Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Gaeltacht
  • Géillte ag Sinn Féin go bhfuil a suíochán caillte ag an MEP Gaeltachta Liadh Ní Riada
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-geillte-ag-sinn-fein-go-bhfuil-a-suiochan-caillte-ag-an-mep-gaeltachta-liadh-ni-riada

Géillte ag Sinn Féin go bhfuil a suíochán caillte ag an MEP Gaeltachta Liadh Ní Riada

Tá géillte ag Sinn Féin go bhfuil a suíochán i bParlaimint na hEorpa caillte ag an bhFeisire Eorpach as Gaeltacht Chorcaí Liadh Ní Riada.

Dheimhnigh an páirtí tráthnóna go raibh siad chun a n-éileamh conspóideach ar athchomhaireamh i dtoghlach an Deiscirt a tharraingt siar.

Fágann teip Liadh Uí Riada gurb é Seán Kelly anois an t-aon Ghaeilgeoir i measc an 13 duine a toghadh sna toghcháin Eorpacha abhus. Dúirt sí le Nuacht TG4  tráthnóna gur “mór an trua” don Ghaeilge agus “do mhuintir na Gaeltachta” nach mbeidh “guth Gaelach agus Gaeltachta” sa pharlaimint in Strasbourg feasta.

Fágann an t-athrú poirt seo go dtosófar maidin amárach ar vótaí Liadh Ní Riada a roinnt. Socróidh roinnt na vótaí sin cé acu an neamhspleách Mick Wallace, an feisire de chuid Fhine Gael Deirdre Clune nó an Seanadóir de chuid Chomhaontas Glas Grace O’Sullivan a thiocfaidh sa triú háit sa toghchán. Seán Kelly, Fine Gael, agus Billy Kelleher, Fianna Fáil, a thoghfar sa chéad dá shuíochán anois agus an t-athchomhaireamh ar ceal.

Cúig shuíochán ar fad atá le líonadh ach beidh fuireach calaidh ar an té a gheobhaidh an cúigiú ceann toisc nach mbeidh sé nó sí ag dul chun Parlaimint Strasbourg nó go bhfágfaidh an Bhreatain an tAE, má tharlaíonn sin.

Fógraíodh athsheiceáil ar vóta Uí Riada agus O’Sullivan an tseachtain seo caite agus an t-iarrthóir de chuid Chomhaontas Glas 327 vóta chun tosaigh ar an iarrthóir de chuid Shinn Féin. 

In ainneoin nár éirigh le Liadh Ní Riada ach aon vóta breise amháin a fháil as an athsheiceáil a rinneadh ar 200,000 páipéar ballóide lorg Sinn Féin athchomhaireamh iomlán ar na vótaí go léir a caitheadh sa toghchán Eorpach sa Deisceart, rud a chosnódh €1 milliún agus a chuirfeadh moill mhór ar an toradh.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Jonathan O’Brien ag an am gur tugadh roinnt “neamhrialtachtaí” faoi deara san athsheiceáil agus shéan sé gur cur amú airgid a bhí san athchomhaireamh. “Ní féidir luach a chur ar an daonlathas,” a dúirt sé.

Phléigh Ní Riada agus O’Brien an scéal arís inniu san ionad comhairimh i gCorcaigh, mar a raibh tús á chur leis an obair athchomhairimh inniu.

Dúirt Ní Riada níos túisce tráthnóna le RTÉ News go raibh sé tábhachtach ní hamháin di féin ach don seachtar ball foirne a bhí ag obair di go gcinnteofaí nach raibh locht ná marach ar an bpróiseas go léir.

Buille mór eile do Shinn Féin agus dá gceannaire Mary Lou McDonald é nár éirigh le bean Mhúscraí a suíochán a choimeád. Níl ach feisire Eorpach amháin ag an bpáirtí anois, Matt Carthy, ó tharla gur chaill Lynn Boylan a suíochán chomh maith i mBaile Átha Cliath.

Anuas air sin, chaill an páirtí sna toghcháin áitiúla nach mór leath de na suíocháin a bhí acu. 

Cé gur chuir Sinn Féin lena sciar den vóta i ngach toghchán idir 1997 agus 2018 is ag dul ar gcúl atá siad le bliain anuas.

Ba í Liadh na Riada an t-iarrthóir a bhí acu i dtoghchán na huachtaránachta sa bhfómhar seo caite, toghchán eile inar tháinig titim mhór ar vóta an pháirtí.

Baineann Ní Riada le glúin nua de pholaiteoirí de chuid Shinn Féin a toghadh don pháirtí a bhí ag súil le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh nuair a tháinig Mary Lou McDonald i gcomharbacht ar Gerry Adams.

Mar Fheisire Eorpach bhí Liadh Ní Riada ina ball de thrí choiste – an coiste buiséid, an coiste iascaireachta agus an coiste oideachais agus cultúir. 

Ó toghadh chun Pharlaimint na hEorpa í in 2014 tá suim léirithe aici i gceisteanna a bhaineann leis na réimsí sin agus i gceisteanna a bhaineann le cearta an duine, cearta mionlaigh agus cúrsaí timpeallachta.

Labhraíodh Ní Riada Gaeilge i bParlaimint na hEorpa.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge