom ní hamháin ar ghné amháin, ach ar dhá ghné atá thar a bheith tábhachtach i mo shaol féin.

Le mo chuimhne, bhí mé i mo Ghaeilgeoir, agus bhí mé aerach. Is í an chuimhne is luaithe atá agam de seo ná a bheith dhá bhliain d’aois, nuair a thosaigh mé sa chóras Gaeloideachais, mar aon le mo ghrá d’fhigiúirí snoite na réaltaí WWE.

Ní raibh tuiscint iomlán agam ar na gnéithe seo de mo shaol go dtí gur bhain mé deich mbliana d’aois amach. Is ansin a d’aithin mé nár chloígh sé le ‘caighdeáin’ na sochaí a bheith aerach. 

Tháinig dhá bhliain den fhéinfhuath sna sála ar an tuiscint sin, rud a bhí le sonrú ón ghá minic a bhí agam le hathdhearbhú ó chairde go raibh dúil acu ionam, agus go raibh fáilte romham, fiú sular tháinig mé amach. Do dhaoine eile, maireann an tréimhse dhorcha seo i bhfad níos faide, agus bíonn impleachtaí i bhfad níos measa, agus fadtéarmacha aici orthu.

Thart faoin am seo, bhí tuiscint á fáil agam ar an fheachtas #AchtAnois. Ní raibh mé airdeallach ar an bhfeachtas mar thoradh mar gheall ar aineolas ar staid phobal na Gaeilge ó thuaidh. 

Chuir an difear millteanach a bhí idir scoileanna lán-Bhéarla agus mo scoil féin iontas mór orm. Roinneadh ár seomraí ranga, ní raibh an bhialann in ann freastal cuí a dhéanamh ar phobal na scoile, agus ba ghnáthrud é an trealamh seanaimseartha, ní hamháin dom féin, ach do dhaltaí eile na scoile. 

Rinne an scoil a seacht ndícheall lena raibh acu. Mar sin féin, léirigh scéalta ó chairde taobh amuigh den scoil, faoi fhorbairtí agus thionscadail nua sna scoileanna éagsúla, cé chomh gann is a bhí maoiniú na nGaelscoileanna. 

Chuir an tuiscint níos doimhne ar Acht na Gaeilge go mór le m’fheasacht féin i dtaobh na polaitíochta, agus an dóigh a gcaitear leis an Ghaeilge ó thuaidh. Agus mé 12 bliain d’aois, dúirt mé le mo chairde agus mo theaghlach go raibh mé aerach, agus fuair mé freagraí dearfacha ó gach uile dhuine — seachas cúpla scriobláil dímheasúil i leithreas na scoile agu trácht annamh ó dhaoine áirithe.

As sin amach, trí léitheoireacht neamhspleách, trí chomhrá, agus trí chos a choinneáil leis an nuacht, d’fhoghlaim mé go mbeadh streachailt i gcónaí ann i mo shaol, mar Ghaeilgeoir agus mar fhear aerach óg, an comhionannas a bhaint amach.

Nuair nach féidir leis an rialtas reachtaíocht chosantach a dhearbhú, reachtaíocht a chinnteodh go gcuirfear mo chearta daonna i bhfeidhm, de bhrí go gcaitheann toghthóirí a vóta ina n-aghaidh, cé ar cheart dom féin — agus daoine cosúil liomsa — a bheith ag brath orthu?

Ba chúis náire é bheith ar an eolas go raibh córais i bhfeidhm a bhí á mhí-úsáid ag baill rialtais chun bac a chur le hAcht a d’aithneodh agus a chosnódh teanga dhúchais na tíre, agus le hAcht a thabharfadh aitheantas do na cineálacha éagsúla grá atá anseo. 

Dóibh siúd a deir go bhfuil muid ábalta ár dteanga a labhairt gan srian, ní mór tabhairt faoi deara gur iomaí iarracht a rinneadh thar na céadta deireadh a chur leis an Ghaeilge, agus nach bhfuil sé míréasúnta tacaíocht uilechoiteann a lorg di

Agus mo thuiscint ar chúrsaí polaitíochta anseo ag bláthú, rith gluaiseachtaí idirnáisiúnta polaitiúla liom, agus is dócha gurb í Gluaiseacht an Fheimineachais an ghluaiseacht is iomráití agus is mó fás le deich mbliana anuas. 

Aithnítear inti pribhléidí áirithe atá ag daoine ar leith, nach bhfuil ag daoine eile. Cé go dtugann an Feimineachas cora casta na n-inscní chun solais, aithnítear go bhfuil bacanna eile ann do mhná áirithe. Cuirtear an éagsúlacht cine, eitneachta, aicmí sóisialta, gnéaschlaonadh agus araile san áireamh. 

Mar shampla, má dhéanann Cugasach mná feachtasaíocht ar son comhchearta, bíonn pribhléid aici nach mbíonn ag an bhean ghorm, nó ag an Áiseach mná mar gheall ar a gcine. Tá tréith ‘éagsúil’ sa bhreis ag na mná seo anuas ar a n-inscne.

Cén bhaint atá aige seo le bheith i do Ghaeilgeoir aerach mar sin? Tá an mionlach taobh istigh de mhionlach róbheag le múnla na bhFeimineach a ghlacadh chugainn féin, ach dá dtiocfadh mionlaigh le chéile chun tacú lena chéile,  seans go ndéanfaidh sé difear. 

Dearbhaíodh seo domsa trí mo rannpháirtíocht sna feachtais i measc an phobail, a chuaigh i ngleic leis an dá cheist a bhí i gcroílár an dioschúrsa pholaitiúil. Is féidir le daoine a thagann le chéile, agus atá eagraithe, an domhan timpeall orthu a athrú.

Ní hionann é a bheith mar bhall den phobal LADT agus a bheith i do Ghaeilgeoir, ach ní neamhionann iad ach an oiread. Léirím féin agus neart daoine eile gur féidir an dá rud a bheith in éineacht. 

Déantar leatrom agus imeallú ar an dá phobal, agus mothaíonn an dá phobal nach bhfuil duine ar bith a bhfuil gcumhacht acu ag tacú leo — ní neart go cur le chéile. 

Níos mó
NÓS | NÓS

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge