Gan aon aiste a bheith ann faoin gcóras sláinte agus an iomarca gaisce ag ‘Máirtín’ sa chluastuiscint an dá scéal is mó a bhí ag daltaí na hArdteiste ar na meáin shóisialta tráthnóna.
Más aon scáthán Twitter ar an ullmhúchán agus na tairngreachtaí faoi pháipéar ardleibhéil Gaeilge na hArdteiste, is tromchroíoch a bhí na daltaí tráthnóna inniu i ndiaidh Páipéar a hAon.
Ní raibh an aiste a bhí ullmhaithe ag go leor acu faoin gcóras sláinte ar an bpáipéar in aon chor mura raibh siad glic a ndóthain chun an córas sláinte a tharraingt isteach san aiste ar ‘athruithe chun feabhais ar an saol in Éirinn’ nó sa scéal Faoiseamh agus scríobh faoin leaba a fuair Mamó tar éis 30 uair ar an tralaí san Aonad Éigeandála agus Timpistí.
Bhí ‘sláinte’ luaite chomh maith sa díospóireacht ach bhíothas idir dhá chomhairle ar chóir an aiste a bhí foghlamtha de ghlanmheabhair a shá isteach ansin.
Ba iad na hábhair a bhí mar rogha don aiste i mbliana ná an ghéarchéim tithíochta; athruithe sa saol; mná sa spórt; saol an scoláire dara leibhéal; agus míshocracht i gcúrsaí idirnáisiúnta. Ba é an dá rogha a bhí ann más scéal a bhí á dhéanamh agat seachas aiste ‘Faoiseamh’ nó ‘Ní thagann ciall roimh aois’.
Ba í an rogha eile a bhí ann ná díospóireacht nó óráid a scríobh. ‘Tugann daoine óga in Éirinn aire mhaith dá sláinte’ a bhí mar rún don díospóireacht agus ‘Nós na léitheoireachta i saol an lae inniu’ an t-ábhar a tugadh don phíosa cainte.
Le roinnt laethanta anuas bhí scoláirí óga ag tuar go tréan go mbeadh aiste ar pháipéar Gaeilge an lae inniu faoin gcóras sláinte.
I’m really willing to risk my entire academic future on my belief that the health system is coming up in Irish paper 1
— Ronan Cloney (@ronan_cloney) 8 Meitheamh 2019
Córas Sláinte will come up Córas Sláinte will come up Córas Sláinte will come up Córas Sláinte will come up Córas Sláinte will come up Córas Sláinte will come up Córas Sláinte will come up Córas Sláinte will come up
— sophie peat (@sophiepeatt) 9 Meitheamh 2019
I did not struggle through six years of higher level Irish for córas sláinte not to come up tomorrow I refuse to accept any other essay titles #LeavingCert2019
— Clo 💜 (@biaswrecked247) 9 Meitheamh 2019
Me and the rest of the country if córas sláinte comes up tomorrow #LeavingCert
pic.twitter.com/hDbaRofklA— Clo 💜 (@biaswrecked247) 9 Meitheamh 2019
If córas sláinte doesn’t come up on the paper tomorrow I’m coming for the SEC. Watch out the liostaí feithimh are about to get a whole lot longer#LeavingCert2019 #leavingcert pic.twitter.com/RRYw61N6nD
— Clark (@Clark22975113) 9 Meitheamh 2019
Ní hiontas mar sin díomá a bheith ar go leor daltaí tráthnóna nuair nár tháinig an tuar faoin tairngreacht agus gan tásc ná tuairisc ar an gcóras sláinte i measc na n-aistí ar pháipéar a haon.
The SEC are going to need the Coras Slainte after that stunt #LeavingCert
— Shauna (@shaunaeaton_) 10 Meitheamh 2019
When córas slainte didn’t come up 🙃🙃🙃🙃🙃 #LeavingCert pic.twitter.com/yi6UQjFcol
— Chloe Foley (@chloefoley29) 10 Meitheamh 2019
Coming out of paper 1 after not seeing córas sláinte#leavingcert pic.twitter.com/pl2ss85yD2
— William Kent (@What_A_Kentt) 10 Meitheamh 2019
Me opening Irish Paper One and not seeing An Córas Sláinte: #LeavingCert2019 pic.twitter.com/lFCYyJMWmk
— katie 🌻 (@katiesashithead) 10 Meitheamh 2019
Opening Irish paper 1 and looking for Córas Sláinte like #Leavingcert2019 pic.twitter.com/yklv5UGWXb
— Stephen Clery (@stephenclery5) 10 Meitheamh 2019
Actually me reading the paper 5 times hoping that I didn’t just miss córas sláinte #LeavingCert :((((( pic.twitter.com/iYNc8dPmJu
— トマス (@thomas_lennon_) 10 Meitheamh 2019
@ whoever didnt put coras slainte on that paper #leavingcert pic.twitter.com/u5SoZIZcdr
— aisling (@actuallyaisling) 10 Meitheamh 2019
Ar na hábhair mhóra cainte eile a bhí ag na daltaí tráthnóna bhí scéal ‘Mháirtín’, fear óg a bhí le cloisteáil sa scrúdú cluastuisceana agus é ag trácht ar an 577 pointe a fuair sé san Ardteist. Bhí roinnt daltaí den tuairim go raibh sé ábhairín míthrócaireach go raibh orthu a bheith ag éisteacht le gaisce Mháirtín.
#leavingcert máirtín flexing with his 577 points felt like a kick in the face fuck u máirtín
— bridget (@trenchtoday) 10 Meitheamh 2019
Máirtín full on flexing on all us poor unfortunate leaving certs about getting 577 points and going to Trinity like alright mate calm down no need to rub it in #leavingcert
— Emma (@_eob_00) 10 Meitheamh 2019
máirtín stressing me out with his 577 points #LeavingCert
— Hannah Dowdall (@hannahhdowdall) 10 Meitheamh 2019
Rinneadh plé chomh maith faoi an mbeadh sé inghlactha aiste a bhí foghlamtha de ghlanmheabhair faoin gcóras sláinte a chur in oiriúint don rún díospóireachta ‘Tugann daoine óga in Éirinn aire mhaith dá sláinte’.
it’s june 10th. higher level irish students finish the aural and turn the page to the ceapadóireacht. córas sláinte is on the paper, but it’s a díospóireacht. everyone forgets the format for a díospóireacht. we all fail. #leavingcert
— ciara (@ciaralucid) 9 Meitheamh 2019
Everyone who didn’t realise córas sláinte actuslly did come up as a debate #leavingcert pic.twitter.com/nxWFU22Pwb
— aaron (@AnnaliseVodka) 10 Meitheamh 2019
That díospóireacht title was a big fat trap and I didn’t fall for it SEC. #LeavingCert #LeavingCert2019 pic.twitter.com/Cintj0YNuf
— 𝓙𝓪𝓶 🍓 (@jeonah_am) 10 Meitheamh 2019
Ar ndóigh, bhí daltaí a raibh níos mó ná aiste faoin gcóras sláinte de ghlanmheabhair acu agus bhí cuid mhaith daoine sásta go maith leis an scrúdú.
That Irish paper what a beauty 😍😍😍 #leavingcert
— ✨✨ (@sfayoongi) 10 Meitheamh 2019
That Irish paper was beautiful tho #LeavingCert
— henrietta (@afroviews) 10 Meitheamh 2019
Cursaí reatha ar an pháipéar Gaeilge don Ardteist: Easpa tithíochta, lóistín do mhic léinn, agus an caidreamh polataíochta ‘míshuaimhneach’ ar fud an domhain (ar ndóigh, rinne mé an aiste sin). #LeavingCert
— Luke Corkery (@LucasOCorcora) 10 Meitheamh 2019
Bíonn a bhealach féin ag gach duine le déileáil le scrúduithe agus b’amhlaidh i gcás pháipéar na Gaeilge inniu. Ag brath ar a n-acmhainn grinn a bhí daoine áirithe tráthnóna agus ag cur an mhilleáin ar na Sasanaigh a bhí dalta eile.
Part of me wants to see my piece of shit Irish paper 1 again just for a giggle
— katie kinsella (@katiekinsella17) 10 Meitheamh 2019
the British are the reason I walked out of the Irish exam today or at least that’s what I’m telling myself #LeavingCert
— Amber-Amelia (@AmberAmeliaKel1) 10 Meitheamh 2019