Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • ‘Onóir dom a bheith in Éirinn’ –séanta ag Trump gur ar mhaithe le poiblíocht dá ghalfchúrsa a tháinig
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘onoir-dom-a-bheith-in-eirinn’-–seanta-ag-trump-gur-ar-mhaithe-le-poibliocht-da-ghalfchursa-a-thainig

‘Onóir dom a bheith in Éirinn’ –séanta ag Trump gur ar mhaithe le poiblíocht dá ghalfchúrsa a tháinig

Shéan Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump tráthnóna gur ar mhaithe le “poiblíocht” a fháil dá óstán agus galfchúrsa sa Dún Beag i gcontae an Chláir a tháinig sé go hÉirinn.

Shéan Donald Trump chomh maith líomhaintí an Uachtaráin Mícheál D Ó hUigínn go raibh polasaí “díobhálach” ag Meiriceá i leith an athraithe aeráide a chuirfeadh ar gcúl seachas chun cinn an iarracht dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Tráthnóna inné cháin Uachtarán na hÉireann Mícheál D Ó hUigínn Meiriceá maidir lena bpolasaí timpeallachta, ach dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá tráthnóna sa tSionainn gurb amhlaidh gur i bhfeabhas a bhí cúrsaí comhshaoil ag dul ó toghadh é.

Dúirt Trump nár chuala sé an méid a bhí le rá ag Ó hUigínn ach mhaígh sé go raibh “curiarrachtaí” bainte amach ag a thír i gcúrsaí timpeallachta ó toghadh ina Uachtarán é agus gur ‘i nglaine’ a chuaigh an t-aer i Meiriceá ó shin.

Ní raibh i gceist na timpeallachta ach ceann amháin de scata ceisteanna a phléigh an tUachtarán Trump ag preasócáid ghairid a bhí aige féin agus an Taoiseach Leo Varadkar in Aerfort na Sionna tráthnóna.

Ba leis an bpreasócáid a chuir Donald Trump tús lena chéad chuairt ar Éirinn ó ceapadh é ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Dúirt sé chomh maith gurb í a bhraistint féin go mbeadh “bail iontach” ar Éirinn i ndiaidh an Bhreatimeachta agus nach mbeadh “aon fhadhb ar chor ar bith” le ceist na teorann.

Dúirt sé gur “onóir mhór” a bhí ann cuairt a thabhairt ar Éirinn seo agus go raibh an caidreamh idir Meiriceá agus an tír seo “chomh maith agus a bhí riamh, nó b’fhéidir níos fearr”.

Dúirt sé go raibh sé ag súil chomh maith an clár víosa E3 a thabhairt chun críche ar mhaithe leis na hÉireannaigh i Meiriceá “cairde” leis “a bhformhór”.

Chuir sé teorainn na hÉireann i gcomparáid le teorainn Stáit Aontaithe Mheiriceá le Meicsiceo ach thug sé le fios gurbh eol dó nach teorainn chrua a theastaigh in Éirinn.

Dúirt sé go gcaithfeadh sé “a admháil” go raibh ráta cáin chorparáide “an-íseal” ag Éirinn agus go raibh “an-obair” déanta chun í a choinneáil amhlaidh.

Nuair a cuireadh ceist air arbh amhlaidh go raibh cuairt neamhoifigiúil á tabhairt aige ar Éirinn chun poiblíocht a fháil dá ghnó anseo, dúirt Trump go raibh sé tábhachtach go dtiocfadh sé de bharr “an dea-chaidreamh” atá aige “le muintir na hÉireann” agus “an Príomh-Aire”.

Chuir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá tús tráthnóna lena chéad chuairt ar Éirinn ó ceapadh é ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá trí lá caite ag an Uachtarán ar chuairt oifigiúil ar Shasana.

Ba é Leo Varadkar a thug cuireadh do Trump cuairt a thabhairt ar Éirinn nuair a bheadh sé san Eoraip ag freastal ar imeachtaí i Sasana agus sa bhFrainc ag comóradh 75 bliain ó D-Day, nuair a rinne na comhghuaillithe a mbealach trasna Mhuir nIocht.

Bhí Uachtarán Mheiriceá i láthair inniu ag comóradh D-Day in Portsmouth Shasana sular thug sé a aghaidh ar an tSionainn mar ar chas sé leis an Taoiseach Leo Varadkar.

Rachaidh sé as sin go dtí a chúrsa gailf agus a óstán ar An Dún Beag mar a mbeidh dinnéar ar siúl ina onóir anocht.

I measc na n-ábhar a mheastar a phléifidh an bheirt cheannairí, tá an Breatimeacht, inimirce, cúrsaí trádála, tacaíocht na Stát Aontaithe do Thuaisceart Éireann, agus an clár víosa E3.

Cháin an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn polasaí timpeallachta Trump agus Mheiriceá aréir.

“Caithfimid an t-ullmhúchán a dhéanamh anois chun geilleagair na hEorpa a dhícharbónú go hiomlán faoin mbliain 2050, agus an chuid eile den domhan a spreagadh lenár sampla a leanúint.

“Ní mór SAM a ghríosú chomh láidir agus is féidir chun go n-athróidh siad a gcinneadh seanchaite agus díobhálach Comhaontú Pháras a fhágáil,” arsa Micheál D. Ó hUigínn, Uachtarán na hÉireann.

Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn chomh maith go raibh an baol ann go ndéanfaí na daoine atá i mbaol a n-eisiata as an tsochaí “a thréigean agus iad a fhágáil i ngreim ag lucht na seineafóibe, na homafóibe agus an chiníochais”.

Tá léirsithe eagraithe ar fud na hÉireann le linn cuairt phríobháideach dhá lá Uachtarán SAM.

Rinne Trump beag is fiú de na léirsithe a bhí ar siúl ina choinne i Sasana.

Ní raibh iontu ach ‘teip eagraithe’ a deir sé agus dúirt gur líonmhaire go mór na sluaite a chuir fáilte roimhe.

Sheol sé tvuít faoin scéal.

“Bhí chuile dhuine á rá liom go mbeadh léirsithe ‘ollmhóra’ i mo choinne sa Ríocht Aontaithe ach a mhalairt ar fad a tharla.

“Ag tacú leis na Stáit Aontaithe agus liomsa a bhí na sluaite móra, ar fuath leis na Meáin Thruaillithe iad a thaispeáint..

“Bhí na sluaite mór agus suáilceach, ní hionann agus na teipeanna eagraithe!”

Tá cúrsaí slándála an-dian i bhfeidhm ar fud na hÉireann de bharr na léirsithe.

Tuairiscíodh go mbeidh an balún mór buí (blimp) de Trump agus é ‘ina leanbh’ ar foluain os cionn Bhaile Átha Cliath mar a mbeidh an léirsiú is mó.

Ag an nGairdín Cuimhneacháin i gCearnóg Pharnell a bheidh a léirsiú náisiúnta ag an gcomhpháirtíocht a thugann ‘The Stop Trump Ireland’ orthu féin.

Beidh campa síochána ag Peacewatch ag aerfort na Sionainne fad a bheidh an tUachtarán sa tír seo.

Tuairiscítear go bhfuil súil ag Trump cluiche gailf a imirt san Dún Beag ar an Aoine sula bhfillfidh sé abhaile ar Mheiriceá.

Bhí turas á phleanáil ag an Uachtarán Trump ar Éirinn mí na Samhna seo caite ach cuireadh an chuairt sin ar ceal ar ‘chúiseanna oibríochta’.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge