Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Leabhair
  • Chruthaigh Mícheál Ó Conghaile spás nua aiteach i gcomhthéacs na Gaeilge
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-chruthaigh-micheal-o-conghaile-spas-nua-aiteach-i-gcomhtheacs-na-gaeilge

Chruthaigh Mícheál Ó Conghaile spás nua aiteach i gcomhthéacs na Gaeilge

Is minic a sháraíonn an scríbhneoir cumasach ildánach Micheál Ó Conghaile coinbhinsiúin éagsúla shochaíocha ina saothair liteartha. Chuir ionramháil a chuid téamaí iontas ar chriticeoirí agus ar léitheoirí na Gaeilge nuair a céadfoilsíodh iad. Is cinnte go n-éiríonn leis an gConghaileach, ar scríbhneoir oscailte aerach é, gur féidir linn spás áirithe nua aiteach a chruthú, a chothú agus a cheiliúradh i gcomhthéacs na Gaeilge. 

Pléann an Conghaileach an-chuid téamaí ina shaothair a bhaineann leis an saol aiteach; an trasfheisteoir, an teacht amach, an t-éigniú aiteach, agus go leor eile nach iad. Is díol spéise é go bpléann an scríbhneoir an chrúsáil chollaí i gcuid dá shaothair liteartha, téama ar leith a thugann dúshláin ar cheisteanna a bhaineann le féiniúlacht an Ghaelachais agus na haiteachta. 

Le teacht aipeanna nua-aimseartha do choinní rómánsacha agus collaíochta ar nós Tinder agus Grindr, is ag dul in éag atá cleachtas na crúsála poiblí. An rud a bhíodh agus atá i gceist leis an gcrúsáil chollaí ná bealach ina mbíodh fir (den chuid is mó) ag dul sa tóir ar chollaíocht le fir eile i bpáirceanna poiblí, i leithris phoiblí, agus in áiteanna eile. 

Is le linn na hoíche nó go fíordhiscréideach a théadh na fir aiteacha seo amach ag cuartú teagmháil chollaí le fir eile. Cé go mbíodh contúirt ag baint leis an ngníomh féin agus gur sháraigh sé dlíthe éagsúla, bhí fir áirithe sásta dul sa seans ionas go mbeadh an teagmháil seo  acu. Léiríonn Micheál Ó Conghaile samplaí éagsúla ina shaothair chruthaitheacha den chrúsáil.

Feictear an chrúsáil chollaí sa ghearrscéal ‘An Mercyfucker’ in An Fear nach nDéanann Gáire (Ó Conghaile 2003). Le linn an scéil tagann an reacaire ar cheantar crúsála i Londain. Míníonn cara an reacaire dó go mbíonn grúpa ógánach ag crochadh thart ar an gcearnóg sa chathair chun teagmháil chollaí a dhéanamh le seanfhir nó fir mheánaosta chun iad a “…fhocáil…”. 

Is ar éigean a bhí cara an reacaire ocht mbliana déag ach é sásta an caidreamh collaí seo a chleachtadh le fir eile a bhí i bhfad Éireann níos sine ná é. Míníonn an buachaill go raibh bearna le feiceáil i saol an fhir agus an chuid is mó acu ina maighdeana.

 Dar leis an mbuachaill gur gné de “…Carthanacht Dé…” é seo. Feidhmíonn an chearnóg, mar sin, mar áit chun an teagmháil chollaí seo a bhaint amach agus d’uireasa an cheantair, ní bheadh fir na cearnóige in ann taithí chollaí a bheith acu.

Ar an gcuma chéanna a chuirtear an chrúsáil chollaí in iúl in  ‘As Láimh a Chéile’ arís eile in An Fear a Phléasc (1997). Cuirtear suíomh tábhairne aerach in iúl sa ghearrscéal. Breathnaíonn an reacaire air féin mar rí beag sa chlub agus tá gach éinne eile mar rogha “…banríon le bronnadh…” air. 

Tá mórtas colainne le blaiseadh anseo ag an reacaire agus cuireann sé an t-atmaisféar sa chlub in iúl don léitheoir. Deirtear go raibh an club hot, “Bhí an áit seo hot anocht, a mhac, thar a bheith hot. Ní te anois ach hot”. 

Míníonn an reacaire go bhfuil aithne aige ar chuid mhór de dhream an chlub agus gur aithne fhisiciúil atá i gceist aige anseo, ag cur an crúsáil chollaí seo chun tosaigh arís. Díol spéise is ea an “…aithne chraicinn…” atá ón reacaire. Is sa chlub aerach a thagann an reacaire ar dheiseanna collaíochta. 

Ar deireadh is i gcarrchlós séipéal gar go leor do theach Aintín an reacaire a bhuaileann sé craiceann le fear ón gclub. Ach cé go raibh spéis ag an reacaire ann, is cinnte, dar leis, nach bhfeicfidh sé arís é ach go ‘Chonaic. An mhaidin dár gcionn ón suíochán chúil, i séipéal cathrach – nuair a d’ofráil sé Aifreann an mheáin lae.’

In Sna Fir (1999), cuirtear aithne ar John Paul, fear óg aerach ó cheantar Gaeltachta. Cuirtear síos le linn an úrscéil ar chuairt an phríomhcharachtair go Club 99, club crúsála collaí i mBaile Átha Cliath. Bíonn saoirse ar leith ar fáil sa chlub do John Paul agus braitheann sé “[Nárbh] as Ceathrú na gCloch mé anois. Ní raibh cárta aitheantais ná mo chuid éadaigh féin liom. Fiú m’ainm is mo shloinne féin bhí siad fágtha i mo dhiaidh”. 

Mar sin is sa chlub gnéis gur féidir le John Paul a mhianta príobháideacha féin a chur i bhfeidhm agus a léiriú. Tá saoirse ar leith ag baint leis an gcollaíocht istigh sa chlub crúsála gnéis agus an reacaire ag bualadh le réimse leathan fear. 

Mar sin féin, is léir go bhfuil téama an uaignis ar fáil tríd an úrscéal agus cé gur féidir leis na carachtair a mhianta a chleachtadh, tá uaigneas fós le feiceáil mar mhóitíf i dtaca leis an gcrúsáil. 


Beidh caint ar an ábhar seo á tabhairt ag an údar ag an ócáid Bród! a bheidh ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath anocht.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge