Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<div-class="credit-tuairisc"></div>-tuairisc-on-mbrasail:-dea-sceal-agus-drochsceal-maidir-le-cursai-foreigin

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Dea-scéal agus drochscéal maidir le cúrsaí foréigin

Tá dea-scéal le sonrú ar na staitisticí is deireanaí maidir leis an bhforéigean marfach sa Bhrasaíl, ina bhfaigheann gar do thrí scór míle duine bás gach bliain.

Léiríonn na figiúirí maidir leis an gcéad dhá mhí den bhliain seo go bhfuil titim 25 faoin gcéad ar líon na ndúnmharuithe i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Roimhe sin, bhí titim 13 faoin gcéad ar líon na ndúnmharuithe in 2018 i gcomparáid le 2017, an bhliain ab fhoréigní riamh i stair na Brasaíle.

Ach tá drochscéal sna staitisticí is úire freisin. Is é an chaoi go bhfuil ardú ar líon na ndaoine a mharaítear le linn oibríochtaí póilíneachta. Tháinig ardú 18 faoin gcéad ar líon na gcásanna sin in 2018 i gcomparáid leis an mbliain roimhe. Anuraidh, mharaigh na póilíní 6,160 duine – 935 níos mó ná mar a mharaigh siad an bhliain roimhe sin.

Tá cúrsaí go hainnis ar fad i stát Rio de Janeiro, áit ar mharaigh na póilíní 434 duine sa chéad ráithe den bhliain seo. Sin ceathrar in aghaidh an lae. I gcodanna áirithe de chathair Rio de Janeiro, ba iad na póilíní a bhí freagrach as níos mó ná leath de líon iomlán na ndúnmharuithe. 

Gheall gobharnóir reatha stát Rio de Janeiro, Wilson Witzel cath fíochmhar a fhearadh ar an gcoiriúlacht nuair a tháinig sé i gcumhacht ag tús na bliana seo. Ach oiread le huachtarán fíorchoimeádach na Brasaíle, Jair Bolsonaro, toghadh Witzel, Caitliceach de chuid na heite deise Críostaí, a bhuíochas le clár polaitiúil atá dírithe go láidir ar chur i bhfeidhm dhlí agus oird. 

Faraor géar, is dóichí ná a mhalairt go léireofar amach anseo go bhfuil baint nach beag idir teacht chun cinn na heite fíordheise i bpolaitíocht na Brasaíle agus an t-ardú atá ar líon na ndaoine a mharaítear le linn oibríochtaí póilíneachta. 

Ach bheadh dul amú ar an té a cheapfadh gurb iad polasaithe Jair Bolsonaro, a d’eisigh forógra níos túisce i mbliana a d’fhág an reachtaíocht maidir le seilbh ghunnaí níos scaoilte, is cúis leis an titim 25 faoin gcéad atá ar líon na ndúnmharuithe sa Bhrasaíl i gcoitinne. Is é an chaoi gur anuraidh, nuair a bhí an nua-liobrálach Michel Temer fós ina uachtarán, a thosaigh líon na ndúnmharuithe ag dul i laghad. Lena chois sin, is sna stáit in oirthuaisceart na tíre, mar a bhfuil rialtais de chuid na heite clé i gcumhacht, is mó a bhí an titim ar líon na ndúnmharuithe ó thús na bliana seo. (Sa Bhrasaíl, is iad na stáit éagsúla, seachas an rialtas feidearálach san ardchathair Brasília, atá freagrach as cúrsaí póilíneachta.)

Deir lucht anailíse na staitisticí go bhfuil sé róluath míniú críochnaitheach a thabhairt ar an laghdú suntasach atá tagtha ar líon na ndúnmharuithe go ginearálta le breis agus bliain anuas. Táthar ann a deir gur sosanna comhraic idir bhuíonta drugaí éagsúla, seachas tionchar na bpolasaithe oifigiúla, is cúis leis an titim.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Alex Hijmans