Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Teanga
  • Caifé Gaelach ‘nach mór le réidh le n-oscailt’ i dTamhlacht
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-caife-gaelach-‘nach-mor-le-reidh-le-n-oscailt’-i-dtamhlacht

Caifé Gaelach ‘nach mór le réidh le n-oscailt’ i dTamhlacht

Ní fada go mbeidh caifé nua ag cainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus Gaelphobal Thamhlachta “beagnach ann” lena gcaifé nua san Ionad Gaeilge atá á thógáil sa gceantar. 

D’fhógair an eagraíocht, ar craobh de Chonradh na Gaeilge é, ar na meáin shóisialta an tseachtain seo go bhfuil an caifé ‘1Scéal’ “nach mór réidh le n-oscailt”. Tá súil ag Pól Ó Meadhra, Cathaoirleach Ghaelphobal Thamhlachta, go mbeidh an caifé oscailte an mhí seo chugainn.

Beidh spás do suas le 30 duine sa gcaifé nua, agus tá duine le Gaeilge as Tamhlacht fostaithe le haire a thabhairt don áit.

In 2016, cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta na linne, Seán Kyne, €150,000 do Ghaelphobal Thamhlachta le hIonad Gaeilge a fhorbairt ar an mbaile i ndeisceart Chontae Átha Cliath.  Cheannaigh an eagraíocht talamh sa gceantar in 2014 agus é mar intinn acu an áit a fhorbairt mar lárionad Gaeilge agus Cultúir don cheantar. 

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie ag an am, dúirt Cathaoirleach Ghaelphobal Thamhlachta gur “bunchloch de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge” é go mbeadh áiteanna ar nós an ionaid atá á fhorbairt ar fud na tíre agus gur “maith an rud gur i dTamhlacht a bheidh rud mar é”. 

Tá borradh faoin nGaeilge i dTamhlacht  le tamall de bhlianta anuas mar gheall ar an obair atá déanta ag Gaelphobal Thamhlachta agus na scoileanna éagsúla Gaeilge atá sa gceantar. 

Chomh maith le ‘1Scéal’ beidh siopa leabhar agus amharclann bheag mar chuid  den Ionad Gaeilge. 

“Tá cúl an tí á fhorbairt mar amharclann faoi láthair agus súil againn maoiniú a fháil ón gcomhairle áitiúil [Comhairle Contae Átha Cliath Theas]. Beidh an dá thaobh ag cabhrú lena chéile, ag tá grúpaí eile sa cheantar, Aisteoirí Thamhlachta agus an Club Óige mar shampla. Táimid ag iarraidh craobh de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann a bhunú anseo freisin,” a dúirt sé.

Tá 1Scéal lonnaithe i lár Thamhlachta in aice leis an gComhar Creidmheasa agus beidh sé ar oscailt faoi dheireadh an tsamhraidh.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge