Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Teanga
  • Is mór an cantal a bheith ag bun an dréimire teanga arís
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-is-mor-an-cantal-a-bheith-ag-bun-an-dreimire-teanga-aris

Is mór an cantal a bheith ag bun an dréimire teanga arís

Bhí an-suim agamsa riamh in Éirinn agus ina cultúr, mar a bhíonn ag go leor Meiriceánach a bhfuil oidhreacht Ghaelach acu. Má tá cuma an steiréitíopa leamh air sin, seans maith gurb ea. Ach cúpla bliain ó shin rinne mé an cinneadh céim mhór a thabhairt, nasc le hoidhreacht mo mhuintire a aimsiú, agus an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá sé seo trí oiread níos deacra mar tá cónaí orm sa Ghearmáin faoi láthair. 

Bhíodh mé ag cur fúm in Berlin, agus shíl mé go mb’fhéidir go mbeadh roinnt cainteoirí Gaeilge ansin. Rinne mé iarracht áit a aimsiú a mhúinfeadh an Ghaeilge, ach níor aimsigh mé tada ach Ciorcal Comhrá a chruinnigh gach ré seachtain. Cé gur mhór an fháilte a cuireadh romhamsa, foghlaimeoir, níorbh é an córas foghlama a bhí uaim. 

Níos deireanaí an bhliain sin, tar éis dom aistriú go Hamburg,  d’aimsigh mé grúpa beag daoine a bhí ag foghlaim na Gaeilge agus a tháinig le chéile gach Luan do cheachtanna in íoslach tí tábhairne. 

Ba as gach cearn den domhan iad: Ceanada, Sasana, an Ghearmáin, an Chasacstáin, agus Éire, agus ba í a spéis agus a ngrá don Ghaeilge a thug le chéile iad. Ba tríd an ngrúpa seo a spreagadh mo spéis sa teanga agus chultúr tuilleadh, agus tá mé tar éis tosú ag imirt camógaíocht leis an gcumann áitiúil in Hamburg.

Cé gur chabhraigh an grúpa iontach seo mo ghrá don Ghaeilge a chothú, bhí mé ag iarraidh dul níos faide agus dúshlán a thabhairt dom féin iarracht a dhéanamh a bheith ag caint faoi níos mó ná mo chaitheamh aimsire agus na rudaí a dhéanaim ag  an deireadh seachtaine.  

Mar sin, thóg mé seachtain saor ón obair, phacáil mé na málaí agus tháinig mé go Gaeltacht Thír Chonaill le mo chuid Gaeilge a chleachtadh an tseachtain seo. 

Agus mise a rá leat, is mór an cantal é a bheith ag bun an dréimire teanga arís. Ba í an Ghearmáinis mo phríomhábhar staidéir san ollscoil, agus tar éis cúig bliana a chaitheamh sa Ghearmáin, tá mé nach mór líofa. Tá sé an-éasca dearmad a dhéanamh ar an tús nuair a fhaigheann tú máistreacht ar rud, agus caithfidh mé cuimhneamh nach raibh mé in ann mórán a rá nuair a thosaigh mé ag foghlaim na Gearmáinise ach an oiread.  

Is scanrúil an rud é tús a chur le rud nua, nó tús nua a chur le seanrud, ach mar a deir an Béarla “a comfort zone is a beautiful place but nothing ever grows there”.  

Tá dearmad déanta agam ar cé chomh tuirsiúil is a bhíonn sé a bheith ag éisteacht le duine ag labhairt i dteanga nach dtuigeann tú, agus nuair a bhíonn tú ag éisteacht le beirt chainteoirí dúchais, tá sé mar a bheadh tóraíocht taisce ann focal a aimsiú anseo agus ansiúd. Tá dearmad déanta agam ar an bhfrustrachas a bhíonn ort nuair a iompaíonn an comhrá chugatsa agus ní féidir leat ceist shimplí a fhreagairt. Tá dearmad déanta agam ar an gcodladh mór a dhéanann tú tar éis an lae a chaitheamh i mbun ranganna teanga agus an tráthnóna a chaitheamh ag fánaíocht timpeall áit nach bhfaca riamh cheana.  

Mar a mhínigh an múinteoir dom inné, tá níos mó i gceist le teanga, go mór mór an Ghaeilge, ná abairtí curtha le chéile ar mhaithe le cumarsáid.  Is léiriú ar lucht a labhartha, ar an tír, agus ar chultúr áite í an teanga. Ní bhíonn gné amháin ann gan an ghné eile. 

Is iad na rudaí seo in éindí: stair mo mhuintir, mé féin, mo chaitheamh aimsire, an cultúr, muintir na háite, agus an tír í féin a spreagann mé leis an nGaeilge a fhoghlaim. 

Tá Éirinn Ní Dhuibhfhionn ag foghlaim na Gaeilge le Conradh na Gaeilge Hamburg agus i mbun cúrsa Gaeltachta faoi láthair. Is aistriúchán atá san alt thuas. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge