Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Dath ‘Glas’ curtha sa tírdhreach polaitiúil in Éirinn agus ar fud na hEorpa
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-dath-‘glas’-curtha-sa-tirdhreach-polaitiuil-in-eirinn-agus-ar-fud-na-heorpa

Dath ‘Glas’ curtha sa tírdhreach polaitiúil in Éirinn agus ar fud na hEorpa

Tá dath úr curtha sa tírdhreach polaitiúil ag Comhaontas Glas ocht mbliana ó bhí an páirtí i mbaol a dhíothaithe.

Ba é an méadú mór ar líon na vótaí a fuair Comhaontas Glas scéal mór na dtoghchán áitiúil agus Eorpach agus an páirtí tagtha i dtreis ar fud na tíre.

Is léir glacadh níos mó ná riamh a bheith ann leis an teachtaireacht Ghlas i dtaobh an athraithe aeráide agus na timpeallachta, ní hamháin in Éirinn ach ar fud na hEorpa.

Tháinig na Glasaigh sa dara háit sa Ghearmáin, mar shampla, agus iad chun tosaigh ar na Daonlathaigh Sóisialta sa tír sin.

Drochscéal amach is amach a bhí sna toghcháin abhus do Shinn Féin ar tháinig meath ar a gcuid tacaíochta ar fud an stáit. Sciar 9.5% den vóta náisiúnta a bhí ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla, i gcomparáid le 15.2% in 2014 agus tháinig laghdú mór ar líon na vótaí ag a bhfeisirí Eorpacha chomh maith.

Beidh Fianna Fáil fós ar an bpáirtí is mó ar na húdaráis áitiúla nuair atá deireadh déanta agus údar mór uchtaigh dóibh an dul chun cinn atá déanta acu i mBaile Átha Cliath. Sciar de thart ar 27% den vóta náisiúnta céadrogha a bheidh ag Fianna Fáil i gcomparáid le thart ar 25% ag Fine Gael.

Cuíosach a bhí taispeántas Fhine Gael, rud a d’admhaigh an Taoiseach féin, Leo Varadkar.

Má ba léiriú scéal Chiaráin Cuffe, a tháinig sa chéad áit sa toghchán Eorpach i mBaile Átha Cliath le  63,849 vóta céadrogha, ar rath Chomhaontas Glas, ba léiriú chomh maith céanna ar a bhforás scéal na dtoghchán áitiúil. 

Agus nach mór 850 suíochán líonta, bhí nach mór leathchéad ceann ag Comhaontas Glas in ainneoin nach raibh aon iarrthóir acu in os cionn leath de na toghcheantair.

Ina measc siúd a dhein an beart don pháirtí bhí Alastair McKinstry i gConamara Theas, eolaí aeráide arb é an chéad duine riamh é ag an bpáirtí a toghadh ar Chomhairle Contae na Gaillimhe. 

Ar na buaiteoirí eile ag Comhaontas Glas, bhí Peadar Kavanagh, duine de bheirt bhunaitheoirí an Pop Up Gaeltacht, a thug suíochán leis i gCluain Dolcáin. 

Agus an comhaireamh fós ar siúl ar fud na tíre, bhí an chuma ar an scéal go mbeadh beirt eile d’iarrthóirí an pháirtí san iomaíocht do shuíochán sna toghcháin Eorpacha, Saoirse McHugh i dtoghlach Láir-Tíre- An Iarthuaiscirt agus Grace O’Sullivan sa Deisceart. 

Má tá an saol ar sheol na braiche ag Eamonn Ryan agus a chomhghleacaithe faoi láthair, ní hamhlaidh do Mary Lou McDonald agus Sinn Féin.

Thit an tóin as vóta Shinn Féin san ardchathair agus in áiteanna eile ar fud na tíre i gcomparáid le toghcháin 2014. Sna toghcáin Eorpacha, mar shampla. laghdaigh líon na vótaí céadrogha a fuair Lynn Boylan i mBaile Átha Cliath faoina leath agus i mbaol mór a shuíochán a chailliúint.

‘Slad’ a thug an Feisire Eorpach Gaeltachta Liadh Ní Riada ar an laghdú mór a tháinig ar líon na vótaí a fuair an páirtí.

‘Taoide Glas’ atáthar ag tabhairt ar an méadú ar an tacaíocht i measc an phobail do Chomhaontas Glas, ach ‘Tsunami Glas’ a thug Mary Lou McDonald air agus creathadh mór bainte as Sinn Féin, mar a tharla sa toghchán uachtaránachta an fómhar seo caite.

Dúirt sí go raibh go leor “ceachtanna le foghlaim” ag an bpáirtí, ach is cinnte go mbeidh ceisteanna á gcur chomh maith fúithi féin mar cheannaire.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur “teachtaireacht shoiléir” ón bpobal a bhí sa tacaíocht a léiríodh do Chomhaontas Glas agus go gcaithfeadh an Rialtas “gníomhú níos tapúla” maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide.  

Ghéill an Taoiseach gur údar díomá ar an mórgóir a bhí sna toghcháin d’Fhine Gael agus ghlac sé leis nár éirigh chomh maith lena pháirtí is a bhíothas ag súil leis. 

Bhí Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó a mheall vótaí sna toghcháin áitiúla, ach is é an t-údar dóchais is mó atá acu ná go bhfuil siad ag teacht ina neart arís de réir a chéile i mBaile Átha Cliath, mar a bhfuil siad ag strácáil ó tugadh greadadh dóibh ar fud na tíre in olltoghchán 2011. 

Beidh Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus tháinig méadú ar thacaíocht an pháirtí chomh maith i gCiarraí, i gCorcaigh agus i nGaillimh.

D’fhéadfadh chomh maith go mbeidh dhá shuíochán acu sna toghcháin Eorpacha, Billy Kelleher atá go láidir san iomaíocht sa Deisceart agus Barry Andrews a bhfuil an-seans aige i mBaile Átha Cliath. 

Níor éirigh chomh maith sin le Brendan Smith i dtoghlach an Láir-Tíre-an Iarthuaiscirt, cé nach raibh a sciar den vóta chomh híseal is a tugadh le fios i bpobalbhreith iarvótála RTÉ agus TG4.

Níl aon cheann de na 13 suíochán atá ar fáil sna toghcháin Eorpacha ó dheas, ná na trí cinn atá ar fáil ó thuaidh, líonta go fóill.

I bhfianaise thorthaí na dtoghchán, ní cosúil go bhfuil aon dul chun cinn déanta ag Páirtí an Lucht Oibre.

Má tá Fianna Fáil agus Comhaontas Glas ag teacht chucu féin ón ngreadadh a fuair siad aimsir na géarchéimhe eacnamaíochta, ní cosúil go bhfuil aon teacht aniar ar fiú trácht air déanta ag Páirtí an Lucht Oibre ós na buillí a buaileadh orthu i ndiaidh na tréimhse is déanaí acusan i gcomhrialtas.

Chaith níos mó daoine vóta sna toghcháin Eorpacha ar fud na hEorpa ná mar a caitheadh in aon toghchán don pharlaimint roimhe seo. 

Tháinig laghdú ar an sciar den vóta atá ag an dá mhórghrúpa sa lár a bhfuil smacht ar an bparlaimint acu le 40 bliain anuas agus dul chun cinn déanta ag Glasaigh agus ag iarrthóirí an-fhada amach ar an eite dheis. 

Níor fíoraíodh áfach an tairngreacht go dtiocfadh borradh mór faoi líon na n-iarrthóirí an-fhada amach ar an eite dheis a thoghfaí ar fud na hEorpa, cé go bhfuair Rassemblement national, páirtí  Marine Le Pen, an ceann is fearr ar pháirtí Emmanuel Macron sa bhFrainc.

Páirtí an Bhreatimeachta a tháinig sa chéad áit sa Bhreatain, áit ar éirigh chomh maith le páirtithe atá ar son fanacht san AE, na Liberal Democrats agus na Glasaigh. 

Idir an dá linn, a reifreann maidir leis an gcolscaradh, vótáil móramh mór, 82% go n-athrófaí an bunreacht maidir leis an tréimhse ama is gá roimh iarratas a dhéanamh ar cholscaradh agus maidir le stádas a thabhairt do cholscaradh a ceadaíodh thar lear.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge