Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Géarghá dul i ngleic leis an ‘imní shóisialta’ a bhíonn ar fhoghlaimeoirí Gaeilge – taighde nua
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-geargha-dul-i-ngleic-leis-an-‘imni-shoisialta’-a-bhionn-ar-fhoghlaimeoiri-gaeilge-–-taighde-nua

Géarghá dul i ngleic leis an ‘imní shóisialta’ a bhíonn ar fhoghlaimeoirí Gaeilge – taighde nua

Deirtear i dtuarascáil taighde idirnáisiúnta nua go gcaithfear dul i ngleic leis an “imní shóisialta” a bhíonn ar fhoghlaimeoirí Gaeilge an teanga a labhairt, go háirithe le cainteoirí dúchais.

I measc na moltaí atá sa tuarascáil nua, From New Speaker to Speaker, tá go reáchtálfaí mórfheachtas feasachta náisiúnta chun fáil réidh leis na “steiréitíopaí diúltacha” faoi fhoghlaimeoirí Gaeilge.

Ba chóir, a deirtear, an feachtas seo a cheangal le cur chun cinn agus athbheochan na Gaeltachta, rud a dhéanfadh tairbhe do chách agus don chaidreamh idir nuachainteoirí agus cainteoirí dúchais.

Deirtear sa tuarascáil chomh maith gur gá leasuithe suntasacha a dhéanamh i gcúrsaí oiliúna múinteoirí más fúinn ‘borradh mór’ a chur faoi líon na gcainteoirí Gaeilge. 

Deirtear sa tuarascáil, a foilsíodh an tseachtain seo, gur chóir páirt-tumoideachas agus polasaithe oideachais eile atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm chun cur le líon ‘na nuachainteoirí’ Gaeilge.

Is é an sainmhíniú a bhí ag an lucht taighde ar ‘nuachainteoirí’ ná daoine a labhraíonn teanga áirithe go rialta agus go líofa ach nár tógadh leis an teanga sin iad i dtimpeallacht ina labhraítear an teanga sin de ghnáth.

Sa tuarascáil nua ón Ghréasán Eorpach san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht COST (European Co-operation in Science and Technology), deirtear gur ceist polasaí rialtais é tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do dhaoine ar mian leo “aistriú ó bheith ina bhfoghlaimeoirí Gaeilge go nuachainteoirí gníomhacha”.

Mar chuid den tacaíocht bhreise seo, moltar ionaid Ghaeilge a thógáil ‘san oiread ceantar agus is féidir’. Ionaid iad seo a bheadh mar ‘spásanna sábháilte’ do chainteoirí dúchais agus ‘nuachainteoirí’ labhairt lena chéile, a deirtear sa tuarascáil.

Aithnítear sa taighde chomh maith an imní mhór atá ar shaineolaithe áirithe faoi nuachainteoirí a bheith ag múineadh na Gaeilge agus iad féin easnamhach maidir le líofacht agus réim teanga i gcomparáid leis an gcainteoir dúchais.

Ar an dtaobh eile den scéal, bhíodar ann a mhaígh le linn an taighde go raibh seanchleachtadh in Éirinn ar mheascán de mhodhanna agus stíleanna éagsúla teagaisc agus de mhúinteoirí le leibhéil éagsúla líofachta. Mhaígh an dream sin nárbh aon údar imní nó míshuaimhnis é seo.

A mhalairt a mhaígh siad a bhí fíor, is é sin gur ag brath ar nuachainteoirí agus foghlaimeoirí ardchumais atá beatha na teanga ag brath seachas ar an gcainteoir dúchais.

Pléann an taighde chomh maith leis an “easpa muiníne” agus an “imní” a chuireann as do nuachainteoirí Gaeilge maidir leis an teanga a labhairt le cainteoirí dúchais Gaeltachta.

Deirtear gur gá dul i ngleic le “steiréitíopaí diúltacha” a bhaineann le foghlaimeoirí Gaeilge.

Moltar aird a tharraingt ar na cineálacha éagsúla daoine a labhraíonn Gaeilge agus mórfheachtas feasachta náisiúnta a reáchtáil chun an imní a bhíonn ar fhoghlaimeoirí a mhaolú agus chun fáil réidh le “steiréitíopaí diúltacha”.

Moltar chomh maith polasaithe a thabhairt isteach ar mhaithe le cur in iúl do dhaoine nach gá canúint thraidisiúnta a tharraingt chugat féin chun an Ghaeilge a fhoghlaim.

D’fhéadfadh cainteoirí líofa nach bhfuil canúint thraidisiúnta acu a bheith ina n-eiseamláir ag daoine atá ag smaoineamh an Ghaeilge a fhoghlaim.

Díríonn an taighde, atá maoinithe ag Horizon 2020 Creatclár an Aontais Eorpaigh, ar theangacha mionlaigh de chuid na hEorpa agus tugtar léargas sa taighde ar nuachainteoirí éagsúla i réimse teangacha mionlaigh. I measc na dteangacha sin, tá Gaeilge, Breatnais, Bascais, Corsaicis, Briotáinis, Gaeilge Mhanann, Sáimis, Ocsatáinis, Giúdais agus Gailísis. Aithnítear an Ghaeilge ar cheann de na teangacha ar éirigh go maith lena n-athbheochan.

Ba é an sochtheangeolaí aitheanta ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Dr John Walsh, a bhí mar ionadaí na hÉireann ar choiste stiúrtha an taighde. Dúirt an Dr Walsh le Tuairisc.ie  gurbh é aidhm an tionscadail “tuiscint níos fearr a fháil ar nuachainteoirí theangacha éagsúla i gcomhthéacs na hEorpa ilteangaí”.

Dúirt sé gur aithníodh sa tuarascáil taighde dúshláin áirithe a bhí le sárú ag an nuachainteoir Gaeilge.

Ar na dúshláin sin bhí “easpa spásanna sóisialta inar féidir an Ghaeilge a úsáid” agus “easpa tuisceana ar na bealaí ina n-iompaíonn foghlaimeoirí ina gcainteoirí gníomhacha, go háirithe sa chóras oideachais”. Dúshlán eile is ea an “imní shóisialta” a bhíonn ar dhaoine an teanga a labhairt agus an “easpa tuisceana” ar conas meascadh “le pobal na teanga”.

Bhí tábhacht ar leith chomh maith a dúirt an Dr Walsh leis an mórfheachtas feasachta “chun cur le tuiscint an phobail ar chainteoirí uile na Gaeilge”.

Cé go n-aithníonn na húdaráis coincheap an nuachainteora anois i gcás na Gaeilge, dúirt an Dr. John Walsh go léiríonn an taighde “gur lú an t-ualach atá leis sa bheartas teanga i gcomparáid le tíortha eile ar nós Thír na mBascach agus na Catalóine, áit a bhfuil an tuiscint fréamhaithe go maith”.

Dúirt sé freisin gur gá mionstaidéar a dhéanamh ar na bealaí “ina dtagann nuachainteoirí chun cinn, nó ar an aistriú a dhéanann an duine ó fhoghlaimeoir go cainteoir gníomhach, ionas gur féidir leis na húdaráis tacú leis an aistriú sin”.

“Is gá riachtanais nuachainteoirí ó thaobh na teanga féin, ó thaobh na hoibre agus ó thaobh an oideachais a aithint,” a dúirt sé.

Dúirt an Dr. John Walsh go bhfáiltíonn sé go háirithe roimh an mholadh sa taighde go gcruthófaí próifílí de nuachtaineoirí a dhéanfadh cur síos ar chineálacha éagsúla nuachainteoirí agus go ndéanfaí forbairt ar spásanna nó ionaid shóisialta chun tacú le nuachainteoirí comhtháthú le pobal na teanga.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge