Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Scannáin
  • Gaeltacht na Rinne le bheith ar an scáileán mór 
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gaeltacht-na-rinne-le-bheith-ar-an-scailean-mor 

Gaeltacht na Rinne le bheith ar an scáileán mór 

Beidh Gaeltacht na Rinne le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na tíre, agus an domhain, an t-earrach seo chugainn nuair a bheidh Mo Ghrá Buan, scannán nua atá á thaifeadadh i bPort Láirge i láthair na huaire, ar an scáileán mór. 

Tosaíodh an scannánaíocht ar Mo Ghrá Buan an tseachtain seo sna Déise agus tá súil ag léiritheoir an scannáin, úinéir an chomhlachta Macalla Teo Cúán Mac Conghail, go mbeidh sé á thaispeáint ag “féilte náisiúnta agus idirnáisiúnta” faoi dheireadh na bliana agus go mbeidh sé sna pictiúrlanna in Éirinn in earrach na bliana 2020. 

Scannán greannmhar grámhar atá i Mo Ghrá Buan faoi bhean, Róise, atá croíbhriste i ndiaidh bhás a fir céile, Frank. Tagann madra mistéireach chun an tí, madra a chuireann Frank i gcuimhne do Róise agus a chuireann ag smaoineamh í gurb é Frank i gcruth eile é. 

“Níl ag éirí go maith le Róise ag tús an scannáin, fuair a fear bás dhá bhliain roimhe agus níl sí ag bogadh ar aghaidh. Tá sí croíbhriste agus tá a mac buartha fúithi. Nuair a thagann an madra,  creideann sí gurb é Frank é, agus ceapann muintir an bhaile go bhfuil sí ag dul as a meabhair. Tá greann agus grá sa scéal, agus féachtar ar conas a dhéileáiltear leis an mbás agus leis an mbrón,”  a dúirt Cúán le NÓS. 

Beartaíodh an scannán a lonnú i nGaeltacht na nDéise, ceantar Gaeltachta nach bhfeictear chomh minic sin ar an scáileán beag ná ar an scáileán mór, agus súil ag lucht déanta an scannáin spéis a spreagadh ann. 

“An fáth ar theastaigh uainn teacht anseo chun na Rinne ná go bhfuil níos mó i gceist le Mo Ghrá Buan ná ‘scannán i nGaelainn’. Tá an scannán á dhéanamh faoin scéim Cine4, agus caithfidh sé a bheith i nGaeilge dá bharr, ach bhraitheamar gur cheart dúinn é na scannáin seo a dhéanamh sa Ghaeltacht féin. Bhíomar i Leitir Mealláin anuraidh don scannán Arracht, agus anseo i mbliana. 

“Níl eolas rómhaith ag go leor daoine ar an Rinn mar cheantar Gaeltachta, agus cá bhfios nach spreagfadh scannán mar seo daoine teacht chun na háite mar a rinne Ryan’s Daughter i nGaeltacht Chiarraí fadó?” a dúirt sé. 

Is iad Peter Murphy agus Rachel Moriarty scríbhneoirí agus stiúrthóirí an scannáin nua, beirt a thuill cáil dá scannán Traders ceithre bliana ó shin, agus is é Cúán féin atá ina léiritheoir air. Is é Peter Roberston, a bhuaigh gradaim IFTA dá chuid oibre ar Waterways agus Song of a Raggy Boy atá ina stiúrthóir  fótagrafaíochta. 

Ar na haisteoirí atá sa scannán nua tá Bríd Ní Neachtain, Cillian Garvey, Lorcan Cranitch, agus buachaill óg as Gaeltacht Phort Láirge, Ruadhán de Faoite. 

Dúirt Cúán le NÓS gur theastaigh ó Macalla Teo ní hamháin an scannán a lonnú agus a thaifeadadh i nGaeltacht na nDéise ach deiseanna fostaíochta a thabhairt do mhuintir na háite ann freisin, agus tá roinnt mhaith Déiseach ar chriú an scannáin. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge