Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-toghchain-aitiula-sa-ghaeltacht-–-na-torthai-go-leir…

Na toghcháin áitiúla sa Ghaeltacht – na torthaí go léir…

| Tuairisc.ie |
Ian McGarvey (Neamhspleách). Pictiúr: Aodh Máirtín Ó Fearraigh/Twitter

A shuíochán caillte ag Cathaoirleach na Comhairle, Séamus Ó Domhnaill

Tá naoi gcomhairleoir contae úr ar Chomhairle Contae Dhún na nGall don chéad tréimhse eile, agus tá suíocháin caillte ag cúigear comhairleoirí sa toghchán.

Is é Fianna Fáil an páirtí is mó arís i gComhairle Contae Dhún na nGall, agus dhá shuíochán déag acu, suíochán amháin níos mó ná mar a bhí acu ar an Chomhairle dheireanach. Tá deich suíochán ag Sinn Féin, méadú suíochán amháin agus tá sé shuíochán ag Fine Gael, an líon céanna a bhí acu sa Chomhairle dheireanach. Tá suíochán amháin ag an Lucht Oibre, mar a bhí, agus toghadh ocht gcomhairleoir neamhspleách, i gcomparáid leis an deichniúr a bhí sa Chomhairle dheireanach.

I measc na gcomhairleoirí contae a chaill suíochán, bhí Cathaoirleach na Comhairle Contae, an Comhairleoir Séamus Ó Domhnaill as Gort an Choirce.

Tháinig laghdú tubaisteach ar vóta Shéamuis Uí Dhomhnaill, laghdú ó 1,899 in 2014 go 979 an iarraidh seo. Is cosúil go raibh tionchar mór ag alt a foilsíodh i nuachtán an Sunday Business Post seachtain ón Domhnach seo caite faoin bhuntáiste, a dúradh, a fuair sé as scéim feabhsúcháin bóthair LIS, ar a vóta. Lena chois sin, bhí fadhbanna móra ina cheantar le roinnt seachtainí le píopaí uisce a bheith briste, agus bhí daoine sa cheantar iontach feargach de bharr iad a bheith fágtha gan uisce reatha ar feadh tréimhsí fada ama.

I measc na gcomhairleoirí eile a chaill suíocháin bhí Enda Bonner, Fianna Fáil, Adrian Glackin, Sinn Féin, Séamus Maguire, Neamhspleách agus Mickey Doherty, Fine Gael.

Tá suíochán faighte i gComhairle Contae Dhún na nGall den chéad uair ag Dónal Coyle, Fianna Fáil, Manus Kelly, Fianna Fáil, an t-iarpheileadóir Anthony Molloy, Fianna Fáil, Noreen McGarvey, Fianna Fáil, Michael McClafferty, Fine Gael, Barry Sweeney, Fine Gael,  Terry Crossan, Fine Gael, Michael McMahon, Sinn Féin agus Kevin Bradley, Neamhspleách.

Tá ceantair Ghaeltachta Thír Chonaill scaipthe ar fud ceithre cheantar bardais, Na Gleannta, Dún na nGall, Srath an Urláir agus Baile na nGallóglach.

Ba é Fianna Fáil an páirtí ba mhó a fuair vótaí céadrogha i gceantar bardais Charn Domhnach, áit a bhfuair siad 43% den vóta. Fuair Fine Gael an sciar is mó i mBun Cranncha, áit a bhfuair siad 37% den vóta. Fuair Fianna Fáil 31% den vóta i Leitir Ceanainn agus fuair siad 30% sna Gleannta. Ba iad na Neamhspleáigh a bhí chun tosaigh in dhá cheantar bardais, fuair siad 42% i mBaile Dhún na nGall agus 45% i mBaile na nGallóglach. Bhí Fine Gael chun tosaigh i gceantar bardais amháin, i Srath an Urláir, áit a bhfuair siad 34% den vóta céadrogha.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh

Srath an Urláir (6 shuíochán) Martin Harley (Fine Gael),Patrick McGowan (Fianna Fáil) , Gary Doherty (Sinn Féin) , Gerry Crawford (Fianna Fáil) , Frank McBrearty (Fine Gael) , Liam Doherty (Sinn Féin)

Dún na nGall (6 shuíochán) , Niamh Kennedy (Neamhspleách) , Noel Jordan (Sinn Féin) , Micheál Naughton (Fianna Fáil) , Barry Sweeny (Fine Gael) , Tom Conaghan (Neamhspleách) , Michael McMahon (Sinn Féin)

Baile na nGallóglach (3 shuíochán) , John O’Donnell (Neamhspleách) , Liam Blaney (Fianna Fáil) , Ian McGarvey (Neamhspleách)

Na Gleannta (6 shuíochán) , Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig (Neamhspleách) , John Shéamuis Ó Fearraigh (Sinn Féin) , Máire Therese Gallagher (Sinn Féin) , Noreen McGarvey (Fiann Fáil) , Michael McClafferty (Fine Gael) , Anthony Molloy (Fianna Fáil)

Dáithí Ó Cualáin (Fianna Fáil) faoi agallamh ag Cóilín Ó Neachtain. Pictiúr: Raidió na Gaeltachta/Twitter

An taoide Ghlas tagtha go cósta Chonmara

Den chéad uair riamh tá Comhairleoir Contae de chuid Chomhaontas Glas, tofa ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus an beart déanta ag Alastair McKinistry i gConamara Theas. As Baile Átha Cliath ó dhúchas do McKinistry a bhfuil cónaí air i mBaile an Chalaidh i Maigh Cuilinn le roinnt mhaith blianta. 

Cé go ndúirt roinnt daoine as Maigh Cuilinn linn nach raibh aon aithne fhorleathan air fiú an taobh sin tíre,  ina dhiaidh sin féin, bhain sé léim as polaiteoirí, tráchtairí agus iriseoirí nuair a bhuaigh sé ceann de na cúig shuíochán i dtoghcheantar Chonamara Theas. 

Eolaí aeráide é Alastair McKinistry in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh. 

De bhunadh chontae an Dúin é agus tháinig a mhuintir chun cónaithe i mBaile Átha Cliath sna 1940idí.  Scór bliain ó shin a tháinig sé chun cónaithe i Maigh Cuilinn. 

Is sampla é an bua a bhí ag Alastair McKinistry den bhorradh a bhí faoi Chomhaontas Glas i dtoghcháin na hAoine agus chroch sé vótaí leis go láidir sa gcuid den toghcheantar is gaire do chathair na Gaillimhe.  Ach ní taobh leis na vótaí sin a bhí sé; d’éirigh leis 90 vóta a fháil i mboscaí shráidbhaile na Ceathrún Rua agus 35 ceann a fuair sé i Ros an Mhíl chomh maith le cúpla ceann anonn agus anall i gceantar na nOileán.  

Ar bhonn polaitiúil, d’fhág bua McKinistry nár éirigh le Fianna Fáil an tríú suíochán a bhaint amach i gConamara Theas mar a bhí tuartha go láidir dóibh. Mar a tharla cúig bliana ó shin ba é Máirtín Ó Laoi a bhí fágtha ar an trá fholamh ar deireadh agus é sa séú háit i dtoghcheantar ina bhfuil cúig shuíochán.  Sa mbád céanna a bhí sé i dtoghchán 2014  – an t-iarrthóir ba mhó vótaí i measc an dream a chaill i gConamara.

Ba Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire, Fine Gael, ba thúisce a thug suíochán leis i gConamara Theas. Tháinig sé isteach ar an tríú comhaireamh agus 1,535 vóta aige, rud a d’fhág os cionn an chuóta é.  Ag Noel Thomas, Fianna Fáil, as Maigh Cuilinn a bhí an dara suíochán tar éis dó scuabadh faoi agus thairis ina cheantar féin.  21 os cionn an chuóta a bhí seisean. 

Toghadh McKinistry, Dáithí Ó Cualáin, Fianna Fáil, as Cois Fharraige agus Tomás Ó Curraoin, Sinn Féin Poblachtach, as Bearna gan an cuóta a bhaint amach agus thart ar 1,400 vóta acu triúr.

Ba í an roinnt a rinneadh ar vótaí Ann Flaherty (Fine Gael) a raibh 992 vóta aici a chuir an ghaoth faoi sheolta fhear Chomhaontas Glas i ndeireadh na cúise.  Fuair Alastair McKinistry 220 acu sin agus fuair Noel Thomas, Fianna Fáil, 188 vóta.  Bhí lorg na tíreolaíochta ar an aistriúchán seo mar gur i gceantar Mhaigh Cuilinn is mó a bhí vótaí ag Ann Flaherty.  Fuair Tomás Ó Curraoin 128 de na haistriúcháin sin agus thug sin é slán ón mbrú a bhí air níos túisce sa lá.   84 a fuair Dáithí Ó Cualáin, Fianna Fáil, agus ghlan sé amach 1400. Níor leor an 83 a fuair Máirtín Ó Laoí, Fianna Fáil, an t-aon duine eile a bhí fanta san iomaíocht. 

Dé Sathairn ba é an comhairleoir neamhspleách Thomas Welby an chéad chomhairleoir sa tír a toghadh nuair a rinne sé an beart i dtoghcheantar Chonamara Thuaidh. Toghadh ina dhiaidh sin Eileen Mannion, Fine Gael, Gerry King, Fianna Fáil, agus Séamas Breathnach, Fianna Fáil.  Ní raibh aon amhras ó osclaíodh na chéad bhoscaí ach gur mar sin a bheadh an toradh.  Chuaigh Welby, a bhí ar an gcéad iarrthóir a toghadh sna toghcháin áitiúla go léir, breis agus 600 os cionn an chuóta agus thug a fharasbarr taca láidir do Shéamas Breathnach, arb as Uachtar Ard dó chomh maith. 

Ach, ba dhíol suntais é go raibh 300 sa mbreis ag Gerry King, Fianna Fáil, ar an mBreathnach ar an gcéad chomhaireamh.  Ba é seo an chéad uair ag fear Bhaile Conaola a bheith san iomaíocht i dtoghchán. 

Chaill Thomas Healy, Sinn Féin, a shuíochán agus níor éirigh leis an iarchomhairleoir contae, Josie Conneely, a bhí ina iarrthóir neamhspleách an geábh seo, a theacht sách gar do Shéamas Breathnach le haon bhrú a chur ar Fhianna Fáil. 

Fágann na torthaí as toghcheantair Chonamara Theas agus Chonamara Thuaidh inné go bhfuil suíochán breise comhairle contae ag Fianna Fáil in iarthar na Gaillimhe anois.  Tarlaíonn sé arís go bhfuil cúigear de na comhairleoirí i gciorcal tíreolaíochta chathair na Gaillimhe – Welby, Walsh, McKinistry, Thomas (Uachtar Ard agus Maigh Cuilinn) agus Tomás Ó Curraoin i mBearna. 

Beirt chomhairleoirí contae atá ina gcónaí in iarthar Chonamara – Gerry King agus Eileen Mannion (ceantar an Chlocháin agus Bhaile Conaola).   Níl cónaí ar chomhairleoir ar bith i réimse mór den cheantar láidir Gaeltachta i gConamara.  

Máirtín Ó Catháin

Conamara Theas (5 shuíochán) , Pádraig Mac an Iomaire (Fine Gael) , Noel Thomas (Fianna Fáil) , Dáithí Ó Cualáin (Fianna Fáil) , Alastair McKinstry (Comhaontas Glas) , Tomás Ó Curraoin (Neamhspleách)

Conamara Thuaidh (4 shuíochán) , Thomas Welby (Neamhspleách) , Eileen Mannion (Fine Gael) , Gerry King (Fianna Fáil) , Séamus Walsh (Fianna Fáil)

Michael D O’Shea, Breandán Fitzgerald agus Séamus Mac Gearailt. Pictiúr: Breandán Fitzgerald/Twitter

Gaisce na nGearaltach agus beirt leithinis Chorca Dhuibhne tofa

Den gcéad uair le deich mbliana, beidh beirt ó leithinis Chorca Dhuibhne ar Chomhairle Contae Chiarraí, tar éis toghadh na nGearaltach, Breandán (Fianna Fáil) agus Séamus Chosaí (Fine Gael), sna toghcháin áitiúla. 

Ach ní gan dua é. 

B’éigean athchomhaireamh iomlán a dhéanamh ar na vótaí a caitheadh i dtoghcheantar Chorca Dhuibhne, nuair nach raibh idir Séamus Chosaí Fitzgerald agus a leathbhádóir i bhFine Gael, Tommy Griffin, ach 56 vóta tar éis an chúigiú comhaireamh. 

Cé go raibh sé mar sheanphort ag an gcomhairleoir de chuid Fhianna Fáil Michael D. O’Shea go raibh ualach cairt asail de vótaí caillte aige de dheasca na n-athruithe a deineadh ar theorainneacha an toghcheantair, agus é á rá coitianta go raibh a shuíochán i mbaol, ní raibh, ná baol air. 

Fuair sé 1,680 vóta céadrogha, agus cé nár bhain sé an cuóta 1,873 amach go dtí an tríú comhaireamh, bhí sé soiléir ón gcéad teailí go mbeadh an chéad suíochán ag fear Bhaile an Mhuilinn. 

Ba é an t-iarrthóir neamhspleách David Russell ó Choimín Chill Chúile an chéad iarrthóir a cuireadh as an áireamh. Ina dhiaidh siúd bhí iarrthóir Chomhaontas Glas, Michael Fitzgerald, ón gCaisleán ó dhúchas ach atá ag maireachtaint i mBaile Átha Cliath. Dála iarrthóirí Chomhaontas Glas ar fud na tíre, chuir an líon vótaí a fuair Fitzgerald ionadh ar a lán, faoi mar a dhein an líon a fuair iarrthóir Shinn Féin, Robert Brosnan, an chéad uair ag Brosnachánach Chuilín a’ Daingin a bheith ina iarrthóir. Ba é an tríú hábhar iontais san ionad comhairimh i dTrá Lí ná gurb é Breandán Fitzgerald, Fianna Fáil, ó Bhaile na Buaile, seachas Séamus Chosaí Mac Gearailt a bhí sa dara háit. 

Ní raibh ach fiche vóta idir Cosaí agus Tommy Griffin tar éis an cheathrú comhaireamh, agus nuair a dáileadh vótaí Bhreandáin Mhic Gearailt, 56 vóta a bhí eatarthu. Lorgaíodh, agus ceadaíodh, athchomhaireamh iomlán. Bhíothas den dtuairim go bhféadfadh an triúr Gearaltach a bhí ar an bpáipéar ballóide mearbhall a chur ar lucht an chomhairimh, ach mar sin féin, níor dhein an t-athchomhaireamh aon difríocht, agus toghadh Séamus Chosaí Mac Gearailt ina éis. 

Tá gá le cneácha a leigheas i bhFine Gael i dtoghcheantar Chorca Dhuibhne tar éis an fheachtais, a dúirt Séamus Chosaí Fitzgerald tar éis an athchomhairimh. Dúirt sé go raibh sé féin agus a leathbhádóir Tommy Griffin rómhór in iomaíocht lena chéile agus go gcaithfí “go leor cainte” a dhéanamh laistigh den pháirtí.

Dáithí de Mórdha

Corca Dhuibhne (3 shuíochán) , Michael D. O’Shea (Fianna Fáil) , Breandán Fitzgerald (Fianna Fáil) , Séamus Chosaí Fitzgerald (Fine Gael)

Gobnait Moynihan (Fianna Fáil) agus Aindrias Moynihan. Pictiúr: An Saol Ó Dheas/Twitter

Clanna Creed agus Mhuimhneacháin ag ceann an chomhairimh

Is furasta a bheith críonna tar éis an bhirt ach i gcás thoghcheantar Mhaigh Chromtha agus torthaí an tSathairn seo caite, bhí an tuairimíocht roimh ré ag brath ar a dtarlódh do vóta Shinn Féin. Anuas ar an ghaoth ina gcoinne go náisiúnta, a bhí fógartha le tamall, bhíodar faoi mhíbhuntáiste ó d’fhógair Deasún Ó Gráda ná beadh sé ag seasamh, agus go raibh a n-iomaitheoir in olltoghcháin 2016, Nigel Dennehy, ag seasamh mar Neamhspleách orthu an babhta seo. Bhí an suíochán i mbaol. 

Chruthaigh sé sin bearna d’Fhine Gael, agus le ceathrar iarrthóirí láidre acu sa rás, bhí súil shantach á caitheamh acu ar an tríú suíochán, dá mbeadh rith an ráis leo. 

Ní raibh amhras ar bith nach bhfaigheadh Fianna Fáil dhá shuíochán, agus Gobnait Ní Mhuimhneachán an-ghar do cheann an chomhairimh agus go mbeadh a dhóthain ag Micheál Ó Luanaigh chomh maith. Ach caolseans a bheadh acu ar an tríú suíochán mar gheall ar a laghad ama a bhí ag Jason Mac Gearailt ó fógraíodh go raibh sé sa rás.

D’fhág san Martin Coughlan, a chaill a shuíochán cúig bliana ó shin nuair a bhí sé san iomaíocht fé bhrat Pháirtí an Lucht Oibre ach a bhí ina Neamhspleách i mbaile Mhaigh Chromtha i mbliana, agus mórán ag ceapadh go mbeadh an ghaoth leis, go háirithe nuair nach mbeadh Connie Foley ón mbaile sin san iomaíocht. 

Agus b’in a bheag nó a mhór mar a tharla. Do lean an tríú glúin do chlanna Creed agus Mhuimhneacháin ag ceann an chomhairimh nuair a toghadh Michael Creed (FG) agus Gobnait Ní Mhuimhneacháin ag (FF) ar an gcéad iarraidh. Toghadh Ó Luanaigh (FF) agus iarrthóir óg FG, Eibhlín Ní Loinsigh go luath ina ndiaidh. Agus tar éis d’Ó Cochláin léimt thar tairseach don gcúigiú suíochán, ba é Ted Ó Luasa (FG) a fuair an ceann is fearr ar a chomrádaí, an t-iar-TD, Áine Collins don gceann deireanach.

I dToghcheantar an Sciobairín do bhí na húdair den dtuairim go sciobfadh Fine Gael, le 23% de na vótaí, an dara suíochán ó chomhairleoir Shinn Féin, Pól Ó hAodha, agus tar éis do bheirt FF, Criostóir Ó Súilleabháin agus Joe Carroll, gabháil isteach go luath, bhí gach cosúlacht ar an scéal gur mar san a bheadh. 

Toghadh Declan Hurley (Neamhspleách), agus Karen Coakley (FG) ansan, rud a d’fhág beirt sa rás. Ach dhein Pól Ó hAodha an-teacht aniar agus le cabhair aistriúcháin láidre ón iarrthóir neamhspleách ó Chloich na Caoilte, Yousuf Janab Ali, do chuir sé a chaincín chun cinn. Bhí 203 vóta d’fharasbarr aige ar JJ Breathnach FG, faoi cheann scríbe agus bua gan choinne aige. 

Liam Mac an Mhaoir

Maigh Chromtha (6 shuíochán) , Michael Creed (Fine Gael) , Gobnait Moynihan (Fianna Fáil) , Michael Looney (Fianna Fáil) , Martin Coughlan (Neamhspleách) , Eileen Lynch (Fine Gael) , Ted Lucey (Fine Gael)

Sciobairín (5 shuíochán) , Christopher O’Sullivan (Fianna Fáil) , Joe Carroll (Fianna Fáil) , Declan Hurley (Neamhspleách) , Karen Coakley (Fine Gael) , Paul Hayes (Sinn Féin)

Conor McGuinness (Sinn Féin). Pictiúr:  Sinn Féin/Twitter

Ball de Bhord Fhoras na Gaeilge tofa sna Déise

Nuair a bhí deireadh déanta sna toghcháin áitiúla i bPort Láirge, ba iad  Páirtí an Lucht Oibre agus Comhaontas Glas ba mhó a bhí sásta. Suíochán amháin a bhí ag an Lucht Oibre sa tseanchomhairle ach tá  ceithre cinn anois acu. Toghadh iarrthóir ó Chomhaontas Glas den gcéad uair riamh agus beidh beirt acu ar an gComhairle nua. Cé gur thit sciar Shinn Féin den vóta, d’éirigh leo na sé shuíochán a bhí acu a choinneáil. Suíochán amháin a chaill Fine Gael agus ceann a chaill Fianna Fáil. Maidir le toghcheantar Dhún Garbhán, toghadh Damien Geoghegan agus Pat Nugent(FG), Tom Cronin(FF), Thomas Phelan(LO), chomh maith leis an mbeirt iarrthóirí atá ag cur fúthu sa nGaeltacht, Séamas Ó Domhnaill (Neamhspleách) agus Conor McGuinness (SF). Is ball de bhord Fhoras na Gaeilge é Conor McGuinness.

Mac Dara MacDonncha

Dún Garbhán (6 shuíochán) , Damien Geoghegan (Fine Gael) , Tom Cronin (Fianna Fáil) , Pat Nugent (Fine Gael) , Conor D. McGuinness (Sinn Féin) , Séamus O’Donnell (Neamhspleách) , Thomas Phelan (Páirtí an Lucht Oibre)

Johnny Healy-Rae ag ceann an chatha

N’fheadar ar chreid Johnny Healy-Rae a chaint féin, agus é ag rá roimh an dtoghchán go raibh 35% dá vóta caillte aige de dheasca na n-athruithe a deineadh ar thoghcheantar Chiarraí Thiar agus Theas agus go mb’fhéidir go mbeadh a shuíochán i mbaol. Bhí an triúr Healy-Rae ar an bport céanna, agus ba é an toradh céanna a bhí acu triúr; Jackie Óg sa chéad áit in Oileán Ciarraí, Maura Healy-Rae ag ceann an chatha i gCill Airne, agus Johnny chun cinn i dtoghcheantar Neidín.

Bhí sé mhíle éigin vóta thar an gcuóta ar an gcéad chomhaireamh acu, agus dá mbeadh sciotóigín eile de Healy-Rae ag rith ina theannta, ní mór ná go mbeadh suíochán Comhairle eile acu chomh maith.

Toghadh triúr ar an gcéad chomhaireamh; Johnny, an comhairleoir Michael Cahill, Fianna Fáil, ó Ghleann Beithe, 236 vóta thar an gcuóta, agus an comhairleoir Norma Moriarty, Fianna Fáil, le farasbarr 16 vóta. Beidh Fianna Fáil an-shásta le hiarracht Mhoriarty; níor toghadh í go dtí an deichiú comhaireamh an babhta deireanach, agus beidh sí ina hiarrthóir olltoghcháin an chéad babhta eile.

Níor toghadh an triúr comhairleoirí eile anseo go dtí an t-ochtú comhaireamh; ba iadsan an comhairleoir Patrick Connor-Scarteen, Fine Gael, an comhairleoir Dan MacCarthy, NS, agus John Francis Flynn, Fianna Fáil.

Fé mar a bhí á thuar coitianta roimh an dtoghchán, bhí an baol ann gurbh é Damian Quigg, Sinn Féin, an comhairleoir a chaillfeadh a shuíochán i dtoghcheantar Neidín, agus b’in díreach mar a tharla. Fé mar a tharla d’iarrthóirí an pháirtí ó cheann ceann na tíre, ní bhfuair Quigg dóthain vótaí céadrogha, ná go deimhin dóthain vótaí aistrithe.

Rud suntasach eile ba ea go bhfuair Cleo Murphy ón gComhaontas Glas geall le 700 vóta céadrogha, (rud a tháinig le patrún an pháirtí go náisiúnta) ach go bhfuair mac an Teachta Dála a shéanann athrú aeráide a cheithre oiread sin.

Dáithí de Mórdha

Neidín (6 shuíochán) , Johnny Healy-Rae (Neamhspleách) , Michael Cahill (Fianna Fáil) , Norma Moriarty (Fianna Fáil) , John Francis Flynn (Fianna Fáil) , Patrick Connor-Scarteen (Fine Gael) , Dan McCarthy (Neamhspleách)

Al O’Donnell (Fianna Fáil) agus Michael Kilcoyne (Neamhspleách). Pictiúr: Neasa Ní Chualáin/Twitter

Dhá shuíochán caillte ag Sinn Féin i dtoghlaigh Ghaeltachta

Tríocha suíochán atá ar Chomhairle  Chontae Mhaigh Eo, 12 ag Fine Gael, 11 ag Fianna Fáil, sé cinn ag neamhspleáigh agus ceann ag Sinn Féin.

De bharr athruithe teorann laghdaíodh líon na suíochán i gCaisleán an Bharraigh ó ocht gcinn go seacht gcinn. Thóg an comhairleoir neamhspleách seanbhunaithe Michael Kilcoyne an chéad suíochán agus roinn Fianna Fáil agus Fine Gael na sé shuíochán eile go cothrom eatarthu. Toghadh Blackie Gavin, Al McDonnell agus Michael McLoughlin d’Fhianna Fáil. D’Fhine Gael d’éirigh le Cyril Burke, Donna Sheridan agus Ger Deere. Beidh Fine Gael an-sásta. Ní raibh acu ach dhá shuíochán an uair dheiridh agus bhíothas ag caint go raibh an chontúirt ann nach dtógfaidís ach suíochán amháin an iarraidh seo ó tharla Henry Kenny a bheith éirithe as.

I mBéal an Mhuirthead choinnigh na comhairleoirí Gerry Coyle, Fine Gael, agus Paul McNamara, Fianna Fáil, a gcuid suíochán agus d’éirigh le Seán Carey, Fianna Fáil, breith ar Teresa Whelan ó Shinn Féin. In 2014, bhí Carey trí vóta chun tosaigh ar Coyle sa chéad chuntas agus é iontach díomách nár éirigh leis na haistriúcháin a fháil le suíochán a thógáil. Bhí feachtasaíocht an-láidir aige an iarraidh seo agus bhí Coyle iontach neirbhíseach faoi.

Anois agus na suíocháin go léir i dtoghlaigh Ghaeltachta Mhaigh Eo líonta, is é Sinn Féin an scéal mór. Chailleadar dhá shuíochán sna toghlaigh ina bhfuil ceantair Ghaeltachta. Comhthofa a bhí an bheirt a sheas, rud a d’fhág nach raibh an aithne chéanna orthu agus a bhí ar Rose Conway-Walsh agus Therese Ruane a tháinig rompu. Beidh an dá mhórpháirtí sásta gur mhéadaigh a n-ionadaíocht ar an gComhairle agus gan amhras beidh cur agus cúiteamh ar siúl i Sinn Féin, ní hamháin i Maigh Eo ach ar fud na tíre.

Áine Ní Chiaráin

Béal an Mhuirthead (3 shuíochán) , Gerry Coyle (Fine Gael) , Paul McNamara (Fianna Fáil) , Seán Carey (Fianna Fáil)

Caisleán an Bharraigh (7 shuíochán) , Michael Kilcoyne (Neamhspleách),  , Blackie K. Gavin (Fianna Fáil) , Al McDonnell (Fianna Fáil) , Ger Deere (Fine Gael) , Cyril Burke (Fine Gael , Martin McLoughlin (Fianna Fáil) , Donna Sheridan (Fine Gael)

Suíochán breise d’Fhianna Fáil agus meath ar vóta Shinn Féin

An t-athrú is mó a bhí ann i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil Gaeltacht na Mí, ná gur ghnóthaigh Fianna Fáil suíochán breise agus gur chaill Sinn Féin ceann den dá cheann a bhí acusan.

Fianna Fáil is fearr a chruthaigh agus trí shuíochán acu a bhuíochas cuid mhaith do Shéan Drew, a toghadh sa chéad áit sa chéad chomhaireamh, agus don bhainistiú maith a rinneadh ar vóta an pháirtí.

Toghadh sa chéad chomhaireamh chomh maith Sarah Reilly, Fine Gael, agus choinnigh an páirtí sin an dá shuíochán a bhí acu. Toghadh athuair chomh maith an neamhspleách David Gilroy.

D’éirigh le Fine Gael cur lena sciar den vóta i gcontae na Mí i gcomparáid le 2014. Ardú 6.8% a bhí i gceist go dtí 29.6%. In ainneoin sciar níos mó den vóta a bheith acu ná mar a bhí ag Fianna Fáil (25.3%), beidh an méid céanna comhairleoirí ag an dá mhórpháirtí ar an gComhairle nua – 12 an ceann.  Cé gur laghdaigh sciar Fhianna Fáil den vóta de bheagán beidh beirt níos mó acu ar an gcomhairle nua. Tháinig laghdú 8.3% ar vóta Shinn Féin agus gan ach triúr comhairleoirí anois acu i gcomparáid le hocht gcinn in 2014.

San Uaimh toghadh Emer Tóibín d’Aontú, an páirtí nua a bhunaigh a dheartháir, iar-urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féín, Peadar Tóibín.

Ceanannas (7 suíochán) , Seán Drew (Fianna Fáil) , Sarah Reilly (Fine Gael) , Johnny Guirke (Sinn Féin) , Eugene Cassidy (Fine Gael) , David Gilroy (Neamhspleách) , Paul McCabe (Fianna Fáil) , Mike Bray (Fianna Fáil)

Níos mó