Tá cáineadh géar déanta ar na mórpháirtithe polaitiúla agus a n-iarrthóirí sna toghcháin Eorpacha as bileoga i mBéarla amháin a scaipeadh ar mhuintir na Gaeltachta.
Níl focal Gaeilge sna bileoga a scaip iarrthóirí de chuid Fhine Gael, Fhianna Fáil agus Chomhaontas Glas sa Ghaeltacht.
Níl focal Gaeilge, mar shampla, san ábhar bolscaireachta a scaip Maria Walsh, atá ag seasamh d’Fhine Gael i dtoghlach Lár Tíre agus an Iarthuaiscirt. Ar chúl na bileoige ag Walsh, tá teachtaireachtaí i mBéarla amháin uaithi féin, óna leathbhádóir sna toghcháin Mairéad McGuinness agus ón Taoiseach Leo Varadkar.
Béarla amháin nach mór a bhí chomh maith ar bhileoga Anne Rabbitte agus Brendan Smith, atá ag seasamh d’Fhianna Fáil sa toghcheantar céanna, agus ag Saoirse McHugh atá san iomaíocht do Chomhaontas Glas.
Bileog dhátheangach a scaip Matt Carthy, atá ag seasamh do Shinn Féin sa cheantar céanna, agus formhór an ábhair ar a bhileog thoghchánaíochta i nGaeilge agus i mBéarla.
Ní hannamh conspóid ann maidir le bileoga i mBéarla a bheith á scaipeadh sa Ghaeltacht aimsir toghchán. Bhain conspóid, mar shampla, lena laghad Gaeilge bhí ar na bileoga a scaip iarrthóirí i dtoghchán na huachtaránachta ar phobal na Gaeltachta anuraidh.
Maidir leis na toghcháin áitiúla tá formhór na mbileog atá á scaipeadh ag iarrthóirí sa Ghaeltacht i nGaeilge amháin.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go raibh an eagraíocht i dteagmháil leis na páirtithe go léir roimh thús na bhfeachtas toghchánaíochta le meabhrú dóibh gur chóir an t-ábhar a scaiptear sa Ghaeltacht a bheith i nGaeilge.
“Is mór an náire é go mbeadh ábhar i mBéarla amháin á scaipeadh sa Ghaeltacht ag na páirtithe. Ba chóir go mbeadh gach bileog a scaiptear sa Ghaeltacht i nGaeilge, nó dátheangach ar a laghad.
“Tarlaíonn sé bliain i ndiaidh bliana, toghcháin i ndiaidh toghcháin agus níl aon leithscéal ann dó. Ba chóir go mbeadh sé mar ghnáthchuid den chur chuige agus den ullmhúchán roimh thoghchán go gcinnteofaí go scaipfí ábhar i nGaeilge sa Ghaeltacht. Ach is léir arís nach in mar atá. Is mór an náire iad nach bhfuil siad ag éisteacht,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.
Idir an dá linn, tá dhá éileamh toghchánaíochta fógartha ag Sinn Féin maidir le cúrsaí teanga: go mbeadh cead Gaeilge a úsáid ag coistí Pharlaimint na hEorpa agus go mbunófaí Ombudsman Teanga don AE a chosnódh cearta daoine a ndéantar leatrom orthu ar chúinsí teanga.