Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-leabhar-nua-a-seoladh-agus-clar-raidio-speisialta-a-chraoladh-agus-tus-a-chur-le-ceiliuradh-50-bliain-chomortas-peile-na-gaeltachta

Leabhar nua á seoladh agus clár raidió speisialta á chraoladh agus tús a chur le ceiliúradh 50 bliain Chomórtas Peile na Gaeltachta

| Tuairisc.ie |

Beidh na sluaite ag tabhairt aghaidh ar iarthar Duibhneach tráthnóna agus Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 ar siúl sa cheantar go dtí Dé Luain.

Cuirfear tús leis an gcomórtas, atá á reáchtáil ag Cumann Caide na Gaeltachta, nuair a thabharfaidh an fhoireann bhaile aghaidh ar Lios Póil i gcluiche réamhbhabhta i gcraobh shóisir na bhfear ag 7.00pm anocht ar pháirc Ghallarais.

Leanfaidh na cluichí ar aghaidh go dtí an Luan nuair a imreofar na cluichí ceannais.

Agus Comórtas Peile na Gaeltachta 50 bliain ar an bhfód i mbliana, tá neart imeachtaí ar siúl i rith an deireadh seachtaine chun an ócáid stairiúil sin a cheiliúradh.

Anocht a dhéanfar oscailt oifigiúil na féile san ollphuball agus seolfar leabhar nua a chuireann síos ar stair an Chomórtais.

Is é an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh a chnuasaigh na hailt in An Síol a Cuireadh sa tSneachta: Bunú Chomórtas Peile na Gaeltachta 1969,  mar a n-insítear scéal Chomórtas Peile na Gaeltachta óna thús go dtí an lá atá inniu ann.

Tá cur síos cuimsitheach beoga déanta ag Mac an tSíthigh féin sa leabhar ar bhunú an Chomórtais in 1969 agus i measc na ndaoine eile a roinneann a gcuimhní ar an gComórtas linn tá Mícheál Ó Sé, Antoine Ó Cearbhaill, Dara Ó Cinnéide agus Seán Óg de Paor.

Níos luaithe tráthnóna, craolfar clár speisialta ‘An Comórtas Peile @50’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 2.00pm.

Sa chlár, labhróidh tráchtairí agus iarthráchtairí an stáisiúin ar na cuimhní is mó atá acu ar an gComórtas. Orthu siúd a bheidh faoi agallamh, tá Mártan Ó Ciardha, Mícheál Jimmy Mac Donnchadha, Gearóidín Nic an Iomaire, Pól Ó Gallchóir, Liam Mac an Mhaoir agus Ciarán Ó Fátharta.

Dé Domhnaigh, mar aitheantas do na cumainn ar fad ar éirigh leo an comórtas a bhaint ó 1969 i leith, bronnfaidh RTÉ Raidió na Gaeltacht teastas ar ionadaí ó gach cumann, idir shinsir agus shóisir. 

Tá 36 cumann i gceist san iomlán, agus déanfaidh Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Gearóid Mac Donncha an bronnadh ag leath ama le linn chluiche leathcheannais sinsir na bhfear Dé Domhnaigh ag 7.30pm.

Beidh ceithre cinn de na cluichí le feiceáil beo ar TG4. Tráthnóna Dé Domhnaigh, déanfar craoladh beo ar na cluichí leathcheannais i gcraobh shinsir na bhfear. Tosóidh an craoladh ag 5.35pm.

Taispeánfar na cluichí ceannais i gcraobhacha na bhfear Dé Luain. Cuirfear tús leis an gcraoladh ag 1.00pm.

Beidh clúdach cuimsitheach á dhéanamh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na cluichí in iarthar Duibhneach an deireadh seachtaine go léir. 

Beidh cluichí agus imeachtaí an chomórtais ar RnaG ó 11.00am go dtí 9.00pm Dé Sathairn, óna 1.15pm go dtí 9.00pm Dé Domhnaigh agus idir 11.00am agus 6.00pm Dé Luain.

Beidh Tuairisc.ie ar an láthair chomh maith le linn an deireadh seachtaine agus tuairiscí agus gailearaithe a bhfoilsiú againn ón gcomórtas ar an suíomh agus ar na meáin shóisialta.

– Beidh ‘An Síol a Cuireadh sa tSneachta: Bunú Chomórtas Peile na Gaeltachta 1969’ ar díol i nGallaras le linn an deireadh seachtaine, nó is féidir é a ordú ó Sheán Ó Catháin ag seanocathain6@gmail.com nó 086 8044416. €10 agus €5 postas atá air

Níos mó