Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • AN ARDTEIST: Faoiseamh den chuid is mó – dearcadh múinteoirí faoi Pháipéar 1 na Gaeilge
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-ardteist:-faoiseamh-den-chuid-is-mo-–-dearcadh-muinteoiri-faoi-phaipear-1-na-gaeilge

AN ARDTEIST: Faoiseamh den chuid is mó – dearcadh múinteoirí faoi Pháipéar 1 na Gaeilge

Is cosúil go rabhthas sásta go maith le Páipéar 1 i scrúdú ardleibhéil Gaeilge na hArdteiste inniu, in ainneoin nach raibh teidil na n-aistí chomh leathan is a bhíodh.  

Bhí Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide agus múinteoir Gaeilge i gColáiste Naomh Eoin, Inis Meáin, ar dhuine de na múinteoirí a mheas gur páipéar “féaráilte agus deas” a bhí sa chéad pháipéar Ardteiste Gaeilge.

Mheas Ní Fhátharta  nach raibh aon rud ar pháipéar an lae inniu “a bhí ródhúshlánach”. 

Dúirt sí go raibh an chluastuiscint “togha gan a bheith ró-éasca” agus cheap sí nach raibh “aon rud ann a thabharfadh an iomarca dúshláin do dhaltaí”. 

“Mórcheisteanna ár linne a bhí faoi chaibidil sna haistí ar nós an chórais oideachais agus cúrsaí polaitíochta rudaí a mbeifeá ag súil go mbeadh daltaí na hArdteiste in ann iad a phlé,” a dúirt Ní Fhátharta. 

Dúirt sí gurbh é an rud ba shuntasaí faoin pháipéar go raibh “castaí beaga curtha le roinnt de na haistí le foghlaim de ghlanmheabhair a sheachaint”. 

“Mar shampla, bhí ‘Mná sa spórt’ mar rogha i mbliana in áit alt ginearálta faoin spórt,” a dúirt Ní Fhátharta. 

D’aontaigh Gearóid Breathnach, múinteoir Gaeilge i Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh i gContae na Mí leis an tuairim sin agus dúirt sé gur cheap sé gurbh “údar faoisimh do go leor múinteoirí Gaeilge sa tír” an aiste faoi ghéarchéim na tithíochta, an chéad rogha ar liosta na n-aistí. 

“Is dóigh liom go mbeidh formhór mhúinteoirí Gaeilge na tíre ana-shásta go raibh géarchéim na tithíochta ar an bpáipéar,” a dúirt Breathnach.  

Dúirt sé go raibh roghanna eile ar liosta na n-aistí “a raibh an-chuid foclaíochta i gceist leo”. 

“Níl a leithéid feicthe ar pháipéar scrúduithe Gaeilge le tamall agus cheapfainn go gcothódh an fhoclaíocht deacrachtaí do dhaltaí áirithe.

“Seans nach dtuigfeadh roinnt daltaí cad é go díreach a bhí ag teastáil i gcás roinnt de na haistí.” 

Dar le Breathnach go raibh dúshlán ar leith ag baint leis na leis an aiste ‘Tá an caidreamh polaitíochta idir tíortha an domhain míshuaimhneach  sa lá atá inniu ann’ agus an aiste

‘chaidrimh pholaitiúla mhíshuaimhneach idir tíortha an domhain’ agus ‘Athruithe chun feabhais ar an saol in Éirinn le déanaí’.

“Bheadh an-chuid oibre déanta daltaí faoi fhadhbanna sóisialta atá faoi láthair ann, ach n’fheadar faoi na hathruithe chun feabhais. Bhí sé á thuar go mbeadh an spórt ann ach n’fheadar an mó duine a bheadh  ag súil le ‘Mná sa spórt’,” a dúirt Breathnach.  

“Is dócha, bhíodar [na scrúdaitheoirí] ag iarraidh fáil amach cé chomh solúbtha is a bhí an dalta agus deis a thabhairt dó scríobh as a stuaim féin seachas a bheith ag brath ar rud éigin a bhí foghlamtha de ghlanmheabhair aige.” 

Mheas John de Buitléir, Príomhoide Ghaelcholáiste Luimnigh go raibh an chéad pháipéar Gaeilge “thar a bheith ábhartha”. 

“Ní raibh aon fhadhb ag daltaí leis an gcluastuiscint agus is léir go rabhthas ag iarraidh go mbeadh siad in ann na freagraí a aimsiú,” a dúirt sé. 

Dúirt de Buitléir go raibh “rogha mhaith” i mbliana idir aistí ginearálta a d’oirfeadh formhór daltaí agus aistí faoi chúrsaí polaitíochta a bhí “dírithe ar dhaoine a bhí an-ullamh”. 

Dúirt sé go raibh an díospóireacht agus an óráid oiriúnach do dhalta atá “cruthaitheach” agus gur shíl sé go raibh “rogha dheas” sna scéalta.

“Dá mbeadh dúshlán uait bhí sé ann,” a dúirt Príomhoide Ghaelcholáiste Luimnigh. 

Maidir leis an pháipéar Gaeilge Gnáthleibhéal, cheap de Buitléir nach raibh aon rud ann a thiocfadh aniar aduaidh ar dhaltaí. 

“Ní raibh aon rud as an ghnách ar an pháipéar gnáthleibhéil. ‘Is aoibhinn liom mo scoil’ agus ‘Na rudaí a dhéanaim nuair a bhíonn am saor agam’. Tá a leithéid an-ghinearálta agus éinne a bhí ullamh ní bheadh aon stró air,” arsa John de Buitléir, Príomhoide Ghaelcholáiste Luimnigh.

Níos mó

Méabh Ní Thuathaláin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge