Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Saol
  • Fágaim gach rud i muinín na Cinniúna anois
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-fagaim-gach-rud-i-muinin-na-cinniuna-anois

Fágaim gach rud i muinín na Cinniúna anois

An gcreideann tú go bhfuil rudaí áirithe i ndán duit agus go bhfuil fáth ann go n-imíonn rudaí eile tharat?

Níl mise really cinnte cad a chreidim ann i ndáiríre. Sílim go bhfuil mé ag creidbheáil níos mó sa chinniúint agus rudaí mar sin agus mé ag éirí níos sine, ach tá rud éigin ionam a deir nach bhfuil aon dóigh le dul i ngleic leis na drochrudaí a tharlaíonn duit. 

Ach más sin atá ann, an bhfuil sé chomh holc sin creidbheáil i rudaí díreach le nach ngortóidh siad thú? 

Dúradh linn agus muid ar scoil nach féidir suí ar do thóin ar feadh do shaoil ag fanacht go dtarlóidh rud éigin. Bhí ort díriú isteach ar cibé a bhí uait agus gan stopadh go raibh sé agat. 

Ach ní raibh a fhios agam riamh cad é a bhí uaim. Bhí daoine thart orm a bhí ag iarraidh a bheith ina ndochtúirí nó ina múinteoirí agus chuir sé eagla orm nach raibh agam ach suim sa Ghaeilge — ní an plean saoil a bhí ag achan duine eile. 

Chaith mé cúig bliana de mo shaol ansin ag iarraidh oibriú amach cad a bhí uaim. Mhothaigh mé cineál caillte agus ar ndóigh, bhí mé ag fulaingt go mór le fadhbanna meabhairshláinte agus sin ar fad fosta. Agus mé ag amharc siar ar an tréimhse sin anois, is léir gur mhothaigh mé nach raibh smacht ar bith agam ar mo shaol. Bhí rudaí ag tarlú agus bhí mé ag dul ar aghaidh leofa ach ní raibh mé ag déanamh na rudaí a bhí uaim. 

Rinne mé mo dhícheall smacht a choinneáil ar na rudaí a bhí mé ag ithe, an chuma a bhí ar mo cholainn (a bhí iontach míshláintiúil), cad a cheap daoine fúm agus na rudaí sin ar fad nach féidir a bheith faoi smacht iomlán agat agus bhí mé iontach míshásta mar gheall air. 

Chuaigh mé fríd cúpla rud anuraidh a léirigh dom nach féidir leat achan rud a choinneáil faoi smacht agus go dtarlaíonn rudaí sa saol seo atá iontach agus rudaí eile atá uafásach agus sin díreach mar atá. Mothaím anois go bhfuil mé ag ligean do rudaí tarlú cibé cén dóigh a dtarlóidh siad den chéad uair agus mothaím go bhfuil an oiread sin saoirse agam anois. 

Bíonn orm cur i gcuimhne dom féin anois is arís ligean do rudaí áirithe agus gan a bheith buartha faoi rudaí eile. Ní hé go bhfuil mé go bhfuil mé go hiomlán zen anois ach tá cúrsaí i bhfad níos fearr ná mar a bhí.

Sílim, mar sin, gur mhaith liom a chreidbheáil anois go bhfuil rudaí áirithe i ndán dom le gur féidir liom mo scíth a ligean agus iad ar a mbealach chugam! 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge