Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • ‘Ní réiteach ar an scéal reachtaíocht teanga lag’ – rabhadh faoi chainteanna Stormont
<div-class="credit-tuairisc"></div>-‘ni-reiteach-ar-an-sceal-reachtaiocht-teanga-lag’-–-rabhadh-faoi-chainteanna-stormont

‘Ní réiteach ar an scéal reachtaíocht teanga lag’ – rabhadh faoi chainteanna Stormont

Tá rabhadh tugtha ag lucht an fheachtais ar son an achta Ghaeilge ó thuaidh nach aon réiteach ar an scéal reachtaíocht ‘lag’.

Tháinig an rabhadh sin sna sála ar chaint sheachantach a rinne príomh-idirbheartaí Shinn Féin Conor Murphy maidir le cé acu an mbeadh nó nach mbeadh an páirtí sásta maolú a dhéanamh sna cainteanna polaitiúla is déanaí ar a n-éileamh ar acht teanga don Ghaeilge amháin.

“Níl mé chun a bheith ag déanamh imní faoi na rudaí sin…Thángamar ar chomhréiteach mí Feabhra seo caite, bhí an méid a bhí aontaithe le feiceáil agus táimid sásta glacadh leis sin. Amhail gach comhaontú bíonn ligean chugat agus uait i gceist. Táimid sásta glacadh leis an bplé sin,” a dúirt príomh-idirbheartaí Shinn Féin, Conor Murphy.

Dúirt Murphy arís inné gur thángthas ar chomhréiteach faoi acht Gaeilge mí Feabhra na bliana seo caite ach gur cuireadh an margadh ó mhaith toisc gur theip ar lucht ceannais an DUP a chur ina luí ar chosmhuintir an pháirtí glacadh leis an socrú.

“Bhíomar tagtha ar chomhaontú faoin gcineál acht Gaeilge a rabhamar sásta glacadh leis agus sin an cineál acht Gaeilge atáimid ag iarraidh a thabharfaí isteach,” arsa Murphy.

Ach dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn nárbh aon socrú sásúil an reachtaíocht a bhí molta mí Feabhra seo caite agus gur chóir do Shinn Féin agus na páirtithe eile seasamh go diongbháilte leis an éileamh ar acht láidir don Ghaeilge amháin.

“Má bhíonn an socrú lag ní bheidh aon deireadh leis an gconspóid, leanfaidh an brú agus an t-easaontas ar aghaidh seachas an scéal a bheith réitithe ar an mbealach ceart,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Dúirt de Spáinn gur léir ón méid a tuairiscíodh cheana faoin gcineál achta a bhí aontaithe anuraidh nár mhargadh “sásúil ar chor ar bith” é.

“Bunaithe ar an méid a tuairiscíodh faoin gcineál reachtaíochta a bhí á phlé ní raibh sí ag teacht le héileamh an phobail ná le Comhaontú Chill Rímhinn, áit a luaitear acht a bheadh cosúil leis an acht ó dheas nó reachtaíocht na Breataine Bige.

“Bhí sé thar a bheith easnamhach mar shocrú– go háirithe ó thaobh na comharthaíochta agus ó thaobh coimisinéir teanga láidir neamhspleách a bheith ann. Ní raibh sé sásúil ná ag teacht le mianta an phobail ó thuaidh.”

Tá ceist an achta Ghaeilge ina húdar mór aighnis idir Sinn Féin agus an DUP i gcónaí.

Acht don Ghaeilge amháin atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge agus ag an Dream Dearg.

Tá ráite ag an grúpa feachtais an Dream Dearg cheana gur chóir do Shinn Féin an fód a sheasamh go daingean maidir le ceist an achta Ghaeilge agus gan a bheith ag brath ar mhargadh bog ag súil go bhféadfaí tógáil air ar ball.  Dúradh leis nach raibh “seans ar bith” go nglacfadh an brúghrúpa leis an margadh ‘bog’ a rinne Sinn Féin mí Feabhra seo caite.

Sa mhargadh a deirtear a bhí aontaithe leis an DUP, gealladh stádas oifigiúil don Ghaeilge, coimisinéir teanga agus deireadh le hAcht 1737 a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ag an am gurbh é an réiteach a bhí ar an easaontas maidir le ceist an achta Ghaeilge ná go ngeallfaí go dtabharfaí trí phíosa reachtaíochta éagsúla isteach – reachtaíocht don Ghaeilge amháin, reachtaíocht don Ultais agus scáthreachtaíocht cultúir a chuirfeadh meas ar theangacha agus ar an éagsúlacht chun cinn, acht dar teideal an Respecting Language and Diversity Act.

Níorbh léir gur achtanna neamhspleácha a bheadh i gceist agus dúradh go mbeadh na píosaí reachtaíochta ag tagairt dá chéile.

Maítear go raibh láraonad aistriúcháin don státseirbhís agus seirbhís aistriúcháin chomhuaineach do thionól Stormont i measc na rudaí a aontaíodh sa dréachtmhargadh anuraidh.

Idir an dá linn, tá na chéad sonraí ar fáil i dtaobh an ghrúpa oibre speisialta a rachaidh i mbun plé faoi chás an achta Ghaeilge féachaint an féidir teacht ar réiteach faoin gceist atá ina dris chosáin mhór roimh athbhunú fheidhmeannas Stormont.

Tá an grúpa – a bheidh ag plé le ceisteanna comhionannais, teanga agus féiniúlachta – ar cheann de chúig ghrúpa oibre atá á mbunú mar chuid den bhabhta nua cainteanna polaitiúla ó thuaidh.

Meastar gur ar cheist na reachtaíochta Gaeilge agus ceist an chomhionannais phósta is mó a dhíreoidh an grúpa. Beidh cás na hUltaise san áireamh sa chaint chomh maith.

Tá ionadaithe an SDLP ar an ngrúpa a bheidh ag plé cás na reachtaíochta Gaeilge fógartha cheana féin. Ar dhuine acu tá an ball tofa tionóil do Lár Uladh Patsy McGlone, cainteoir Gaeilge aitheanta, a dúirt cheana nár chóir acht cultúir don Tuaisceart, in áit acht don Ghaeilge amháin, a chur as an áireamh.

Dúirt Patsy McGlone in 2017 nach gcuirfeadh sé acht Ccltúir as an áireamh dá mbeadh na míreanna a bhainfeadh leis an nGaeilge sách láidir ann.

Tá an tuairim sin ag teacht le tuairim an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív a dúirt le Tuairisc.ie cheana nár cheart a bheith róbhuartha faoi acht teanga don Ghaeilge amháin agus gur chuma aitheantas a bheith ag an Ultais i reachtaíocht teanga fad is a bheadh an chuid den dlí a bhainfeadh leis an nGaeilge sách láidir.

Ar ndóigh, tacaíonn an Taoiseach Leo Varadkar agus an rialtas leis an éileamh go dtabharfaí Acht Teanga don Ghaeilge amháin isteach ó thuaidh.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge