Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Anailís
  • Súil á caitheamh go héadmhar cheana féin ar an ngaisce ‘Glas’
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-suil-a-caitheamh-go-headmhar-cheana-fein-ar-an-ngaisce-‘glas’

Súil á caitheamh go héadmhar cheana féin ar an ngaisce ‘Glas’

Is le babhta gadaíochta a léiríonn polaiteoirí meas ar a chéile go minic, mar a rinne Leo Varadkar agus comhghairdeas á dhéanamh aige leis an gComhaontas Glas aréir.

Níor toghadh ach dáréag iarrthóirí de chuid Chomhaontas Glas i dtoghchán áitiúil 2014. Faoi dheireadh an chomhairimh i mbliana, beidh suas le daichead ionadaí tofa acu, nó b’fhéidir beagán sa bhreis air sin. Chomh maith leis sin beidh feisire Eorpach amháin ar a laghad acu, nó triúr má bhíonn rith an ráis leo.

Dúirt an Taoiseach go raibh éileamh an phobail soiléir. Teastaíonn uathu go dtreiseodh an Rialtas a chur chuige agus iad ag déileáil leis an athrú aeráide, a dúirt sé. Gheall sé go dtabharfaí aird ar theachtaireacht na vótóirí, agus go ngéarófaí ar iarrachtaí an rialtais.

Níl sa bhfocal ‘gadaíocht’ thuas ach béarlagair iriseora. Má mholann páirtí cur chuige áirithe, agus má thagann méadú mór ar thacaíocht an pháirtí dá bharr, ní haon iontas é go dtagann fonn ar pháirtithe eile cur chuige den sórt céanna a mholadh, nó ar a laghad aithris a dhéanamh ar an dream is túisce a bhí á mholadh.

Tá a fhios ag na Glasaigh go maith go dtagann idir thairbhe agus chontúirt pholaitiúil sna sála ar a chéile, de réir mar a éiríonn siad níos líonmhaire.

Ní bheidh cathú ar Leo Varadkar ná ar Mhicheál Martin dáta an olltogcháin a bhrostú mar gheall ar thorthaí na dtoghchán áitiúla agus Eorpacha. Mar sin féin, tá an leagan amach polaitiúil athraithe, agus an bheirt acu ag breathnú ar na Glasaigh mar pháirtí a d’fhéadfadh a bheith ina rannpháirtithe tábhachtacha i gcomhrialtas.

Is ag Sinn Féin atá an chúis imní is mó i bhfianaise thorthaí na toghcháin áitiúil go dtí seo.

Tá sciar an pháirtí den vóta náisiúnta laghdaithe agus suíocháin caillte acu i gceantair éagsúla – go háirithe i mBaile Átha Cliath. Má chailleann an páirtí suíochán i dtoghcháin na hEorpa nó níos mó, cuirfear a thuilleadh brú ar an gceannaire Mary Lou McDonald straitéis agus polasaithe an pháirtí a athbhreithniú gan mhoill.

Ar ndóigh, ní féidir lánéirim thorthaí an dá thoghcháin a mheá go mbeidh an comhaireamh críochnaithe –a  uair éigin amárach, má bhíonn rath ar an obair – ach tá an méid sin soiléir cheana féin.

Níos mó

Cathal Mac Coille

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge