Éist leis an Spota Dubh, Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais gach maidin Aoine. Bíonn agallaimh le haíonna ó shaol an spóirt. cómhrá agus neart eile acu ag plé scéalta spóirt na seachtaine. Bíonn an clár ar fáil ar iTunes agus ar Soundcloud chomh maith.
🏆 Fuair an podchraoladh seo an tríú háit i rannóg na Gaeilge ag Gradaim Podchraoltaí na hÉireann 2022
Tá Barbara agus Dónal ina chónaí i nGaillimh agus is maith leo a bheith ag caint faoi rothaíocht.
Tá Beo ar Éigean á chur i láthair ag Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ, Siún Ní Dhuinn, agus Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.
🏆 Thug mná Beo Ar Éigean an bonn óir leo i rannóg na Gaeilge ag Gradaim Podchraoltaí na hÉireann 2022.
Scéalta atá i mbéal an phobail á bplé ag réimse leathan laithreoirí. Béim faoi leith ar chúrsaí ó thuaidh.
Bluiríní Béaloidis is the podcast from The National Folklore Collection, University College Dublin, and is a platform to explore Irish and wider European folk tradition across an array of subject areas and topics.
Sa chéad phodchraoladh riamh ó TG4, caithfidh Micheál Ó Ciaraidh seal le gaeil aitheanta, Maitiú Ó Coimín, Clisare, Petrol Rose, Daniel Twomey, Jeaic O’Conghaile, Doireann Ní Ghlacáin agus Síomha Ní Ruairc.
Podchraoladh faoi chúrsaí siamsaíochta, cúrsaí reatha, an méid atá ar siúl inár shaol, pé rud is mian linn.
Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh.
Sraith Podchraoltaí ina mbeidh aoi ag caint le hÓgie Ó Céilleachair gach seachtain. Rithfidh an chéad sraith ar feadh sé seachtaine le aoi nua gach seachtain.
Podchraoladh faoi Chonradh na Gaeilge á chur i láthair ag Coimeádaí Chonradh na Gaeilge, Cuan Ó Seireadáin.
Is clár é Fada is Fairsing a tosaíodh ar Raidió na Life Mí Mheán Fómhair 2013. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó scéalta móra nuachta, go scéalta phobail na Gaeilge, le cúpla píosa ceoil dhomhanda anseo is ansiúd fosta.
🏆 Ainmnithe mar cheann de na cúig podchraolta Gaeilge is fearr i nGradam Phodchraoltaí na hÉireann 2022.
An phodcraoladh Ghaeilge don saol nua-aimseartha. Sa phodcraoladh seo beidh mé ag caint leis na ndaoine a bhfuil ag iarradh ár dteanga a tharraingt isteach sa chéad aois is fiche!
Grá Don Ghaeilge is a podcast created for Seachtain na Gaeilge le Energia 2021, with Ciarán Wadd and guests.
Podchraoladh a thugann mo léargas ar chúrsaí an tsaoil agus rudaí a mheallann mo shúil is m’áird.
I ndomhan dearmadta an Underground i Londain, éiríonn le hÉireannach gan dídean scata daoine a mharú, gan aird ar bith air, ná ar a choireanna. Seo fíorscéal coiriúil, sraith sé heagrán ar fad, ó RTÉ in Éirinn agus Third Ear sa Danmhairg. Is i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta atá an leagan dátheangach seo léirithe.
Podchraoladh dírithe ar litríocht na Gaeilge. Is féidir teacht ar gach leabhar Gaeilge i gcló ag www.litriocht.com
Ar chaill tú amach ar agallamh nó clár den scoth? Déantar gach iarracht agallaimh agus cláracha a chur ar fáil d’éisteoirí ar líne! Is féidir éisteacht le ‘Meon na mBan’ agus neart eile anseo.
With a crack team of the internet’s soundest Irish speakers, Darach will explore topics like differences between the Irish and English versions of the Constitution, silent letters, Gaeilge and technology, how new words get added to the dictionary and which old words have fallen out.
It’s an all slammer, no grammar half hour.
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Podchraoladh de chuid Chonradh na Gaeilge i Londain.
Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓg. Tabharfaidh an gang aghaidh ar mhórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla a bhaineann go mór leis an aos óg in Éirinn agus ar fud fad na cruinne. Beidh spraoi againn fosta ag plé an tsó agus an anró, uilig faoi anáil na heite clé agus na Gaeilge.
A podcast series examining and discussing the An Dream Dearg #AchtAnois campaign and other community led movements in our quest for cearta teanga agus cearta daonna. Glac páirt sa phlé. Take part in the discussion. #Dearg
Podchraoladh uaidh Met Éireann – an Seirbhís Náisúnta Meitéareolíochta na hÉireann. Sa phodchraoladh míosúil seo beidh muid ag plé gach rud faoin aimsir agus an aeráid.
Gaelgals ag plé gach rud faoin spéir trí mheán na Gaeilge; ceol faisean, spórt, smideadh, An Ghaeilge, ealaín, cúrsaí reatha & taisteal. Podchraoladh nua gach coicís ar an Déardaoin. Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá
Sraith podchraolta míosúil atá díríthe ar phobal na Gaeilge i gContae Chill Dara.
Ar chaill tú agallamh nó clár den scoth? Déantar gach iarracht agallaimh agus cláir a chur ar fáil d’éisteoirí ar líne!
Podchraoladh Ghaeilge Mhaigh Eo. Éist leis an ráiméis a thigeanns ó bhéal na n-óstach agus iad ag labhairt ar an nGaeilge agus ar chúrsaí na Gaeltachta go leathan.
Tá an bia ag croílár an tsaoil agus baineann sé le scéal agus saol an duine agus an phobail. Sa tsraith seo labhraíonn Doireann Breathnach le haíonna speisialta faoi na béilte is mó a d’fhág rian orthu, agus na scéalta a ghabhann leo.
🏆 Ainmnithe mar cheann de na cúig podchraolta Gaeilge is fearr i nGradam Phodchraoltaí na hÉireann 2022.
Ar ‘Seal le Seán’, téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie.
Sa tsraith podchraoltaí seo, craolfar saothair a bhfuil duaiseanna liteartha bronnta ag an Oireachtas orthu thar na mblianta, ina measc, prós, filíocht, gearrscéalta, drámaíocht agus eile.
Lón machnamh don té gur mhaith leis feabhas a chur ar a shaol. Is agat féin atá an cumhacht spriocanna an tsaoil a leagan amach agus a bhaint amach.
Bígí linn agus muid i mbun cainte faoi na scéalta is mó i mbéal an phobail! Ceol, craic, comhrá agus ar ndóigh, tae le hEmma, Niall agus Aodhán.
Is sraith nua í Teachtaireachtaí a thugann ardán do chruthaitheacht phobal na Gaeilge, le scríbhneoireacht, ceol agus filíocht féin-taifeadta. Agus guthanna ilchineálacha le cloisteáil sna cláir; idir chruthaitheoirí a bhfuil seantaithí acu agus iadsan atá ag cruthú ábhair den chéad uair anseo, is sraith í seo a léiríonn an tallann agus an tsamhlaíocht atá ann sa phobal.
🏆 Fuair an podchraoladh seo an dara háit i rannóg na Gaeilge ag Gradaim Podchraoltaí na hÉireann 2022.
📧 Cuir scéal chugainn má tá cinn ar eolas agat nach bhfuil ar an liosta seo!.