Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht

Muiris Ó Buaigh: iománaí roimh a am

Medb Ní Dhúláin

Ba bhliain thábhachtach í 1919 i stair na hÉireann – bhuail Dáil Éireann le chéile den chéad uair i dTeach an Ardmhéara agus thosaigh Cogadh na Saoirse idir Óglaigh na hÉireann agus fórsaí armtha na Breataine.

Bliain throm a bhí inti agus ní féidir a shéanadh go raibh éiginnteacht ar leith faoi thodhchaí na tíre, gan trácht ar thodhchaí na hoidhreachta agus ar thodhchaí an chultúir Ghaelaigh.

Nuair a bhí an cogadh ag dul in olcas sna bailte móra agus daoine fud fad na tíre ag déanamh a ndíchill maireachtáil lena linn, bhí muintir na hÉireann armáilte le gunnaí agus réidh le bheith ag troid ar son na cúise.

I sráidbhaile beag in iardheisceart Aontroma, áfach, chinntigh Corcaíoch amháin go mbeadh fir óga Bhaile Raghnaill armáilte le camáin den chéad uair agus an cogadh a bheadh acu ná an chéad chlub de chuid Chumann Lúthchleas Gael a bhunú sa cheantar.

Tháinig Muiris Ó Buaigh go Contae Aontroma ó Chionn tSáile, Co. Chorcaí, seacht mbliana roimhe sin le bheith ina fhoraoiseoir i gcoill Bhaile Raghnaill agus d’imir sé iománaíocht le Tír na nÓg i mBéal Feirste.

Ag an phointe sin, bhí Cumann Lúthchleas Gael go fóill ag streachailt le hathbheochan a spreagadh i measc na nGael i ndiaidh scoilt Pharnell agus, cé go raibh an-rath ar Thír na nÓg mar chlub ag tús an 20ú hAois, tháinig deireadh leis an chlub sa chathair go luath ina dhiaidh sin.

Nuair a theip orthu siúd i mBéal Feirste, thug Ó Buaigh cúpla camán leis go páirc sa Chnoc Bán i mBaile Raghnaill lá amháin i ndiaidh na hoibre le muintir na háite a mhealladh chun triail a bhaint as bunscileannaan an chluiche.

B’ionadaí é Muiris Ó Buaigh ar fhoireann Aontroma ag an am fosta agus is cosúil go raibh an-tionchar aige ar na fir óga in iardheisceart an chontae.

Tháinig grúpa le chéile go minic ina dhiaidh sin le bheith ag pocáil thart le chéile agus ba léir don Chorcach go raibh an-mhianach iontu mar iománaithe.

Go gairid ina dhiaidh sin, d’iarr Ó Buaigh ar an Athar Ó Conghaile a bhí ina shagart paróiste i mBaile Raghnaill ag an am, cruinniú a ghairm sa bhaile.

Ba é an aidhm a bhí aige ná fiosrú an mbeadh go leor suime ag an phobal foireann a chur le chéile agus a bheith ag imirt i gcraobh iománaíochta an chontae.

D’éirigh leo foireann a chur le chéile tar éis do na fir óga a bheith spreagtha i dtreo na hiománaíochta ag Ó Buaigh agus bunaíodh an chéad chlub CLG in iardheisceart Chontae Aontroma sa bhliain 1919.

Glacadh le Tír na nÓg mar ainm an chlub in ómós don fhoireann thréigthe sa chathair.

Imríodh an chéad chluiche i bPáirc Mhic Neachtain ar imeall an bhaile in éadan Ó Donnbháin Rossa Bhéal Feirste agus cé nach raibh an bua ag an fhoireann áitiúil, ba léir ón lá sin ar aghaidh go mbeadh an club mar chroílár an phobail.

Níos lú na bliain ina dhiaidh sin, d’imigh Muiris Ó Buaigh ó Bhaile Raghnaill ach mhair a oidhreacht sa dúiche agus tá Cumann Lúthchleas Gael de dhlúth agus d’inneach sa phobal ón am sin i leith.

Bhain Tír na nÓg craobhchomórtas iománaíochta i gContae Aontroma trí bliana i ndiaidh don chlub a bheith bunaithe, agus ní raibh ann sin ach an tús.

Sa bhliain 1926, bhog Muiris go Droichead Átha le bheith i gceannas ar mhuileann sábhadóireachta.

Bhí an tír ar anchaoi faoin am seo ach éirigh leis an Chorcaíoch saol iontach a chruthú dó féin agus dá chlann i gContae Lú – áit ar chaith sé an chuid eile dá shaol.

Ní raibh Ó Buaigh críochnaithe lena chuid oibre do Chumann Lúthchleas Gael, áfach, agus ba mhinic é ina réiteoir ar chluichí áitiúla.

Thuig sé na deacrachtaí a bhí ag réiteoirí na linne sin, go háirithe ó thaobh coinneáil ama de.

Dá bharr sin sa bhliain 1938, chruthaigh sé an Bogue Clock – clog leictreach a stop nuair a gortaíodh imreoir ar an pháirc agus a d’athosaigh nuair a thosaigh an imirt arís.

Gléas réabhlóideach a bhí ann agus tar éis dó a bheith seolta den chéad uair ag cluiche dúshláin i nDroichead Átha, chuaigh Muiris thart an tír leis an chlog agus bhí sé in úsáid ag cluichí móra ag leibheál idirchontae i gCill Airne, i Litir Ceanainn agus fiú ar fhod beannaithe Pháirc an Chrócaigh.

Cé gur chaith comhdháil CLG vóta in éadan an clog a úsáid go rialta mar chuid den chóras, ní féidir a shéanadh go raibh an ‘Bogue Clock’ ina fhréamhshamhail den chorás atá i bhfeidhm ag an Chumann na laetha seo.

Tá céad bliain de Thír na nÓg a cheiliúradh i mBaile Raghnaill i mbliana agus ní dhearnadh dearmad riamh ar bhunaitheoir an chlub.

Mar chuid den chomóradh, chuaigh baill an chlub go Droichead Átha chun ómós a thabhairt do Mhuiris Ó Buaigh. Thug siad cuairt ar uaigh an bhunaitheora agus beidh garpháistí Uí Bhuaigh i láthair ag mórócáid cheilúrtha an chlub an mhí seo chugainn.

Tá níos mó na ceithre chéad duine ag imirt don chlub anois ag gach leibheál agus i ngach cód – iománaíocht, camógaíocht, peil agus peil na mban.

Is rud é seo atá coitianta anois fud fad an cheantair agus is áit mhór iománanaíochta í go háirithe, a bhuí sin le fear áirithe amháin a ghlac an chéad chéim sin.

Is cinnte gur fhear roimh a am a bhí i Muiris Ó Buaigh agus níl aon dabht go bhfuil a thionchar ar Ghaeil óga iardheisceart Aontroma le feiceáil go fóill ar pháirceanna an Chnoic Bháin, céad bliain i ndiaidh dó camán agus sliotar a thabhairt den chéad uair chuig Tír na nÓg.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge