Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Diúltaithe d’achomharc faoin nGaeilge ó phinsinéir a leag buama ar bhus le linn cuairt banríona
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-diultaithe-d’achomharc-faoin-ngaeilge-o-phinsineir-a-leag-buama-ar-bhus-le-linn-cuairt-banriona

Diúltaithe d’achomharc faoin nGaeilge ó phinsinéir a leag buama ar bhus le linn cuairt banríona

Diúltaíodh sa chúirt inniu don achomharc ar bhonn cearta teanga a rinne pinsinéir a leag buama ar bhus agus a rinne bagairtí bréige buamála le linn chuairt stáit Bhanríon Shasana ar Éirinn.

Mhaígh lucht dlí Dónal Billings (67), ar éisteadh a chás i mBéarla agus i nGaeilge sa Chúirt Choiriúil Speisialta, gur “scriosadh” cearta teanga a gcliaint le linn na trialach.

Fuarthas Dónal Billings, a raibh seoladh aige i St Bridgets Court, Droim Lis, An Longfort, ciontach i bpléascáin a bheith ina sheilbh agus i mbagairtí buamála a dhéanamh ceithre huaire i mí na Bealtaine 2011, ar a n-áirítear uair ar dhúirt sé go raibh dhá mhoirtéar i gCaisleán Átha Cliath le linn an fhéasta stáit do Bhanríon Eilís Shasana.

Gearradh ocht mbliana go leith príosúin ar Billings in 2016. Dúirt an Breitheamh Tony Hunt ag an am go raibh “lánchead aige drochmheas a bheith aige ar an mBanríon Eilís” agus a cuairt go hÉirinn ach nach raibh aon chead aige an tuairim sin a chur in iúl trí ghníomh coiriúil. Gearradh pianbhreitheanna i gcomhthráth air bagairtí bréige buamála a dhéanamh.

I mbreithiúnas a cuireadh ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge inniu, dúirt Uachtarán na Cúirte Achomhairc, an Breitheamh George Birmingham go raibh achomharc Billings bunaithe ar dhá chúis, an raibh go leor fianaise ann agus an raibh sárú ar chearta teanga i gceist.

Dúirt an Breitheamh gurb amhlaidh nár dhóigh leis an gCúirt go raibh aon ghanntanas fianaise ann ar chor ar bith chun Billings a chiontú.

Ina theannta sin, dúirt sé nár dhóigh leis an gCúirt gur léiríodh an oiread dímheasa ar chearta teanga Billings gur chóir a chiontú a chur ar neamhní.

Mhaígh abhcóide Billings, Martin Giblin SC, gur “scriosadh” cearta teanga a chliaint le linn a thrialach. 

Ag cur a chás i láthair na Cúirte i nGaeilge, dúirt Giblin gur theastaigh ó Billings ó 2011 i leith gur triúr Breithiúna a mbeadh Gaeilge acu a d’éistfeadh a chás. 

Mhaígh Giblin  go raibh dualgas ar an Stát, ar an gCúirt Choiriúil Speisialta agus ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí meas a léiriú ar an mbunreacht agus ar a chearta teanga bunúsacha faoin mbunreacht. Ní fhéadfaí cearta bunreachtúla a shéanadh mar gheall ar cheisteanna nós imeachta, a dúirt sé.

Mhaígh sé gur lorg lucht cosanta Billings tras-scríbhinn de gach a ndúradh i nGaeilge agus i mBéarla le linn na trialach, ach nár cuireadh ar fáil ach tras-scríbhinn i mBéarla amháin, in ainneoin go raibh sé ar chumas an Stáit ceann i nGaeilge a chur ar fáil chomh maith.

Dúirt Giblin chomh maith nár deineadh aon aistriúchán go Gaeilge riamh ar an Explosive Substances Act 1883, an t-acht faoina ciontaíodh Billings.

Dúirt an Breitheamh Birmingham gur in Westminster a achtaíodh an Explosives Substance Act. Ní “easpa gnímh”, a dúirt sé, ba chúis le gan leagan Gaeilge den acht a bheith ar fáil ach mar gheall ar chinneadh soiléir gan reachtaíocht a bhain leis an tréimhse roimh 1922 a aistriú. 

Dúirt an Breitheamh nach raibh aon cheart ag Billings ar aon tras-scríbhinn le linn na trialach, bíodh sin i nGaeilge, i mBéarla ná in aon teanga eile. Ní chuirtear tras-scríbhinní sin ar fáil i bhformhór na dtrialacha in Éirinn, a dúirt sé, ach cuirtear tras-scríbhinn ar fáil thar oíche sa Phríomh-Chúirt Choiriúil agus sa Chúirt Choiriúil Speisialta. Fiú sa chás sin, is ar bhonn deonach a chuirtear an tras-scríbhinn ar fáil agus níl aon duine i dteideal a leithéid, arsa an Breitheamh.

Dúirt sé nár cuireadh aon fhianaise ar fáil go raibh Billings faoi aon mhíbhuntáiste agus nár leor mar fhianaise go raibh a thriail éagórach agus míshásúil gur cuireadh an tras-scríbhinn ar fáil i mBéarla amháin.

Dúirt Birmingham go raibh na socruithe a rinneadh sa Chúirt Choiriúil Speisialta “sásúil”.

Gach a ndúradh i mBéarla  aistríodh go Gaeilge é agus gach a ndúradh i nGaeilge rinneadh ateangaireacht go Béarla air, a dúirt an Breitheamh.

Tugadh le fios chomh maith gur fhostaigh an chúirt beirt ateangairí, a bhíodh ag malartú ar a chéile gach uair a chloig.

He said the DPP may carry out its functions in the official language of its own choice and was “not compelled to adopt the preferred official language of the accused person”. 

Dúirt sé gur faoinn DPP féin a bhí sé ionchúiseamh a reachtáil i nGaeilge dá mba mhian leis, agus go bhféadfadh go mba chuí sin a dhéanamh i gcásanna áirithe, sa Ghaeltacht mar shampla.

Chaith an Breitheamh Birmingham, a bhí i mbun na héisteachta leis na breithiúna Marie Baker agus Patrick McCarthy, an cás amach.

Ar an 16 Bealtaine 2011, mar thoradh ar ghlaoch gutháin a rinneadh ar Stáisiún ns nGardaí sa Longfort, stop na Gardaí bus, a bhí ar a bhealach go Baile Átha Cliath, i Maigh Nuad agus duine is tríocha ar bord.

 Tháinig siad ar bhuama dea-dhéanta i mála a bhí fágtha i stór an bhagáiste chomh maith le púdar gunna, peitreal, aonad amrialúcháin púdair agus fiús. Chualathas sa chúirt go bhféadfadh sé scrios ollmhór a dhéanamh dá bpléascfadh sé. Rinneadh bagairtí eile chomh maith faoi bhuama eile a bheith ar bhus eile, ag Ceanncheathrú Shinn Féin i mBaile Átha Cliath ach ní bhfuarthas aon cheann.

Trí thaifid fóin, nótaí, cárta SIM agus fón póca, sainaithníodh Donal Billings mar an té a rinne an glaoch gutháin.

Ghlaoigh sé arís dhá lá ina dhiaidh sin agus dúirt go raibh dhá mhoirtéar fágtha i gCaisleán Átha Cliath agus iad socraithe le go bpléascfaidís ag a 8pm, le linn an fhéasta stáit don Bhanríon.

“Tá mé i mo bhall de Bhráithreachas na Poblachta, Scuad A,” a dúirt sé. “Do Bhanríon na Fola agus Chogadh na hIaráice an ceann seo.”

De bharr an chéad bhuama a fuarthas, dúradh sa chúirt gur glacadh gur bhagairt thromchúiseach a bhí inti ach nár thángthas ar aon ghairis phléascacha.

Rinneadh an tríú glaoch dhá lá ina dhiaidh sin ag bagairt go raibh dhá bhuama eile i leithris Aerfort Chorcaí ach ní bhfuarthas aon rud ansin ach oiread.

Ag tagairt do na hagallaimh a rinne Billings leis na Gardaí, dúirt an Breitheamh Hunt go raibh na “bréaga” a d’inis an pinsinéir do na Gardaí “sách follasach agus neamhshofaisticiúil”.

Ciontaíodh Billings faoi dhó roimhe sin, as pléascáin a bheith ina sheilbh aige sa tuaisceart i 1973.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge