Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-alzheimer:-thios-seal,-thuas-seal-–-agus-coinnigh-suil-ar-na-fiacla…

Alzheimer: thíos seal, thuas seal – agus coinnigh súil ar na fiacla…

| Alex Hijmans | ,

Nuair a bhí mé sa bhaile go deireanach thug mé mo mháthair, ar deimhníodh bliain ó shin go bhfuil galar Alzheimer uirthi, go dtí an fiaclóir. Bhí mant nó dhó ina draid íochtair le trí ráithe anuas agus níor thuig mé cén fáth nach raibh na hionchlannáin fiacla a bhí geallta di faighte aici fós. ’Tá mé ag fanacht ar scéala ón bhfiaclóir,’ a deireadh sí liom nuair a d’ardaínn an cheist inár gcuid físghlaonna  (an modh cumarsáide a bhíonn againn an chuid is mó den am, toisc nach bhfuil cónaí orainn sa tír chéanna).

Ag fanacht ar scéala ó mo mham a bhí an fiaclóir, a dúradh linn nuair a thug mé mo mham chomh fada leis an gcleachtas. Bhí sé ráite aige léi sé mhí roimhe sin nár mhór di coinne a dhéanamh ag clinic speisialta chun na hionchlannáin a dhéanamh, agus coinne a dhéanamh leis féin ansin chun iad a chur isteach. Ba léir go raibh dearmad déanta air sin ag mo mháthair; sin galar Alzheimer agat. Cuireadh nóta i gcóras riaracháin an fhiaclóra go bhfuil an galar sin ar mo mham, agus ar aghaidh linn chuig clinic na n-ionchlannán. 

Bhí go maith agus ní raibh go holc. Rinneadh na hionchlannáin agus cuireadh isteach iad. Bhí mise thar sáile arís faoin am sin ach thug mo dheartháir óg cúnamh do mo mham lá na hobráide.

Ach ansin, ag tús na míosa seo, ar a 74ú breithlá thar aon lá eile, thug mo mham faoi deara go raibh píosa tar éis briseadh de cheann dá cuid fiacla féin a fágadh ina draid íochtair. Ní dúirt sí tada liomsa ná le mo dheartháir óg, ach léim sí ar a rothar an lá dár gcionn, rinne coinne di féin ag an bhfiaclóir, agus dhá lá ina dhiaidh sin, bhí an fhiacail deisithe. Ba é sin an uair a d’inis sí an scéal dúinne.

Bhí idir bhród agus iontas orm: dáiríre píre, ag an staid seo, níor shamhlaigh mé go mbeadh mo mham in ann fadhb mar seo a réiteach léi féin. Ach sin mar a bhíonn galar Alzheimer go minic, is cosúil: thíos seal, ach ansin, gan choinne, thuas seal.

Suimiúil go leor, foilsíodh taighde nua faoin gceangal idir sláinteachas béil agus galar Alzheimer an lá ar thug mo mháthair cuairt ar an bhfiaclóir as a stuaim féin. 

Tá fianaise aimsithe ag lucht taighde in Ollscoil Bergen na hIorua gur féidir leis na baictéir a chúisíonn gingibhíteas a mbealach a dhéanamh suas go dtí an inchinn agus go dtáirgíonn siad próitéin ansin a scriosann néarchealla, rud a mbíonn cailliúint cuimhní agus, sa deireadh, galar Alzheimer mar thoradh air.

Dea-scéal atá sa taighde seo dóibh siúd nach bhfuil galar Alzheimer orthu agus a bheadh ag iarraidh an galar gránna sin a sheachaint amach anseo: tabhair aire mhaith do d’fhiacla agus cuirfidh tú cosc ar cheann de na cúiseanna, a deimhníodh go dtí seo, atá leis.

Níos mó