Tá beirt bhuachaillí 14 bliain d’aois ciontaithe as dúnmharú Ana Kriégel i Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliathmí na Bealtaine 2018.
Chinn an giúiré gur mharaigh an chéad duine acu an cailín óg nuair a rinne sé a ceann agus a muineál a ghortú go dona. Ciontaíodh chomh maith as ionsaí gnéis foréigneach a dhéanamh uirthi.
Thug an giúiré 14 go leith uair a chloig i mbun machnaimh ar an gcás i gcoinne na mbuachaillí ar tugadh Buachaill A agus Buachaill B orthu toisc iad a bheith chomh hóg.
Fuarthas gur mheall an dara buachaill an cailín óna teach agus fios aige céard a bhí i ndán di. D’fhéach sé ar an gcailín á hionsaí agus cheil sé eolas ina dhiaidh sin.faoin dúmharú a tharla ar i dteach feirme tréigthe i Leamhcán ar an 14 Bealtaine 2018.
13 bliain a bhí na buachaillí ag an am. Phléadáil an bheirt acu neamhchiontach.
Tá an bheirt á gcoinneáil faoi choimeád i dTeach Bhaile an Oibricigh go dtí an 15 Iúil, fad is atá tuairiscí promhaidh á n-ullmhú faoi réir Acht na Leanaí 2001.
Tuairiscítear go raibh cuma shuaite ar Bhuachaill A agus a cheann cromtha ag Buachaill B nuair a fógraíodh an bhreith.