Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Gaeltacht
  • Cúiseanna imní faoi chóras cóireála séarachais nua pléite ag cruinniú i gConamara
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cuiseanna-imni-faoi-choras-coireala-searachais-nua-pleite-ag-cruinniu-i-gconamara

Cúiseanna imní faoi chóras cóireála séarachais nua pléite ag cruinniú i gConamara

D’fhreastail thart ar dhá scór duine ar chruinniú poiblí ar an Tulaigh aréir chun ceist an chórais cóireála séarachais atá le tógáil ar eastát tionsclaíochta na Tulaí a phlé. 

Coiste Pobail na Tulaí a d’eagraigh an cruinniú, an dara ceann faoin gceist seo,  le deis a thabhairt don phobal freagraí a fháil ar aon cheisteanna faoin togra a bhí fós ag déanamh tinnis dóibh. 

Bhí ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta atá i mbun an togra seo i láthair le freagraí agus aon eolas breise a sholáthar. 

Sula ndearna an tÚdarás aon chur i láthair vótáil tromlach a raibh i láthair i gcoinne an togra – cuid acu a raibh imní orthu faoi na himpleachtaí timpeallachta a bheadh aige agus cuid acu a cheap nach raibh a ndóthain eolais acu fós lena n-intinn a dhéanamh suas.

Beidh an córas cóireála seo ag freastal ar eastát tionsclaíochta na Tulaí agus an struchtúr féin tógtha ó thuaidh de na monarchana atá ar an eastát.

Ar chuid de na húdair imní a luaigh daoine aréir, bhíothas buartha go mbeadh drochbholadh ann, go sceithfeadh na tancanna dá mbeadh báisteach throm ann, agus go dtruailleofaí an abhainn a théann síos ón loch taobh thiar de cheannáras TG4. Cuireadh ceisteanna freisin faoi céard a tharlódh dá gclisfeadh an córas nó na caidéil agus faoi cén t-achar a thógfadh sé é a dheisiú agus an mbeadh aon mhísc déanta dá bharr. 

Bhí freagraí ar chuid mhaith de na ceisteanna sin agus moladh go bhféadfadh daoine a ghabháil ag breathnú ar an gcóras nua-aimseartha seo ag oibriú “go hiontach” i dTuaim nó i gCinn Mhara.

Ceann de na ceisteanna is casta an t-uisce ón gcóras a scaoilfeadh an píopa amach ag céibh Bhaile na hAbhann. Tá an ceantar seo ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, bíonn daoine ag iascach agus ag piocadh faochan ann agus tá an Trá Mhóir ansin. 

Dúradh ag an gcruinniú go mbeadh an t-uisce sin beagnach chomh glan agus go bhféadfaí é a ól ach bhí daoine den tuairim gurbh fhearr an píopa a chur níos faide i bhfarraige. Chuige sin chaithfí ceadúnas urthrá nó cladaigh a fháil agus bíonn moill mhór ag baint leis sin agus níl aon iarratas déanta faoina choinne go dtí seo.

Cnámh spairne eile sa scéal seo ná píopaí a chaithfear síos a chur faoi bhóithrín síos go dtí an chéibh agus an amhlaidh gur féidir sin a dhéanamh gan bhuíochas de na húinéirí talún ansin. 

Mheas lucht an Údaráis go raibh an cead sin ann faoin dlí in Acht Seirbhíse na mBóithre ach gurbh fhearr leo go mór comhoibriú leis an bpobal ar mhaithe le fostaíocht a chruthú sa gceantar.

Creideann an tÚdarás nach féidir aon fhorbairt eile ná aon tionsclóir eile a mhealladh chuig eastát tionsclaíocht na Tulaí gan an córas cóireála seo a bheith ann agus maíonn siadsan agus an EPA gur córas sábháilte ar ardchaighdeán atá i gceist. 

Dúirt Cathaoirleach Choiste Pobail na Tulaí ar Iris Aniar ar maidin go raibh fostaíocht ag teastáil go géar sa gceantar ach gur coiste pobail iadsan agus go nglacfaidís le toil an phobail nuair a bheidh a n-intinn déanta suas ag daoine. 

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge