Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-achaini-ar-netflix-abhar-gaeilge-a-chruthu

Achainí ar Netflix ábhar Gaeilge a chruthú

achainí tosaithe ar líne ina n-éilítear ar an gcomhlacht mór sruthaithe Netflix ábhar i nGaeilge a chur ar fáil ar a ardán sa tír seo. 

Faoi láthair, níl aon chlár ná scannán i nGaeilge ar fáil ar Netflix, cé go bhfuil leagan Béarla den tsraith iomráiteach An Klondike, faoin teideal Dominion Creek. Nuair a thairg stiúrthóir na sraithe, Dathaí Keane, an rogha idir fotheidealú agus dubáil do Netflix, ghlac an comhlacht leis an leagan dubáilte. 

Ina achainí ar an suíomh Change.org, deir Cormac Mac Réamainn, mac léinn i mBaile Átha Cliath, go bhfuil ábhar cruthaithe ag Netflix atá lonnaithe i  mbeagnach gach tír ina bhfuil an tseirbhís ar fáil, ach nach bhfuil aon ábhar Éireannach, gan chaint ar ábhar Gaeilge, cruthaithe acu go fóill. 

“Ar na samplaí [den ábhar] tá Sex Education i Sasana, Dark sa Ghearmáin, La casa de las Floras i Meicsiceo, agus cláir aitheanta eile dá lucht féachana i Meiriceá,” a scríobh sé. 

Dúirt sé gur mhaith leis “ábhar Éireannach, agus a fhormhór i dteanga oifigiúil na tíre, an Ghaeilge”  ar Netflix amach anseo. 

“Tá 6.5 milliún duine ina gcónaí in Éirinn, agus tá 36.9 milliún Gael-Mheiriceánach ann freisin. Is cinnte go mbeadh tóir ar ábhar Gaeilge [ar Netflix]. Agus Brexit ag druidim linn, luífeadh sé le réasún dá scarfaí Netflix Ireland ó Netflix UK agus dá ndéanfaí aonad ar leith as. Dhíreodh sé sin tuilleadh airde ar ábhar Gaeilge, in áit ábhar Béarla, a chur ar fáil,” a scríobh Cormac.

Faoi láthair tá breis agus 750 duine tar éis a n-ainm a chur leis an achainí, agus súil ag Cormac ar a laghad míle duine a fháil. 

Seoladh Netflix in Éirinn in 2012 agus tá fáil ar an tseirbhís in 130 tír ar fud an domhain anois. Is minic a bhuann cláracha agus scannáin a chraoltar den chéad uair ar an tseirbhís gradaim mhóra idirnáisiúnta

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge