Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Teanga
  • ‘Cuirimis i gcoinne thíorántacht uile-láithreach an Bhéarla’
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘cuirimis-i-gcoinne-thiorantacht-uile-laithreach-an-bhearla’

‘Cuirimis i gcoinne thíorántacht uile-láithreach an Bhéarla’

Tá céad duine mór le rá i saol acadúil agus liteartha na Fraince tar éis a n-ainm a chur le colún ar an nuachtán Le Parisien ag impí ar uachtarán na Fraince, Émmanuel Macron, tacú leis an bhFraincis agus éirí as an nós atá aige tús áite a thabhairt don Bhéarla.

Ón uair a tháinig Macron i gcumhacht, tá olc á chur aige ar thírghráthóirí na Fraince mar gheall ar an dúil chráite a bhíonn air a líofacht sa Bhéarla a thaispeáint don saol: cuirtear ina leith go dtapaíonn sé chuile dheis Béarlachas a úsáid in óráidí agus in agallaimh agus go dtiontaíonn sé ar an mBéarla a luaithe agus is féidir leis nuair atá sé ag labhairt le ceannairí domhanda eile nó leis na meáin.

Tá drochbhail ar an bhFraincis, í múchta ag an mBéarla agus a raon úsáide á chúngú dá bharr — sin a deirtear sa cholún in Le Parisien. Tá eagla ar lucht scríofa an cholúin go bhfuil muintir na Fraince ag géilleadh don ionradh teangeolaíoch seo agus go bhfuil a bhféiniúlacht agus a bhféinmheas á gcreimeadh dá bharr. 

Dar le húdar an cholúin gur gá do Macron an fód a sheasamh ar son na Fraincise i gcoinne rabharta an Bhéarla agus gur féidir leis amhlaidh a dhéanamh trí ghníomhartha áirithe a thógáil.

 

1 Éirí as an mBéarla a úsáid agus é ar cuairt thar lear. Tá an Fhraincis fós ina mórtheanga dhomhanda agus tuiscint fhorleathan ag daoine uirthi — níl aon chúis mhaith ann nach mbainfeadh Macron úsáid aisti dá bharr.

2 Éirí as an mBéarla a úsáid sa Fhrainc féin, drochnós a laghdaíonn ar an seans go mbainfidh cuairteoirí triail as an bhFraincis — más amhlaidh go bhfuil a dteanga féin tréigthe ag na Francaigh, tuige a gcuirfeadh eachtrannaigh dua orthu féin í a fhoghlaim?

3 Dlíthe a chur i bhfeidhm a thabharfadh tús áite don Fhraincis agus a chuirfeadh san áireamh an staid leochaileach ina bhfuil an teanga i réimsí áirithe saoil mar gheall ar bhrú ón mBéarla. Ní mór a shonrú d’údaráis náisiúnta agus áitiúla na tíre céard iad na cumhachtaí atá acu chun dul i ngleic le drochstaid na Fraincise.

4 Tá an Béarla á oirniú mar dhara teanga oifigiúil an náisiúin: caithfear deireadh a chur leis an gclaonadh féinmharfach seo i dtreo an Bhéarla i saol poiblí na tíre. Anuas air sin, ba cheart deireadh le hábhair áirithe a bheith á múineadh trí mheán an Bhéarla i scoileanna áirithe, ar ‘gnás náireach’ é.

Deir lucht scríofa an cholúin nach mór do Macron dea-shampla a léiriú ar an gceist seo don chuid eile de na tíortha ina labhraítear Fraincis.

Rud eile a chuireann olc ar lucht scríofa an cholúin ná gur mhol Macron an Béarla le déanaí as a bheith ar an teanga is fearr cumarsáide ar domhan. Dar leo nach fíor seo — is í an Fhraincis an teanga is bisiúla agus is feidhmiúla i gcuid mhór den Afraic a bhfuil borradh eacnamaíoch faoi, agus is amhlaidh an scéal é in Québec, a deir siad. Go deimhin, moltar do Macron sampla Québec a lorg, áit a bhfuil dlíthe curtha i bhfeidhm a thugann tosaíocht don Fhraincis agus do chainteoirí Fraincise chun iad a chosaint ó uileláithreacht an Bhéarla.

Beidh le feiceáil má thugann Macron aon aird ar an achainí seo: cuirtear ceanndánacht agus éirí in airde ina leith agus deirtear nach n-éisteann sé le comhairle go dtí go mbíonn sé ródhéanach. 

Mar sin féin, tá droch-chlú an choimeádachais ar chuid de chosantóirí na Fraincise, agus ní thugann pobal na Fraince mórán airde ar chomhairle an Académie Francaise, coimisiún rialtais a bhfuil sé de chúram air focail nua-chumtha Fraincise a chur chun cinn in áit an Bhéarlachais. 

Mar shampla, ní raibh an Académie sásta ‘smartphone’ a scaoileadh isteach sa teanga, agus mhol siad ‘un mobile multifonction’ ina áit, téarma fadálach nár ghlac an gnáthphobal leis. 

In 2017, rialaigh an Académie i gcoinne focail Bhéarla a úsáid, amhail ‘gamer’,dark web’ agus ‘fake news’. Ina n-áit siúd, dúradh leis an Francaigh ‘joueur’, ‘internet clandestin’ agus ‘infofox’ a úsáid. Arís, ní raibh glacadh forleathan leis na téarmaí malartacha i measc an phobail agus cloítear i gcónaí leis na téarmaí Béarla sa ghnáthchaint.

Ach léiríonn an colún a foilsíodh ar Le Parisien nach bhfuil an cath teangeolaíoch seo thart go fóill agus go leanfaidh caomhnóirí na Fraincise leo ag troid ar son a dteanga agus ar son a bhféiniúlacht náisiúnta gan stad gan staonadh.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge