Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • ‘Samhlaigh, nuair a rugadh mé bhí sé in éadan an dlí a bheith aerach’ – na Gaeil atá ag glacadh páirte i Pride
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘samhlaigh,-nuair-a-rugadh-me-bhi-se-in-eadan-an-dli-a-bheith-aerach’-–-na-gaeil-ata-ag-glacadh-pairte-i-pride

‘Samhlaigh, nuair a rugadh mé bhí sé in éadan an dlí a bheith aerach’ – na Gaeil atá ag glacadh páirte i Pride

Méabh Ní Chualáin, aisteoir

Chuaigh mé chuig Pride don chéad uair riamh i Londain in 2015 agus tá na mothúcháin a bhí agam an lá sin fós chomh gar do mo chroí. Tá sé deacair cur síos a dhéanamh ar na mothúcháin sin, ach ar bhealach mhothaigh mé go raibh an oiread sonais agus grá san aer, do chuile dhuine, ba chuma cén scéal a bhí acu. Bhí chuile dhuine chomh cineálta agus bhí draíocht dhearfach san aer. Ó shin, d’fhreastail mé ar Pride i mBaile Átha Cliath (áit ar chas mé ar Panti Bliss – nach mé a bhí sásta) agus téim chuig Pride in Brighton chuile bhliain. Táim ag súil go mór leis an mórshiúil a bheas i Londain ar an séú lá de mhí Iúil chomh maith. Is tréimhse an-tábhachtach mí Pride, go háirithe dóibh siúd atá ag teacht amach den chéad uair. Bíonn an tréimhse sin an-deacair ar go leor daoine agus tá sé iontach go bhfuil an deis ann saghas faoisimh a fháil ó na deacrachtaí a bhaineann leis an bpróiseas sin agus ceiliúradh a dhéanamh ar na difríochtaí uilig atá eadrainn mar dhaoine, fiú más aon lá amháin féin atá ann.

Ciara Ní É, scríbhneoir agus tionchaire ar líne

Chuala mé an jóc seo le déanaí faoi dhaoine aiteacha agus mar a athraíonn siad agus iad ag dul in aois: ‘Nuair a bhí mé i mo pháiste, dhéanainn mo dhícheall mo ghnéasacht a cheilt ionas nach dtuigfeadh éinne go raibh mé aiteach. Anois agus mé níos sine, déanaim mo dhícheall mo ghnéasacht a léiriú ionas go dtuigfidh gach duine láithreach go bhfuil mé aiteach!’ Tá féile Pride tábhachtach domsa ar dtús toisc gur ceiliúradh é i measc an phobail bhríomhair LADT . Do roinnt den phobal, is ag ceiliúradh an athraithe sin atáimid, gur thángamar amach, agus anois go bhfuilimid ag maireachtáil gan an bhuairt sin a bhíodh dár gcrá agus muid faoi cheilt. Mar aon leis sin, bíonn cairde, clanna, agus comhghleacaithe ag ceiliúradh in éineacht leis an bpobal LADT , agus meabhraíonn sé dom go dtacaíonn siad linn, go dtuigeann siad sinn, agus go bhfuil fáilte romhainn!

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Pat Carey, iar-aire Gaeltachta

Tugann féile Pride seans don phobal i gcoitinne ceiliúradh a dhéanamh le daoine cosúil liom féin; daoine aeracha a bhí eaglach go leor go dtí blianta beaga ó shin faoina bheith aerach go poiblí. Anois tá aitheantas á thabhairt don ócáid ag beagnach gach eagraíocht. Táim beagán buartha go bhfuil beagnach gach comhlacht mór ag teacht i dtír ar an bhféile seo. Cuirim fáilte rompu ach bheinn ag impí orthu polasaithe a chur i gcrích ina n-eagrais féin a thabharfadh aitheantas agus spás do dhaoine aeracha a saol a chaitheamh mar ba mhian leo. Bíonn féile Pride á ceiliúradh i rith mhí an Mheithimh thart ar mhór-roinn na hEorpa, ó Bheirlín go Londain, agus áiteanna beaga ar nós Oileán Mhanann. Tá féilte Pride i mbeagnach gach baile sa tír agus cuirim fáilte roimhe sin. Níor tháinig mise amach go hoifigiúil go dtí 2013. Nuair a bhíos i m’aire idir 2007-2011 bhí baint agam le Pride. Is éard a bhí i gceist an t-am sin ná aitheantas a thabhairt don phobal aerach agus cearta daonna a thabhairt dóibh. Ceiliúradh mór is ea é na laethanta seo. Níl gach ceart bainte amach againn go fóill ach ceapaim go bhfuilimid ag teacht gar go ceann scríbe. Bheinn sásta faoin méid atá bainte amach againn. Táimid, daoine aeracha níos compordaí ionainn féin agus os comhair an phobail anseo in Éirinn.

Conall Mac Corraidh, oibrí pobail

Nuair a bhí mise óg agus ag fás aníos i mBaile Andarsan in iarthar Bhéal Feirste, ba ráiteas ann féin é a bheith ag dul chuig Pride. Lá a bhí ann do dhaoine aeracha, mar mise. Mhothaigh tú go raibh Béal Feirste, ar feadh lae amháin ar aon nós, sábháilte don duine aerach agus go dtiocfadh leat dul thart lámh ar lámh le buachaill nó cailín s’agat. Bhí mé thart ar 18 bliain d’aois nuair a d’fhreastail mé ar mo chéad Fhéile Pride i mBéal Feirste. Na laethanta sin, bhíodh sí ar siúl in Writer’s Square i lár na cathrach. Is cuimhin liom nach raibh beár ann agus go raibh cead agat do dheoch féin a thabhairt isteach. Féile phobail a bhí ann. D’athraigh Pride ó shin. Cuireann an taobh corparáideach isteach orm. Deis í anois airgead a dhéanamh seachas agóid. Thiocfadh leat a rá go bhfuil teachtaireacht bhunaidh na féile caillte. Níl inti ach sop in áit na scuaibe anois. Tá mealladh an óil ann i measc daoine óga chomh maith, ní hamháin daoine óga aeracha ach daoine óga ar mian leo an lá a chaitheamh ar an ól. Gach bliain bíonn díospóireacht ar na meáin faoi cé acu an agóid nó ceiliúradh atá san fhéile agus creidim go mór gur agóid atá ann. Tá muid go fóill ag troid ar son cearta s’againn. 

Seán Ó Baoill, aisteoir agus físiriseoir

Féile thar a bheith tábhachtach í Pride i mo bharúilse. Ach nuair a bhí mé sna luathfhichidí, ní raibh mórán dúil agam inti. Ní raibh mé ag iarraidh a bheith páirteach inti nó a dhath ar bith. Is dóigh nach raibh mé sásta ionam féin agus nach raibh mé in ann glacadh liom féin mar atá mé anois. Tá mé ag dul chuig féile Pride i mBéal Feirste le traidhfil blianta anuas, ag obair ansin nó páirteach sa mhórshiúl. An rud is mó a thógann mo chroí ná a bheith ag amharc ar dhaoine óga agus ar theaghlaigh a bhfuil páistí beaga acu atá ag glacadh páirte ann. Smaoiním ormsa ag an aois sin agus an oiread dul chun cinn atá déanta. Samhlaigh nuair a rugadh mé, bhí sé in éadan an dlí a bheith aerach. Ag amharc ar Pride, an fhéile mar atá sí inniu, is ceiliúradh mór atá inti. Ba cheart go mbeadh daoine amuigh agus in ann iad féin a chur in iúl trí dhamhsa, ceol nó cibé dóigh ar mhaith leo ach níl mé ag iarraidh go gcaillfidh muid an bhunchloch nó an cuspóir sin ar ar bunaíodh Pride. Go háirithe i mbliana agus muid ag comóradh 50 bliain ó chíréibeacha Stonewall, tús an ghluaiseachta ar son cearta don phobal LADT. Ná déanaimis dearmad ar na fir agus na mná a throid ar ár son sa dóigh is go bhfuil cearta againn inniu i bPoblacht na hÉireann. I dtaobh na gcomhlachtaí móra, amhail Facebook agus YouTube, tá sé ríthábhachtach go dtacaíonn siad leis an fhéile agus go léiríonn siad dá gcuid fostaithe go gcreideann siad i gcothrom na Féinne. Tá seans go bhfuil neamhaird á déanamh ar na grúpaí a bhíonn ag glacadh páirt sa mhórshiúl a bhíonn ag iarraidh aird a tharraingt ar phobal an LADT ar fud an domhain atá go fóill faoi chois, i dtíortha macasamhail na Seoirsia agus na Seisnia sa Rúis agus tíortha san Afraic.

Bíonn na grúpaí sin caillte idir na flótaí móra. Anseo in Éirinn, tá go leor dul chun cinn déanta. Tá sé iontach go bhfuil comhionannas pósta ann ach an bhfuil comhionannas ó thaobh na gceart ann? Ní dóigh liom é. Bíonn go leor eachtraí homafóbacha go fóill ag tarlú sna scoileanna agus nuair a bhíonn daoine amuigh go sóisialta. Ní thig le lánúin aerach páistí a uchtú. Tá dream amháin den LADT, an pobal trasinscneach a bhfuil neamart á dhéanamh orthu. Bhí a fhios agamsa go raibh mé aerach nuair a bhí mé 13 bliain d’aois. Shíl mé go raibh rud éigin contráilte liom. Tá go leor daoine óga trasinscneacha ag fás aníos sa lá inniu ar an dóigh chéanna.

Níos mó

Méabh Ní Thuathaláin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge